Gelex

Rialachán (AE) 2023/706 ón gComhairle an 30 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse laghdaithe éilimh i gcás bearta laghdaithe éilimh le haghaidh gáis agus cur chun feidhme an tuairiscithe agus an fhaireacháin ar na bearta sin a threisiú

In forceVersion 2023-03-30from 2023-04-01
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/706@2023-03-30/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/1369
  3. (1)
  4. (2)
  5. Airteagal 3 Laghdú deonach ar éileamh
  6. (3)
  7. (4)
  8. (5)
  9. 1.
  10. Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle laghdú deonach agus más gá, laghdú sainordaitheach a chur ar éileamh an Aontais ar ghás, líonadh na saoráidí stórála gáis a éascú agus ullmhúchán níos fearr a áirithiú le haghaidh aon suaite eile soláthair. Glacadh Rialachán (AE) 2022/1369 ar bhonn Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfianaise na géarchéime soláthair gáis a bhí ar tí tarlú mar thoradh ar ionradh na Rúise gan chúis agus gan údar ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus an ghá a bhí ann go ngníomhódh an tAontas trí bhíthin bearta sealadacha de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát.

(2) De bhun Rialachán (AE) 2022/1369, bhí na Ballstáit lena ndícheall a dhéanamh a dtomhaltas gáis a laghdú 15 % sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023. I gcás nach leor na bearta deonacha maidir le laghdú ar éileamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeadh ganntanas tromchúiseach soláthair ann, tugadh de chumhacht don Chomhairle, ag gníomhú ar thogra ón gCoimisiún, foláireamh Aontais a fhógairt, lena spreagfaí oibleagáid sainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh. Le míonna anuas, d’oibrigh na Ballstáit go dícheallach agus ghlac siad bearta arb é is aidhm dóibh an t-éileamh ar ghás a laghdú 15 %, de mheon na dlúthpháirtíochta. Mar thoradh air sin, chonacthas laghduithe éifeachtacha de níos mó ná 15 % ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais ó mhí Lúnasa 2022 go mí Eanáir 2023.

(3) Tá géardheacrachtaífós ann maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh. Níor tháinig feabhas ar an staid dhomhanda ar an margadh gáis ó bhí mí Feabhra 2022 ann agus tá an tAontas fós ag brath ar mhéideanna áirithe gáis ón Rúis chun an t-éileamh foriomlán ar ghás a shásamh, in ainneoin an laghdaithe ar an éileamh a baineadh amach faoi Rialachán (AE) 2022/1369. Seachnaíodh ciorrú ar an éileamh ar fhuinneamh le haghaidh shaoránaigh an Aontais le bliain anuas mar gheall ar bhearta éifeachtacha maidir le hathlíonadh stóras agus laghdú ar éileamh. Tá 11 Bhallstát fós ag fógairt luathrabhaidh áfach agus tá Ballstát amháin ag fógairt leibhéal foláirimh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil praghsanna gáis fós an-ard agus ós rud é nár tháinig feabhas ar staid an soláthar domhanda ó bhí mí Lúnasa 2022 ann nuair a glacadh Rialachán (AE) 2022/1369, tá gá práinneach le síneadh a chur leis na bearta lenar cuidíodh an ghéarchéim a shrianadh, go háirithe leanúint den laghdú ar éileamh. Dá gcuirfí deireadh leis na bearta maidir le laghdú ar éileamh, bheadh athrú ar an staid chobhsaí ach leochaileach a bhain an tAontas amach go dtí seo agus bhainfeadh sé sin an bonn dena chumas forbairtí is dócha a bheidh ann sa todhchaí a fhreagairt , amhail deireadh iomlán le hallmhairí ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, neamhchosaint an Aontais ar ghanntanas gáis agus ar luaineacht ard praghsanna a sheachaint i gcónaí.

(4) Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne ón Rúis le bliain anuas, tá laghdú mór tagtha ar chumas an Aontais stórais a athlíonadh faoi láthair, lena n-áirítear i gcomparáid leis an staid a bhí ann i samhradh 2022. In ainneoin gur thosaigh an ghéarchéim fuinnimh i 2022, bhí an tAontas in ann tuairim agus 60 bcm de ghás a allmhairiú ón Rúis chun saoráidí stórála a líonadh le linn na bliana sin, lena n-áirítear píblíne NordStream 1. Le linn samhradh 2022, áfach, chuir an Rúis isteach ar shaoráid stórála tríd an bpíblíne sin agus chuir sí stop ar fad leo ar deireadh, píblíne a ndearnadh damáiste chomh mór sin di i mí Mheán Fómhair 2022 le gníomhartha sabaitéireachta nach féidir aon ghás a iompar inti faoi láthair agus nach mbeifear in ann déanamh amhlaidh go ceann i bhfad. Agus na leibhéil allmhairí píblíne gáis atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, ní bhfaighidh an tAontas ach 20 bcm d’allmhairí píblíne ón Rúis ar a mhéad, is é sin mura gcuirtear isteach go hiomlán ar na hallmhairí sin. Dá bhrí sin, tá riosca mór ann go mbeidh ganntanais gháis san Aontas le linn an gheimhridh 2023 - 2024.

