Cinneadh (AE) 2023/2815 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le nótaí bainc euro a eisiúint (BCE/2023/35)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2023/2815@2023-12-07/ga
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 128(1) de,
Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 16 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Foráiltear Cinneadh (AE) 2023/2811 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2023/31) an eochair le haghaidh suibscríobh do chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) (dá ngairtear an eochair chaipitil anseo feasta) a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 29.3. agus 29.4. de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus bunaítear leis, le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, ualuithe nua a shanntar do na bainc cheannais náisiúnta san eochair chaipitil choigeartaithe (dá ngairtear eochair-ualuithe caipitil anseo feasta).
(2) In Airteagal 1(d) de Chinneadh BCE/2010/29 ón mBanc Ceannais Eorpach sainmhínítear an eochair leithdháilte nótaí bainc agus tagraíonn sé d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin, ina sonraítear an eochair leithdháilte nótaí bainc a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023. Ós rud é go mbeidh feidhm ag eochair-ualuithe caipitil nua ón 1 Eanáir 2024, is gá Cinneadh BCE/2010/29 a leasú chun an eochair leithdháilte nótaí bainc a bheidh i bhfeidhm ón dáta sin a chinneadh,
TAR ÉIS AN CHINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasuithe
Leasaítear BCE/2010/29 mar a leanas: (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh d’Airteagal 1(b): In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo sonraítear an scála leithdháilte nótaí bainc a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024. (2) Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I.
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh d’Airteagal 1(b): In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo sonraítear an scála leithdháilte nótaí bainc a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.
2. Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I.
Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 7 Nollaig 2023. Uachtarán BCE Christine Lagarde
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Anx. i. An Banc Ceannais Eorpach 8,0000 % Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique 3,3760 % Deutsche Bundesbank 24,4995 % Eesti Pank 0,2740 % Banc Ceannais na hÉireann/Central Bank of Ireland 2,0040 % Bank of Greece 2,0785 % Banco de España 10,8790 % Banque de France 18,4045 % Hrvatska narodna banka 0,7120 % Banca d’Italia 14,7385 % Central Bank of Cyprus 0,2025 % Latvijas Banka 0,3565 % Lietuvos bankas 0,5430 % Banque centrale du Luxembourg 0,3350 % Central Bank of Malta 0,1190 % De Nederlandsche Bank 5,4350 % Oesterreichische Nationalbank 2,7200 % Banco de Portugal 2,1395 % Banka Slovenije 0,4545 % Národná banka Slovenska 1,0580 % Suomen Pankki 1,6710 % IOMLÁN 100,0000 %
IARSCRÍBHINN I SCÁLA LEITHDHÁILTE NÓTAÍ BAINC ÓN 1 EANÁIR 2024
An Banc Ceannais Eorpach 8,0000 % Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique 3,3760 % Deutsche Bundesbank 24,4995 % Eesti Pank 0,2740 % Banc Ceannais na hÉireann/Central Bank of Ireland 2,0040 % Bank of Greece 2,0785 % Banco de España 10,8790 % Banque de France 18,4045 % Hrvatska narodna banka 0,7120 % Banca d’Italia 14,7385 % Central Bank of Cyprus 0,2025 % Latvijas Banka 0,3565 % Lietuvos bankas 0,5430 % Banque centrale du Luxembourg 0,3350 % Central Bank of Malta 0,1190 % De Nederlandsche Bank 5,4350 % Oesterreichische Nationalbank 2,7200 % Banco de Portugal 2,1395 % Banka Slovenije 0,4545 % Národná banka Slovenska 1,0580 % Suomen Pankki 1,6710 % IOMLÁN 100,0000 %