Cinneadh (AE) 2024/2752 ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine de Choiste na Réigiún
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/2752@2024-10-21/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún,
Ag féachaint don togra ó rialtas na Gearmáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, beidh Coiste na Réigiún comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.
(2) An 18 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/1348, lena gceaptar beirt chomhaltaí agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún.
(3) Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Isolde RIES a cheapadh.
(4) Mhol Rialtas na Gearmáine, ar bhonn sainordú náisiúnta éagsúil, Isolde RIES, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Mitglied im Bezirksrat West von Saarbrücken (Comhalta de Chomhairle Ceantair Saarbrücken Thiar), mar chomhalta de Choiste na Réigiún go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, ceaptar Isolde RIES, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach, Mitglied im Bezirksrat West von Saarbrücken (Comhalta de Chomhairle Ceantair Saarbrücken Thiar), (athrú sainordaithe) mar chomhalta de Choiste na Réigiún go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Deireadh Fómhair 2024. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán Nagy I.