(5) Déantar na géardheacrachtaí sin níos measa fós mar gheall ar roinnt rioscaí breise agus gnéithe nua atá ann lena n-áirítear téarnamh in éileamh na hÁise ar gás nádúrtha leachtaithe (GNL) lena laghdaítear infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis, coinníollacha aimsire atá tar éis dul in olcas le déanaí, rud a dhéanann difear don stóráil hidreachumhachta agus don táirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, forbairtí nua teicniúla lena méadaítear leibhéal na héiginnteachta maidir le hinfhaighteacht an táirgthe núicléach atá ann cheana agus a fhágann gur gá dul i muinín na giniúna cumhachta gásadhainte, agus suaití eile a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca leis an soláthar gáis, lena n-áirítear stop iomlán leis na hallmhairí gáis ón Rúis.

(6) Mar gheall ar na géardheacrachtaí nua agus leanúnacha sin, déantar difear do chumas an Aontais freastal ar an éileamh ar ghás, go háirithe saoráidí stórála faoi thalamh a líonadh ar bhealach tráthúil éifeachtúil le haghaidh geimhreadh 2023-2024, agus don chothromaíocht idir soláthar agus éileamh le linn an gheimhridh 2023-2024.

(7) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1369, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán sin, agus tugadh achoimre ar thorthaí an athbhreithnithe sin i dtuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle. Déantar anailís sa tuarascáil ar chásanna éagsúla, cásanna ina gcuirtear síneadh leis na hiarrachtaí laghdaithe éilimh faoi Rialachán (AE) 2022/1369 agus cásanna nach gcuirtear, lena n-áirítear síneadh seacht mí ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2023, síneadh ocht mí ó mhí Lúnasa 2023 go mí an Mhárta 2024, agus síneadh bliana ó mhí Aibreáin 2023 go mí an Mhárta 2024. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil nach mbainfí ach 69 bcm amach sna leibhéil stórála faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023 mura leanfaí den laghdú ar éileamh, méid atá go mór faoi bhun na sprice 90 % (89,4 bcm) le haghaidh an 1 Samhain a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938 agus go mbeadh na leibhéil stórála iomlán ídithe faoi mhí Feabhra 2024.

(8) Maidir leis na cásanna éagsúla a ndearnadh measúnú orthu sa tuarascáil, i gcás síneadh seacht mí ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2023, bheadh na saoráidí stórála líonta go leordhóthanach faoi dheireadh an tsamhraidh 2023 (95 bcm faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus bhainfí an sprioc de 90 % amach). Ós rud é go mbíonn an t-éileamh ar ghás dhá oiread níos mó le linn gnáthgheimhridh ná mar a bhíonn sé sa samhradh áfach, bheadh na saoráidí stórála beagnach iomlán ídithe faoi dheireadh an gheimhridh 2023-2024 (9 bcm faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024). Tugtar le tuiscint leis sin gur ábhar mór imní í slándáil an tsoláthair agus fágann sé go mbeadh sé an-deacair na saoráidí stórála a líonadh go leordhóthanach le haghaidh an gheimhridh ina dhiaidh sin. I gcás síneadh ocht mí ó mhí Lúnasa 2023 go dtí mí an Mhárta 2024, líonfaí na saoráidí stórála go rómhall, ní bhainfí ach 80 bcm amach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, méid a bheadh go mór faoi bhun na sprice, agus thitfeadh leibhéil na saoráidí stórála faoi bhun 30 % faoi dheireadh an gheimhridh 2023-2024 (faoi bhun 28 bcm), rud ba chúis le himní mhór faoi shlándáil an tsoláthair agus a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair stórais a líonadh go leordhóthanach le haghaidh geimhridh 2023-2024. I gcás síneadh bliana amháin agus laghdú leanúnach 15 % ar an éileamh ó Aibreán 2023 go Márta 2024, agus sa chás sin amháin, chomhlíonfadh na leibhéil stórála sprioc stórála 90 % an 1 Samhain agus shroichfeadh siad 89.4 bcm faoin 1 Samhain 2023, agus d’fhéadfadh na Ballstáit a bheith ar an mbóthar ceart le haghaidh soláthar daingnithe gáis le haghaidh gheimhreadh 2023-2024 le 43 bcm stóráilte ar leibhéal an Aontais faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024.

