Cinneadh (CBES) 2023/728 ón gComhairle an 31 Márta 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/728@2023-03-31/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin.
(2) An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/434, lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí – gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe. Leagtar na heagraíochtaí sin amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434. De bhun Airteagal 1, pointe (11), de Chinneadh (CBES) 2023/434, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle.
(3) Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Roswall