Gelex

Cinneadh (AE) 2024/198 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus an Phrótacail cur chun feidhme a ghabhann leis (2023-2027)

In forceVersion 2023-12-11
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/198@2023-12-11/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. AN NÓS IMEACHTA AGUS NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE
  4. (1)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218, mír 6, an dara fomhír, pointe (a) (v), agus le hAirteagal 218, mír 7, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1476 ón gComhairle, síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (dá ngairtear Madagascar anseo feasta) (dá ngairtear an Comhaontú anseo feasta) mar aon leis an bPrótacal cur chun feidhme a ghabhann leis (2023-2027) (dá ngairtear an Prótacal anseo feasta) an 30 Meitheamh 2023.

(2) Gabhann an Comhaontú in ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh a bhí ann roimhe seo idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhadagascar atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2007 i leith.

(3) Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú agus ag an bPrótacal a ghabhann leis ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus ligean don Aontas agus do Mhadagascar comhoibriú go dlúth le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú na hacmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus san Aigéan Indiach a chur chun cinn ar bhonn freagrach. Tacaíonn an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(4) Ba cheart an Comhaontú agus an Prótacal a fhormheas.

(5) Le hAirteagal 14 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail. Thairis sin, de réir Airteagail 14(3) den Chomhaontú agus de réir Airteagail 11 agus 12, mír 4, den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Ionas go n-éascófaí formheas na leasuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe.

(6) Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal atá beartaithe. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in aghaidh na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(7) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (2023-2027) a fhormheas, thar ceann an Aontais.

Airteagal 2 Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Chomhaontú agus in Airteagal 18 den Phrótacal.

Airteagal 3 I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear an Coimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14 den Chomhaontú a ghlacadh.

Airteagal 4 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán L. Planas Puchades

ANNEX

(a) go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh; (b) go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta; (c) go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún. (1) Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún: (2) Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste. (3) Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 na leasuithe atá beartaithe. (4) Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú thar ceann an Aontais. (5) Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais. (6) Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a thíolacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme. A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe. Grp_nós_imeachta_agus_na_coinníollacha_maidir_le_formheas_a_dhéanamh_ar_na_leasuithe_ar_an_bprótacal_atá_le_glacadh_ag_an. gcomhchoiste. I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA AGUS NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas: (a) go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh; (b) go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta; (c) go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún. (1) Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún: (2) Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste. (3) Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 na leasuithe atá beartaithe. (4) Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú thar ceann an Aontais. (5) Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais. (6) Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a thíolacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme. A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.

(1) Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún: (a) go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh; (b) go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta; (c) go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún.

(1)

(a) go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b) go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

(c) go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún.

(2) Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste.

(3) Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 na leasuithe atá beartaithe.

(4) Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú thar ceann an Aontais.

(5) Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6) Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a thíolacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme. A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, agus le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12(4) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.

Versions

  1. 2023-12-11