(9) I bhfianaise na gcásanna sin, tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil gá le laghdú leanúnach 15 % ar éileamh thar thréimhse 12 mhí go dtí deireadh mhí an Mhárta 2024 chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit an sprioc stórála 90 % a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938 a chomhlíonadh, ar sprioc í atá ríthábhachtach le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis, agus chun aon bhearna sholáthair a sheachaint le linn an gheimhridh 2023-2024.

(10) Cé gur féidir leis na Ballstáit a chinneadh cé na bearta is iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna stórála, ní féidir é sin a bhaint amach gan bearta maidir le laghdú ar éileamh. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil nach bhfuil méideanna leordhóthanacha gáis sa mhargadh chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh i ngach Ballstát. Ciallaíonn sé seo nach féidir le gach Ballstát go fisiceach na saoráidí stórála a líonadh go leibhéil leordhóthanacha, agus is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha ann maidir le slándáil an tsoláthair gáis faoi dheireadh an gheimhridh 2023-2024.

(11) Léirítear sa tuarascáil freisin go bhfuil gá le laghdú ar an tomhaltas gáis atá comhréireach leis an laghdú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/1369 le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024. Bheadh an laghdú sínte is gá ag freagairt do laghdú 15 % le haghaidh na tréimhse ón 1 Aibreán 2023 gó dtí an 31 Márta 2024 i gcomparáid le tréimhse thagartha ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022. Leis an síneadh ar na bearta maidir le laghdú ar éileamh agus leis an síneadh ar an tréimhse laghdaithe, thabharfaí solúbthacht don mhargadh freisin chun srian a chur ar an luaineacht i bpraghsanna gáis agus chuirfí cosc ar arduithe tobanna ar phraghasanna amhail na harduithe a chonacthas in 2022.

(12) I bhfianaise an chomhardaithe chúng idir an soláthar agus an t-éileamh faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh soláthar gáis measartha fiú tionchar mór a bheith aige ar an margadh gáis, agus dochar tromchúiseach marthanach a dhéanamh don gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais. Tá feidhm ag an oibleagáid líonta stóras gáis ach amháin má fhógraítear éigeandáil Aontais nó réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938. Dá bhrí sin, mar gheall ar shuaitheadh tobann 10 % sna hallmhairí píblíne gáis chuig an Aontas, bheadh gá le bearta ollmhóra ar leithligh a dhéanfadh na Ballstáit chun an oibleagáid líonta stóras a chomhlíonadh nó bheadh éigeandáil Aontais nó réigiúnach le fógairt, mura leanfaí den laghdú deonach comhordaithe ar éileamh. Tá an laghdú sínte comhordaithe ar éileamh a dhéanfadh na Ballstáit uile de mheon dlúthpháirtíochta fíor-riachtanach chun an toilleadh stórála a athlíonadh ar bhealach éifeachtúil agus leis an suaitheadh is lú is féidir ar an margadh, rud atá ríthábhachtach fós le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis roimh gheimhreadh 2023-2024.

(13) Is beart éigeandála é síneadh Rialachán (AE) 2022/1369 mar fhreagairt ar na géardheacrachtaí leanúnacha agus nua atá ann i dtaobh an tsoláthair fuinnimh, deacrachtaí lena mbaineann riosca géarchéime a d’fhéadfadh teacht chun cinn go tapa agus lena gceanglaítear an tréimhse laghdaithe éilimh ar ghás a oiriúnú chun síneadh a chur leis an laghdú deonach ar an éileamh ar ghás agus chomh maith leis sin chun a áirithiú go mbeidh an deis ann foláireamh Aontais a fhógairt agus an laghdú sainordaitheach comhfhreagrach ar an éileamh ar ghás a spreagadh tar éis mí an Mhárta 2023.

