Cinneadh (AE) 2024/2998 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Foscríbhinní III agus IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin maidir le haontachas na Seoirsia
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/2998@2024-11-05/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (an Coinbhinsiún), is amhlaidh a tugadh i gcrích é trí bhíthin Chinneadh 87/415/CEE ón gComhairle agus is ar an 1 Eanáir 1988 a tháinig sé i bhfeidhm.
(2) De bhun Airteagal 15(3)(a) den Choinbhinsiún, tá an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún sin (an Comhchoiste AE-CTC) le leasuithe ar Fhoscríbhinní III agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh trí bhíthin cinntí.
(3) Chuir an tSeoirsia in iúl gur mian léi aontú don Choinbhinsiún agus d’iarr an Comhchoiste AE-CTC uirthi é sin a dhéanamh.
(4) Le haontachas na Seoirsia, beidh gá leis na doiciméid ráthaíochta dá bhforáiltear i dTeideal II den Choinbhinsiún a oiriúnú, agus téarmaí teicniúla áirithe a chur isteach i dteanga na Seoirsia sa Choinbhinsiún.
(5) Chuir Ballstáit uile an Aontais a dtuairim dhearfach in iúl a mhéid a bhaineann leis na leasuithe atá beartaithe sa Mheitheal AE-Thíortha an Nós Imeachta Chomhchoitinn maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach arna bunú le hAirteagal 17 de Rialacha Nós Imeachta Chomhchoiste AE-CTC.
(6) Ós rud é go leasófar an Coinbhinsiún le cinneadh an Chomhchoiste AE-CTC, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
(7) Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais maidir leis an leasú atá beartaithe a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (an Comhchoiste AE-CTC) a bhaineann le leasuithe ar Fhoscríbhinní III agus IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste AE-CTC atá i gceangal leis an gCinneadh seo. Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC mionathruithe ar an dréachtchinneadh a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2 Tar éis a ghlactha, foilseofar an cinneadh ón gComhchoiste AE-CTC dá dtagraítear in Airteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán Varga M.