Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2091 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí tiúbar den speiceas Solanum tuberosum L le haghaidh plandú (prátaí síl), a n-úsáid i dTuaisceart Éireann, agus foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí le haghaidh prátaí síl (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/2091@2023-09-28/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Ceanglais maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí prátaí síl agus a n-úsáid i dTuaisceart Éireann
- (b)
- (c)
- Airteagal 3 Ceanglais maidir leis an lipéad sláinte plandaí agus foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí
- 1.
- Airteagal 4 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
- ANNEX
- grp_1 A.
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe Airteagail 11(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le, inter alia, teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí tiúbar den speiceas Solanum tuberosum L le haghaidh plandú (prátaí síl) lena gcur ar an margadh.
(2) Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2023/1231 go mbeidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí prátaí síl lena gcur ar an margadh faoi réir rialacha sonracha agus ceanglais maidir le lipéadú sláinte plandaí, faoi réir chomhlíonadh coinníollacha áirithe, lena n-áirítear ráthaíochtaí i scríbhinn atá le soláthar ag an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (f), den Rialachán sin.
(3) Leis na ráthaíochtaí i scríbhinn, tugtar dearbhú go bhfuil próiseas clárúcháin agus údaraithe oibreoirí gairmiúla i bhfeidhm, lena n-áirítear nósanna imeachta oifigiúla chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1231 a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh, agus go ndéantar rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí prátaí síl ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go ndéanfar rialuithe oifigiúla agus bearta faireachais oifigiúla lena gcumhdaítear gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ó Shaoráidí Iniúchta SPS an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann go dtí a gceann scríbe i dTuaisceart Éireann chun a áirithiú nach ndéanfar na coinsíneachtaí sin a bhogadh ina dhiaidh sin chuig Ballstát.
(4) Sna litreacha ón Ríocht Aontaithe dar dátaí an 4, 11 agus 15 Meán Fómhair 2023, luaitear go bhfuil próiseas údaraithe agus clárúcháin oibreoirí gairmiúla i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann agus i dTuaisceart Éireann i bhfeidhm, agus go ndéanfar na nósanna imeachta oifigiúla chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí sin Rialachán (AE) 2023/1231 agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme faoin 1 Deireadh Fómhair 2023.
(5) Sna litreacha ón Ríocht Aontaithe dar dátaí an 4, 11 agus 15 Meán Fómhair 2023, luaitear freisin go gcomhlíonfaidh Saoráidí Iniúchta SPS an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1231 faoin 1 Deireadh Fómhair 2023 agus go ndéanfar rialuithe oifigiúla ar na coinsíneachtaí sin ag Saoráidí Iniúchta SPS i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.
(6) Sna litreacha ón Ríocht Aontaithe dar dáta an 4 Meán Fómhair 2023, luaitear freisin go ndéanfar rialuithe oifigiúla agus bearta faireachais ón 1 Deireadh Fómhair 2023 lena gcumhdófar gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ó Shaoráidí Iniúchta SPS an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann chuig a gceann scríbe i dTuaisceart Éireann.
(7) I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/1231, rinne seirbhísí an Choimisiúin rialú de chuid an Choimisiúin i dTuaisceart Éireann ón 11 go dtí an 14 Meán Fómhair 2023 lena fhíorú an gcomhlíonann na Saoráidí Iniúchta SPS i dTuaisceart Éireann na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1231. I dtuarascáil an 15 Meán Fómhair 2023 a tarraingíodh suas tar éis an rialaithe sin de chuid an Choimisiúin, luaitear go gcomhlíonann Saoráidí Iniúchta SPS Chalafort Bhéal Feirste, Chalafort Latharna agus Chalafort an Phointe na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1231.
(8) Ós rud é gur sholáthair an Ríocht Aontaithe na ráthaíochtaí i scríbhinn is gá agus a cheanglaítear le hAirteagal 11(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2023/1231 sna litreacha uaithi dar dátaí an 4, 11 agus 15 Meán Fómhair 2023, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na ceanglais maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí prátaí síl agus a n-úsáid i dTuaisceart Éireann, agus maidir le foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí is gá a bheith ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, dá dtagraítear in Airteagal 11(3) den Rialachán sin.
(9) Chun an t-uasleibhéal sláinte plandaí ar oileán na hÉireann ar féidir a bhaint amach a áirithiú, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an lipéad sláinte plandaí do gach coinsíneacht prátaí síl, maidir le clárú agus iniúchadh ar láithreáin táirgthe na bprátaí síl i dTuaisceart Éireann, maidir le hiniúchadh ar na prátaí síl agus ar láithreáin táirgthe na bprátaí sin i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann, agus maidir le tuairisciú bliantúil ar chainníochtaí na bprátaí síl a tháinig isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe.
(10) An lipéad sláinte plandaí a úsáidfear chun prátaí síl a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann agus chun prátaí síl a úsáid i dTuaisceart Éireann, ba cheart na heilimintí uile is gá lena sainaithint agus lena n-inrianaitheacht a léiriú air. Go háirithe, ba cheart go sonrófaí ar an lipéad sláinte plandaí ainm luibheolaíoch na bprátaí síl, uimhir chlárúcháin an oibreora ghairmiúil lena mbaineann, agus cód inrianaitheachta na bprátaí síl. Ba cheart tagairt don reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais a chur ar an lipéad sláinte plandaí freisin.