(14) Mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh. Ós rud é gur margadh aonair é an tAontas, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann le haghaidh na mBallstát uile mar gheall ar ghanntanas gáis i mBallstát amháin, is iad sin ganntanas fisiceach sa soláthar gáis, luaineacht praghsanna nó suaitheadh slabhraí tionsclaíocha mar gheall ar chiorrúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann i dtionscadail shonracha i mBallstát. Thairis sin, de mheon na dlúthpháirtíochta, is féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú na rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh a laghdú agus an luaineacht i bpraghsanna gáis a shrianadh tríd an éileamh uathu a laghdú. Tá méadú mór tagtha ar an tionchar dearfach atá ag meon sin na dlúthpháirtíochta fiú le bliain anuas agus cumais nua idirnasctha Soir agus cumais bhreise allmhairiúcháin GNL á bhforbairt lena ndéantar nasc níos fearr idir na Ballstáit agus saoráidí athghásaithe GNL, go fisiceach nó go fíorúil. Dá bhrí sin, rachadh gníomhaíocht chomhordaithe leanúnach trí bhearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun an t-éileamh a laghdú chun tairbhe na mBallstát uile tríd an riosca go mbeadh tionchar níos substaintiúla ar a ngeilleagair a laghdú.

(15) Tá práinn leis an ngá chun gníomhú mar go dtosaíonn an séasúr líonta saoráidí stórála gáis i mí Aibreáin. I bhfianaise na ngéardheacrachtaí leanúnacha agus nua a dtugtar tuairisc orthu thuas, mura gcuirfí síneadh leis an laghdú comhordaithe ar éileamh in am roimh an líonadh saoráidí stórála, bheadh éifeachtaí aige sin láithreach ar na treochtaí maidir le saoráidí stórála a líonadh, ar choinníollacha margaidh, nithe a mbeadh tionchar acu ar shlándáil an tsoláthair agus ar luaineacht praghsanna.

(16) Le hAirteagal 122(1) CFAE, cuirtear ar a cumas don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má thagann deacrachtaí móra chun cinn maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is staid den sórt sin í an ghéarchéim atá ann faoi láthair maidir leis an soláthar gáis, táirge fuinnimh. Dá bhrí sin, is gá síneadh sealadach a chur le Rialachán (AE) 2022/1369 agus leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar na bearta sin chun freagairt don staid leanúnach de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát. Dá bhrí sin, tá údar cuí le hAirteagal 122(1) CFAE a bheith mar bhunús dlí don Rialachán seo.

(17) Ba cheart feidhm a bheith fós ag forálacha Rialachán (AE) 2022/1369, lena n-admhaítear imthosca sonracha náisiúnta i gcás laghdú éigeantach ar an éileamh a eascraíonn as foláireamh Aontais. Tá na Ballstáit fós in ann an laghdú éigeantach ar an éileamh a theorannú go sealadach i gcás ina mbeidh Ballstát i ngleic le géarchéim leictreachais, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. D’fhéadfaí a áireamh i gcás den sórt sin teorainn a bheidh comhréireach le méadú suntasach a bhaint as úsáid gáis chun cumhacht a ghiniúint, rud is gá chun tuilleadh leictreachais a onnmhairiú go suntasach chuig Ballstát comharsanachta, de bharr imthosca eisceachtúla amhail hidreachumhacht íseal nó infhaighteacht núicléach sa Bhallstát lena mbaineann, nó sa Bhallstát comharsanachta a n-onnmhairítear i bhfad níos mó leictreachais chuige. Níor cheart go rachadh an teorainn sin thar mhéid an gháis a chomhfhreagraíonn do na honnmhairí breise thuasluaite. Ba cheart do na Ballstáit an teorainn sin a chur san áireamh agus iad ag tuairisciú miondealú ar thomhaltas gáis in aghaidh na hearnála.

(18) Ba cheart do na Ballstáit a thugann isteach bearta suntasacha dícharbónaithe trí aistriú ó ghual go gás i dtéamh ceantair a bheith in ann na toirteanna gáis sin a asbhaint ón oibleagáid atá orthu an t-éileamh a laghdú ar choinníoll go bhfuil na toirteanna gáis sin inchurtha go díreach i leith an aistrithe ó ghual go gás.

(19) Ba cheart go dtuairisceodh na Ballstáit don Choimisiún gach 2 mhí ar a laghad agus faoin 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin ar a dhéanaí faoina dtomhaltas gáis, tríd Eurostat. Chun figiúirí cothrom le dáta a chur ar fáil, moltar do na Ballstáit a dtomhaltas gáis a thuairisciú chun measúnú a dhéanamh ar an laghdú ar an éileamh a bhaintear amach gach mí. Má dhearbhaítear foláireamh ón Aontas, ba cheart an fhaisnéis a chur isteach ar bhonn míosúil. Chun na bearta a dhíriú ar bhealach níos fearr d’fhonn an t-éileamh a laghdú, agus an faireachán ar thomhaltas gáis a fheabhsú, moltar do na Ballstáit miondealú a chur san áireamh satuairisciú ar an tomhaltas gáis in aghaidh na n-earnálacha lena n-áirítear ionchur gáis le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa, tomhaltas gáis i dtionscal agus tomhaltas gáis teaghlach agus seirbhísí, de réir na sainmhínithe agus na gcoinbhinsiún staidrimh a bunaíodh i Rialachán (CE) 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh fuinnimh.

