Gelex

Cinneadh (CBES) 2023/2205 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 maidir le síniú, cur i bhfeidhm sealadach, agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le stádas Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóive (EUPM Moldova)

In forceVersion 2023-09-25
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2023/2205@2023-09-25/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 24 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/855, lena mbunaítear Misean Comhpháirtíochta sibhialtach de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova).

(2) An 22 Bealtaine 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/993, lena seoltar EUPM Moldova.

(3) An 26 Meitheamh 2023, d’údaraigh an Chomhairle Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Moldóive d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le stádas EUPM Moldova.

(4) Is ar bhonn an údaraithe a thug an Chomhairle an 26 Meitheamh 2023 a rinneadh comhaontú a chaibidil idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive.

(5) Ba cheart an Comhaontú idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive maidir le stádas Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (an Comhaontú) a fhormheas thar ceann an Aontais.

(6) Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le stádas Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (an Comhaontú) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2 Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3 Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach óna shíniú, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4 Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 19, mír (2), den Chomhaontú.

Airteagal 5 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meán Fómhair 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán H. Gómez Hernández

Versions

  1. 2023-09-25