Cinneadh (CBES) 2024/1806 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/1806@2024-06-25/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 12 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES lena mbunaítear Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah).
(2) An 28 Feabhra 2023, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh chomhordaithe ar EU BAM Rafah agus ar EUPOL COPPS, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur leis an dá Mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2025, i bhfoirm dhá shíneadh, bliain an ceann.
(3) An 26 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1303, lenar cuireadh síneadh le EU BAM Rafah go dtí an 30 Meitheamh 2024.
(4) Sna conclúidí uaithi an 21-22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí do shíocháin bhuan mharthanach bunaithe ar réiteach an dá stát agus go bhfuil ceart comhionann ag na Palaistínigh agus ag na hIosraelaigh maireachtáil go sábháilte, faoi dhínit agus faoi shíocháin. Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach ina theannta sin go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) agus ag Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS), bunaithe ar an bprionsabal sin chun tacú le stát Palaistíneach amach anseo. Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí sin sna conclúidí uaithi an 18 Aibreán 2024.
(5) Agus faisnéis a sholáthair Iosrael agus Údarás na Palaistíne á cur san áireamh, ba cheart, ag an gcéim seo, síneadh bliana a chur le EU BAM Rafah, go dtí an 30 Meitheamh 2025.
(6) Ba cheart, dá bhrí sin, Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES a leasú dá réir.
(7) Cuirfear EU BAM Rafah i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES mar a leanas:
Airteagal 1
(1) in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: Is é EUR 3723805,94 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EU BAM Rafah a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. ;
(2) in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: Rachaidh sé in éag ar an 30 Meitheamh 2025..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán H. Lahbib