Gelex

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/409 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-11-18from 2023-03-16
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/409@2022-11-18/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, agus go háirithe Airteagal 42(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh, agus aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ón 16 Iúil 2022 ar aghaidh.

(2) I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, maidir le leasachán neamhorgánach macrachothaitheach soladach aonábhair arb é cailciam an t-aon mhacrachothaitheach a bhfuil sé dearbhaithe é a bheith ann, tá ar a laghad 12 % de réir maise cailciam le bheith ann a shloinntear mar ocsaíd chailciam.

(3) Le Rialachán (AE) 2020/1666 ón gCoimisiún leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 trí chailciam crágach d’aigéad imínidéshucsanach (Ca-IDHA) a thabhairt isteach mar chineál nua leasachán CE. Is é 9 % ocsaíd chailciam an íoschainníocht cothaitheach sa leasachán sin.

(4) Is leasachán é CA-IDHA a sholáthraíonn an macrachothaitheach cailciam do phlandaí. Agus measúnú á dhéanamh ar na coinníollacha lena n-áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, fuarthas amach go bhfuil leasacháin CE den chineál sin éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de. Ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú chun an fhorbairt theicniúil a tharlaíonn tar éis a ghlactha a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, ba cheart an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair a ísliú ó 12 % go 9 %. Dá n-ísleofaí an íoschainníocht ocsaíde cailciam, thabharfaí isteach an cineál sin leasacháin i raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú agus, ar an gcaoi sin, d’éascófaí a shaorghluaiseacht sa mhargadh aonair. Tá an t-oiriúnú sin nasctha le critéir éifeachtúlachta agranamaíche na leasachán, agus ní laghdaítear leis na caighdeáin arda maidir le sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009.

(5) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 I gCuid II, in PFC 1(C)(I)(a)(i), pointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

Airteagal 1

(e) 9 % de réir maise d’ocsaíd chailciam iomlán (CaO),.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2022-11-18