Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/58 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena n-údaraítear foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/58@2023-01-05/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852r/2001 ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
(2) De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.
(3) An 7 Eanáir 2018, rinne an chuideachta Ynsect NL B.V. (ar a dtugtaí Proti-Farm Holding NV roimhe seo) (an t-iarratasóir) iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí foirmeacha reoite, leafaois (meilte), triomaithe agus púdair (meilte) de larbhaí Alphitobius diaperinus mar chomhábhar bia i roinnt táirgí bia don phobal i gcoitinne, agus i bhfoirm púdair i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don phobal fásta.
(4) Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiún ar chosaint sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin sonraí anailíseacha maidir le comhdhéanamh an bhia núíosaigh, na staidéir chobhsaíochta ar an mbia núíosach, an staidéar in vitro ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, agus an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach (90 lá).
(5) An 17 Iúil 2018, d’iarr an Coimisiún ar Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) measúnú a dhéanamh ar fhoirmeacha reoite agus reothriomaithe de na larbhaí Alphitobius diaperinus mar bhia núíosach.
(6) An 26 Aibreán 2022, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le Safety of frozen and freeze-dried formulations of the lesser mealworm (Alphitobius diaperinus larvae) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht foirmlithe reoite agus reothriomaithe den mhinphéist bheag (larbhaí Alphitobius diaperinus) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.
(7) Ina thuairim eolaíoch, chinn an tÚdarás go bhfuil foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus sábháilte faoi na coinníollacha úsáide agus ag na leibhéil úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí, i gcás na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus faoi na coinníollacha úsáide measúnaithe, go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.
(8) Sa tuairim eolaíoch sin, chinn an tÚdarás freisin, ar bhonn na fianaise teoranta atá foilsithe maidir le hailléirgí bia a bhaineann le feithidí, go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh a bheith ina chúis le híogrú phríomha agus le frithghníomhuithe ailléirgeacha le próitéiní minphéisteanna beaga. Mhol an tÚdarás go ndéanfaí tuilleadh taighde ar ailléirgineacht na larbhaí Alphitobius diaperinus.
(9) Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag déanamh scrúdú faoi láthair ar bhealaí chun an taighde riachtanach a dhéanamh maidir le hailléirgineacht larbhaí Alphitobius diaperinus. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí arna nginiúint leis an taighde sin, agus ós rud é, go dtí seo, gur neamhchonclúideach í an fhianaise a nascann caitheamh larbhaí Alphitobius diaperinus go díreach le cásanna d’íogrú príomha agus d’ailléirgí, measann an Coimisiún nár cheart aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhféadfadh larbhaí Alphitobius diaperinus a bheith ina chúis le híogrú príomha, measann an Coimisiún nár cheart aon ceanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.
(10) Ina thuairim eolaíoch, mheas an tÚdarás freisin go bhféadfadh caitheamh larbhaí Alphitobius diaperinus a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás daoine atá ailléirgeach le crústaigh agus le fíneoga deannaigh. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach sa chás go mbeadh na hailléirginí céanna sa tsubstráit lena mbeathaítear na feithidí. Dá bhrí sin, maidir le foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus iontu féin agus bianna a bhfuil siad iontu, is iomchuí na táirgí sin a lipéadú go hiomchuí de réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283.
(11) Níor cheart do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois na forbhianna ina bhfuil Alphitobius diaperinus a thomhailt agus, dá bhrí sin, ba cheart ceanglas maidir le lipéadú a sholáthar chun na tomhaltóirí a chur ar an eolas go cuí faoi sin.
(12) Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí anailíseacha maidir le comhdhéanamh an bhia núíosaigh, na staidéir chobhsaíochta ar an mbia núíosach, an staidéar in vitro ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, agus an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach 90 lá a chuir an t-iarratasóir isteach, agus nach bhféadfadh an tÚdarás measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach agus a chonclúid a bhaint amach dá n-uireasa.
(13) D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.
(14) Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, ceart dílseánaigh eisiach aige ar na sonraí eolaíocha ó na staidéir sin.
(15) Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha acu gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí eolaíocha maidir le comhdhéanamh an bhia núíosaigh, na staidéir chobhsaíochta ar an mbia núíosach, an staidéar in vitro ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, agus an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach 90 lá a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(16) Mar sin féin, i dtaca le srianadh údarú foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus, agus leis an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh seo iarratas a chur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.
(17) Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.
(18) Ba cheart na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.
(19) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) lena gcur ar an margadh laistigh den Aontas. Ba cheart na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2 Ní údaraítear ach an chuideachta Ynsect NL B.V. an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú Ynsect NL B.V.
Airteagal 3 Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú Ynsect NL B.V.
