Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/452 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, (Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/452@2023-02-24/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, agus go háirithe Airteagal 30(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gearmáine an 30 Lúnasa 2018 maidir le clárú Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste mar thásc geografach.
(2) Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.
(3) Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787.
(4) I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún.
(5) Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste a chlárú mar thásc geografach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Tá an tásc geografach Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste cláraithe anois. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/787, deonaítear leis an Rialachán seo í don tásc geografach Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún