Gelex

Cinneadh (AE) 2024/1777 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/133 a mhéid a bhaineann le comhalta an phainéil roghnúcháin a ionadú

In forceVersion 2024-06-20from 2024-06-25
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/1777@2024-06-20/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú, agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is le Rialachán (AE) 2017/1939 a bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Is é atá i gColáiste OIPE an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus aon Ionchúisitheoir Eorpach amháin in aghaidh an Bhallstáit. Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a cheapfaidh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach de chomhthoil as measc gearrliosta d’iarrthóirí cáilithe arna chur le chéile ag an bpainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (an painéal roghnúcháin). Is í an Chomhairle a cheapfaidh na hIonchúisitheoirí Eorpacha as measc triúr iarrthóirí cáilithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát tar éis don Chomhairle tuairim réasúnaithe a fháil ón bpainéal roghnúcháin.

(2) Le Cinneadh (AE) 2023/133, cheap an Chomhairle comhaltaí reatha an phainéil roghnúcháin ar feadh tréimhse 4 bliana ón 20 Eanáir 2023.

(3) Is comhalta den phainéal roghnúchán é Marin MRČELA faoi láthair. An 8 Aibreán 2024, chuir Marin Mrčela in iúl don Choimisiún nach féidir leis a bheith ina chomhalta den phainéal roghnúcháin a thuilleadh agus go raibh cinneadh déanta aige, dá bhrí sin, éirí as. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas dá réir sin.

(4) Ba cheart comhalta den phainéal roghnúchán a cheapadh a luaithe is féidir chun teacht in ionad Marin MRČELA, chun leanúnachas ghníomhaíochtaí an phainéil roghnúcháin a áirithiú. Is féidir le Dražen JELENIĆ, Leas-Ard-Aighne Stáit Phoblacht na Cróite, a bheith ina chomhalta den phainéal roghnúcháin. Agus Dražen JELENIĆ á mholadh aige, chuir an Coimisiún san áireamh an gá atá le cothromaíocht gheografach, cothromaíocht inscne agus ionadaíocht chuí ar chórais dlí na mBallstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú. Ba cheart, dá bhrí sin, Dražen JELENIĆ a cheapadh ina chomhalta den phainéal roghnúcháin chun teacht in ionad Marin MRČELA.

(5) I gcomhréir le Riail II de rialacha oibríochtúla an phainéil roghnúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle, ba cheart Dražen Jelenić a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

(6) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2023/133 a leasú dá réir sin.

(7) Chun a áirithiú gur féidir le Dražen JELENIĆ dul i mbun a chuid feidhmeanna agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht leanúnacha an phainéil roghnúcháin láithreach, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 In Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2023/133, cuirtear ainm Dražen JELENIĆ in ionad ainm Marin MRČELA.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2024. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M.-C. Leroy

Versions

  1. 2024-06-20