Airteagal 4 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach: Bia núíosach údaraithe Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú Ceanglais eile Cosaint sonraí Foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) Catagóir bia shonraithe Uasleibhéil (g/100g) Údaraithe an 26.1.2023. Is ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe. Iarratasóir: Ynsect NL B.V, Harderwijkerweg 141B, 3852 AB Ermelo, an Ísiltír. Is é Ynsect NL B.V. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt do na sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Ynsect NL B.V. Dáta deiridh na cosanta sonraí: 26.1.2028.” Barraí gránaigh 25 (i bhfoirm thriomaithe) 25 (i bhfoirm púdair) Arán agus rollaí 20 (i bhfoirm púdair) Gránaigh phróiseáilte agus gránaigh bhricfeasta 10 (i bhfoirm thriomaithe) 10 (i bhfoirm púdair) Leite 15 (i bhfoirm púdair) Réamh-mheascáin (thirime) le haghaidh táirgí bácáilte 10 (i bhfoirm púdair) Táirgí pasta-bhunaithe triomaithe 10 (i bhfoirm púdair) Táirgí pasta-bhunaithe stuáilte 28 (i bhfoirm reoite nó leafaois) 10 (i bhfoirm púdair) Púdar meidhg 35 (i bhfoirm púdair) Anraithí 15 (i bhfoirm púdair) Miasa gránachbhunaithe, pasta-bhunaithe 5 (i bhfoirm púdair) Miasa píotsa-bhunaithe 5 (i bhfoirm thriomaithe) 5 (i bhfoirm púdair) Núdail 10 (i bhfoirm púdair) Sneaiceanna seachas brioscáin 10 (i bhfoirm thriomaithe) 10 (i bhfoirm púdair) Brioscáin 10 (i bhfoirm púdair) Craicir agus cipíní aráin 10 (i bhfoirm púdair) Im piseanna talún 15 (i bhfoirm púdair) Ceapaire neamh-mhilis réidh le hithe 20 (i bhfoirm púdair) Ullmhóidí feola 14 (i bhfoirm reoite nó leafaois) 5 (i bhfoirm púdair) Analóga feola 40 (i bhfoirm reoite nó leafaois) 15 (i bhfoirm púdair) Analóga bainne agus déiríochta 10 (i bhfoirm púdair) Milseogra seacláide 5 (i bhfoirm púdair) Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE le haghaidh daoine fásta 4 g/lá (i bhfoirm púdair)
(1)
1. Is é Larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) reoite/leafaois nó Larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) triomaithe/púdair ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu, ag brath ar an bhfoirm a úsáidtear.
2. Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil an bia núíosach, beidh ráiteas air nár cheart do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois na forbhianna sin a thomhailt.
3. Ar lipéadú na mbia-earraí ina bhfuil foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe nó púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) beidh ráiteas a déarfaidh go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina cúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh agus le táirgí díobh, agus le fíneoga deannaigh. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.
(2) i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach: Bia núíosach údaraithe Sonraíocht Foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) Tuairisc/Sainmhíniú: Is éard atá sa bhia núíosach na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair den mhinphéist bheag iomlán. Tagraíonn an téarma minphéist bheag d’fhoirm larbhach Alphitobius diaperinus, is é sin speiceas feithidí a bhaineann le fine Tenebrionidae (ciaróga darkling). Is iad na minphéisteanna beaga ina n-iomláine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine gan aon chuid díobh bainte. Tá sé beartaithe an bia núíosach a mhargú i gceithre fhoirm éagsúla, is iad sin: (i) larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe agus reoite (ADL reoite), (ii) leafaos ó larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe, meilte, agus reoite (leafaos ADL), (iii) larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe, agus reothriomaithe (ADL triomaithe), agus (iv) púdar ó larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe, reothriomaithe agus meilte (púdar ADL). Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula marófar na feithidí trí chóireáil theirmeach, chun ligean do na larbhaí an méid atá ina bputóg a fholmhú. Saintréithe/Comhdhéanamh (ADL reoite nó leafaois): Miotail throma: Míceatocsainí: Critéir mhicribhitheolaíocha: Saintréithe/Comhdhéanamh (ADL triomaithe nó púdair): Miotail throma: Míceatocsainí: Critéir mhicribhitheolaíocha:
Luaith (% w/w): ≤ 1,5
Taise (% w/w): 65-80
Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 12-25
Carbaihiodráití Indíleáite (% w/w): 0,4–2
Saill (% w/w): 5-12
Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill): ≤ 0,2
Snáithín cothaitheach (% w/w): 1-4
Citin (% w/w): 1,0-2,6
Luaidhe: ≤ 0,1 mg/kg
Caidmiam: ≤ 0,05 mg/kg
Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg
Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2
Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg
Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg
Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105 CFU/g
Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g
Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g
Salmonella spp,: Gan a bheith ann in 25 g
Listeria monocytogenes: Gan a bheith ann in 25 g
Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g
Bacillus cereus: ≤ 100 CFU/g
Enterobacteriaceae: ≤ 100 CFU/g
Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g
Luaith (% w/w): ≤ 5
Taise (% w/w): 1-5
Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 50-70
Carbaihiodráití Indíleáite (% w/w): 1,5-3,5
Saill (% w/w): 20–35
Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill): ≤ 5
Snáithín cothaitheach (% w/w): 3–6
Citin (% w/w): 3,0-9,1
Luaidhe: ≤ 0,1 mg/kg
Caidmiam: ≤ 0,05 mg/kg
Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg
Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2
Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg
Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg
Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105 CFU/g
Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g
Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g
Salmonella spp,: Gan a bheith ann in 25 g
Listeria monocytogenes: Gan a bheith ann in 25 g
Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g
Bacillus cereus: ≤ 100 CFU/g
Enterobacteriaceae: ≤ 100 CFU/g
Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g