Rialachán (AE) 2023/331 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena leasaítear rialacháin áirithe ón gComhairle maidir le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/331@2023-02-14/ga
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá an tAontas Eorpach in ann bearta sriantacha a fhorchur, lena n-áirítear reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe. Le rialacháin ón gComhairle, tugtar éifeacht do na bearta den sórt sin.
(2) An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2664 (2022). Tugtar isteach le mír 1 den Rún sin díolúine ó na smachtbhannaí i bhfoirm reo acmhainní arna fhorchur ag an gComhairle Slándála nó ag a Coistí Smachtbhannaí le haghaidh cabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le riachtanais bhunúsacha an duine, díolúine is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe. Chun críocha an Rialacháin seo, tugtar an díolúine dhaonnúil ar mhír 1 de Rún 2664 (2022).
(3) An 14 Feabhra 2023, ghlac an Comhairle Cinneadh (CBES) 2023/338 chun éifeacht a thabhairt do Rún 2664 (2022) i ndlí an Aontais.
(4) Cuirtear i bhfios go láidir i Rún 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin roimhe sin, go bhfuil an díolúine dhaonnúil chun na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorshuíomh a mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le Rún 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de Rún 2615 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe fós i bhfeidhm.
(5) Iarrtar le Rún 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnacha chun fabhrú aon sochair a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar díreach nó indíreach nó atreorú, chuig daoine aonair nó eintitis a liostaítear faoin Rialachán ábhartha, lena n-áirítear trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí a neartú.
(6) Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.
(7) Ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1210/2003, (AE) Uimh. 305/2006, (AE) Uimh. 356/2010, (AE) Uimh. 224/2014, (AE) Uimh. 1352/2014, agus (AE) 2022/2309 ón gComhairle a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle mar a leanas:
Airteagal 1
(1) In Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis: .
(1)
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
4.
(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó
(f) gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.
(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:
(2)
Airteagal 7
1. Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí, arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall, go díreach nó go hindíreach, ar Airteagal 4(1) go (3) nó na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 a chur chun cinn.
2. Aon fhaisnéis lena léirítear go bhfuiltear ag dul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo, nó go ndeachthas timpeall orthu, cuirfear í in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V, agus, go díreach nó trí na húdaráis inniúla sin, don Choimisiún..
Airteagal 2 In Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 305/2006 ón gComhairle, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Airteagal 2
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
4.
(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó
(f) gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí..
Airteagal 3 I Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
Airteagal 3
Airteagal 4
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
1.
(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó
(f) gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.
2. Ní bheidh dliteanas d’aon chineál ar thaobh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a chuir cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar fáil mar thoradh ar an díolúine a leagtar amach i mír 1, i gcás nach raibh a fhios acu, nó nach raibh aon chúis réasúnach amhrais acu, nach gcumhdófaí a ngníomhaíochtaí leis an díolúine sin..
Airteagal 4 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle mar a leanas:
Airteagal 4
(1) In Airteagal 5, cuirtear an mír seo a leanas leis:
(1)
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
4.
(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó
(f) gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.
(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:
(2)
Airteagal 12 Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2, 5(1) agus 5(2)..
Airteagal 5 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle mar a leanas:
Airteagal 5
(1) In Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
(1)
3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
3.
(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó
(f) gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.
(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a: .
(2)
Airteagal 3a
1. De mhaolú ar Airteagail 1a agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, agus ar choinníoll gur chinn an Coiste Smachtbhannaí ar bhonn cás ar chás go bhfuil gá le maolú chun obair na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí daonnúla eile in Éimin a éascú nó chun aon chríche eile i gcomhréir le cuspóirí UNSCR 2140 (2014) agus UNSCR 2216 (2015), an méid seo a leanas a údarú:
1.
(a) cúnamh teicniúil, maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a thuairiscítear in Airteagal 1a a sholáthar;
(b) cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil.
2. Tá mír 1(b) gan dochar d’Airteagal 2(3).
(3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
(3)
Airteagal 10 Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus 2(2)..
Airteagal 6 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2309 ón gComhairle:
Airteagal 6
Airteagal 5 Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
Airteagal 5
(a) na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
(d) eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
(e) fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó
(f) gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí..
Airteagal 7 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán E. Svantesson