Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2377 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 gan seoilít copair airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2023-09-28from 2023-10-23
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2023/2377@2023-09-28/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Airítear seoilít copair airgid sa liosta sin (Uimhir CAS: 130328-19-7) le haghaidh cineál táirge 4.

(2) Ainmníodh an tSualainn mar an Ballstát is rapóirtéir. Rinne údarás inniúil na Sualainne meastóireacht ar sheoilít copair airgid (an t-údarás inniúil meastóireachta) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál 4 agus i ndífhabhtáin do láithreacha bia agus beatha, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3) An 12 Meitheamh 2017, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe maidir leis an iarratas mar aon le conclúidí a mheastóireachta féin faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA). Phléigh ECHA an tuarascáil mheasúnaithe agus na conclúidí ag cruinnithe teicniúla.

(4) I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ó ECHA maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagail 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Coimisiún um Tháirgí Bithicídeacha tuairim ó ECHA an 3 Márta 2021, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

(5) Sa tuairim uaithi, is í conclúid ECHA nár léiríodh éifeachtúlacht leordhóthanach i gcás na húsáide a bhaineann leis an táirge bithicídeach ionadach a ionchorprú in earraí a bhíonn i dteagmháil le bia. Dá bharr sin, ní mheastar go gcomhlíonfaidh táirgí de chineál táirge 4 ina bhfuil seoilít copair airgid na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointe (b)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6) Is í conclúid ECHA freisin gur sainaithníodh rioscaí do-ghlactha do shláinte an duine de thoradh ar bhia a bhí i dteagmháil le polaiméirí cóireáilte a thomhailt, agus nach bhféadfaí aon bheart maolaithe riosca leordhóthanach a shainaithint chun na rioscaí sin a mhaolú. Dá bharr sin, ní mheastar go gcomhlíonfaidh táirgí de chineál táirge 4 ina bhfuil seoilít copair airgid na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7) Agus tuairim ó ECHA á cur san áireamh, is iomchuí gan seoilít copair airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4.

(8) Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Seoilít copair airgid (Uimhir CAS: 130328-19-7) ní fhormheastar í mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2023-09-28