(11) Ba cheart formáid an lipéid sláinte plandaí a chaighdeánú chun a infheictheacht a áirithiú agus chun é a dhéanamh éagsúil ó lipéid eile a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis na hearraí lena mbaineann. Chun trédhearcacht a áirithiú agus chun faisnéis iomchuí a thabhairt do tháirgeoirí agus d’úsáideoirí, ba cheart na tásca NI plant health label agus for use in the United Kingdom only a bheith ar an lipéad sláinte plandaí.
(12) Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.
(13) Luaitear sna ráthaíochtaí i scríbhinn arna soláthar ag an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfar na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2023/1231 ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint.
(14) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na ceanglais maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí prátaí síl agus a n-úsáid i dTuaisceart Éireann, agus maidir le foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí is gá a bheith ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2023/1231.
Airteagal 2 Ceanglais maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí prátaí síl agus a n-úsáid i dTuaisceart Éireann
Maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí prátaí síl agus a n-úsáid i dTuaisceart Éireann, beidh sé faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha uile seo a leanas:
(a) tá na prátaí síl beartaithe d’oibreoirí gairmiúla cláraithe i dTuaisceart Éireann;
(b) tagann na prátaí síl ó chodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann, ar láithreáin táirgthe iad a ndearnadh iniúchadh oifigiúil orthu agus a fuarthas amach go gcomhlíonann siad ceanglais an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:
(b)
(i) Lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais (RNQPanna), dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 32(1) agus 37(2) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(ii) lotnaidí atá faoi réir bhearta an Aontais a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;
(c) tá iniúchadh oifigiúil déanta ar na prátaí síl i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann, ag na láithreáin táirgthe nó ag na saoráidí pacáistithe, agus fuarthas amach go gcomhlíonann siad ceanglais an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:
(c)
(i) lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus RNQPanna dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 32(1) agus 37(2) de Rialachán (AE) 2016/2031;
(ii) lotnaidí atá faoi réir bhearta an Aontais a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;
(d) tar éis a dteacht isteach i dTuaisceart Éireann, ní fhásfar na prátaí síl ach amháin i láithreáin táirgthe i dTuaisceart Éireann, atá cláraithe chun na críche sin ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe;
(e) tar éis a dteacht isteach i dTuaisceart Éireann, beidh na prátaí síl, mar aon leis na plandaí a fhástar astu, faoi réir iniúchtaí oifigiúla bliantúla ina láithreáin táirgthe i dTuaisceart Éireann chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Aontais maidir le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus RNQPanna dá dtagraítear in Airteagal 5(2), Airteagal 32(1) agus Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, agus maidir le lotnaidí atá faoi réir bhearta an Aontais a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin;
(f) déanfaidh an Ríocht Aontaithe cainníochtaí na bprátaí síl a tháinig isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus torthaí na n-iniúchtaí dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (e) a thuairisciú don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain maidir leis an teacht isteach a dhéantar idir an 1 Bealtaine de bhliain n-1 agus an 30 Aibreán den bhliain n;
(g) le teacht isteach na gcoinsíneachtaí i dTuaisceart Éireann, comhlíonfar na rialacha is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625.
Airteagal 3 Ceanglais maidir leis an lipéad sláinte plandaí agus foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí
1. Beidh na heilimintí seo a leanas ar an lipéad sláinte plandaí le haghaidh coinsíneachtaí prátaí síl dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1231:
1.
(a) ar bharr an lipéid sláinte plandaí, na focail NI plant health label;
(b) an litir A., agus ina dhiaidh sin, ainm luibheolaíoch na bprátaí síl;
(c) an litir B., agus ina dhiaidh sin, uimhir chlárúcháin an oibreora ghairmiúil;
(d) an litir C., agus ina dhiaidh sin, cód inrianaitheachta na bprátaí síl;
(e) an litir D., agus ina dhiaidh sin:
(e)
(i) cód QR ina dtagraítear do leathanach ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, ar leathanach é a bhaineann leis an oibreoir gairmiúil a fhaigheann coinsíneachtaí prátaí síl agus lena gcuirtear an t-oibreoir gairmiúil sin ar an eolas faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus tagairt shainráite do Rialachán (AE) 2023/1231 agus don Rialachán seo; nó
(ii) an tásc complies with Article 11 of Regulation (EU) 2023/1231;
(f) ag bun an lipéid sláinte plandaí, na focail for use in the United Kingdom only.
2. Comhlíonfaidh an lipéad sláinte plandaí do choinsíneachtaí prátaí síl an fhoirm shamplach a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 4 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
(bratach na Ríochta Aontaithe) NI plant health label For use in the United Kingdom only
IARSCRÍBHINN Foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí le haghaidh coinsíneachtaí prátaí síl dá dtagraítear in Airteagal 3
grp_1 A.
xxx
B.
xxx
C.
xxx
D.
xxx