(20) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1369, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh agus ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe sin, tá an Coimisiún i dteideal a mholadh go gcuirfí síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm an Rialacháin sin. Chun an síneadh breise le tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1369 a chur san áireamh, ba cheart dáta nua athbhreithnithe a leagan síos le haghaidh an 1 Márta 2024.

(21) Ba cheart na bearta leathnaithe agus modhnaithe maidir le laghdú ar éileamh a bheith ina mbearta sealadacha go fóill agus ba cheart feidhm a bheith leo go dtí deireadh an gheimhridh 2023-2024. Ar bhonn an athbhreithnithe nua atá le déanamh faoin 1 Márta 2024, ba cheart don Choimisiún, más iomchuí, a bheith in ann a mholadh síneadh a chur leis an tréimhse cur i bhfeidhm.

(22) Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023 chun laghdú leanúnach 15 % ar éileamh a áirithiú thar thréimhse 12 mhí ón 1 Aibreáin 2023 go dtían 31 Márta 2024 agus chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha, do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/1369 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/1369

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 mar a leanas:

(1) In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6):

(1)

(5) ciallaíonn tomhaltas gáis tagartha toirt meántomhaltais gáis Ballstáit le linn na tréimhse tagartha; i gcás na mBallstát inar tháinig méadú 8 % ar a laghad ar thomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha, ní chiallaíonn tomhaltas gáis tagartha ach toirt an tomhaltais gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022;

(6) ciallaíonn tréimhse thagartha an tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022;.;

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

(2)

Airteagal 3 Laghdú deonach ar éileamh

Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a dtomhaltas gáis a laghdú sa tréimhse ón 1 Aibreáin 2023 go dtí an 31 Márta 2024 faoi 15 % ar a laghad i gcomparáid lena meántomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022 (an laghdú deonach ar éileamh). Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir leis na bearta deonacha sin maidir le laghdú ar éileamh.;

(3) in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ;

(3)

2. Chun críche laghdaithe shainordaithigh ar éileamh, fad a bheidh an foláireamh Aontais á fhógairt, beidh an tomhaltas gáis i ngach Ballstát thar an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (an tréimhse laghdúcháin) 15 % níos ísle i gcomparáid lena thomhaltas gáis tagartha. Aon laghdú ar éileamh a bhain na Ballstáit amach le linn na tréimhse sular fógraíodh an foláireamh Aontais, cuirfear san áireamh é chun críoch an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh.

(4) in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ;

(4)

6a. Féadfaidh Ballstát an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc éigeantach maidir le laghdú ar an éileamh de bhun mhír 2 a choigeartú de réir mhéid an tomhaltais gáis mhéadaithe a eascraíonn ón aistriú ó ghual go gás a úsáidtear do théamh ceantair, más méadú 8 % ar a laghad é sin sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Márta 2024 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha agus a mhéid atá an méadú sin inchurtha go díreach i leith an aistrithe.

(5) in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

(5)

1. Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar a chríoch. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach 2 mhí ar a laghad agus faoin 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin ar a dhéanaí faoina dtomhaltas gáis (i dteirigiúil, TJ). I gcás ina ndearbhaítear foláireamh de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4(1), déanfar an fhaisnéis a thíolacadh ar bhonn míosúil. Féadfaidh na Ballstáit miondealú a chur san áireamh sa tuairisciú ar an tomhaltas gáis in aghaidh na n-earnálacha, lena n-áirítear an tomhaltas sna hearnálacha seo a leanas: Chun críoch na míre seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus ag na coinbhinsiúin staidrimh a bunaíodh i Rialachán (CE) 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tabharfaidh an Grúpa Comhordaithe Gáis cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar an laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh.

1.

(a) ionchur gáis le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa;

(b) tomhaltas gáis i dtionscal;

(c) tomhaltas gáis teaghlach agus seirbhísí.

(6) in Airteagal 9, cuirtear 1 Márta 2024 in ionad an dáta 1 Bealtaine 2023;

(7) in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: Beidh feidhm aige go dtí an 31 Márta 2024..

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Roswall

Versions

  1. 2023-03-30