Cinneadh (CBES) 2024/2181 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Lúnasa 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc (EUMAM Mozambique), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/1790 (EUMAM Mozambique/1/2024)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/2181@2024-08-27/ga
Contents
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/1143 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mozambique), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2021/1143, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Mozambique, lena n-áirítear na cinntí ábhartha maidir le Ceannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh.
(2) Le Cinneadh (CBES) 2023/1790, cheap an Coiste Polaitiúil agus Slándála an Briogáidire-Ghinearál João Carlos de BASTOS JORGE GONÇALVES mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mozambique.
(3) An 14 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1354, lena leasaítear sainordú EUTM Mozambique agus lena bhforáiltear go n-ainmneofar an Misean mar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc (EUMAM Mozambique) ón 1 Meán Fómhair 2024.
(4) An 1 Lúnasa 2024, mhol údaráis na Portaingéile go dtiocfadh an Briogáidire-Ghinearál Luís Fernando MACHADO BARROSO i gcomharbas ar an mBriogáidire-Ghinearál João Carlos de BASTOS JORGE GONÇALVES mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUMAM Mozambique.
(5) An 2 Lúnasa 2024, mhol Ceannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál Luís Fernando MACHADO BARROSO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUMAM Mozambique ón 11 Meán Fómhair 2024.
(6) An 5 Lúnasa 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh sin.
(7) Ba cheart cinneadh a dhéanamh an Briogáidire-Ghinearál Luís Fernando MACHADO BARROSO a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 11 Meán Fómhair 2024 agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/1790 a aisghairm.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, déantar an Briogáidire-Ghinearál Luís Fernando MACHADO BARROSO a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc (EUMAM Mozambique) ón 11 Meán Fómhair 2024.
Airteagal 2 Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/1790 a aisghairm.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Meán Fómhair 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Lúnasa 2024. Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála An Cathaoirleach D. Pronk