Gelex

Cinneadh (AE) 2024/789 ón gCoimisiún an 6 Márta 2024 maidir le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla a dheimhniú

In forceVersion 2024-03-06from 2024-03-09
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2024/789@2024-03-06/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 4a(1) de,

Ag féachaint don fhógra ó Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh, agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 11 Nollaig 2023, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21, glacadh le Rialachán (AE) 2023/2844 agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige.

(2) Maidir le mian na hÉireann glacadh le Rialachán (AE) 2023/2844 agus a bheith faoi cheangal aige, ní fhéadfaidh feidhm a bheith aige sin ach amháin maidir leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2844, Rialachán ina bhfuil Éire rannpháirteach agus atá ina cheangal uirthi. Níl feidhm aige sin maidir leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2844, ar gníomhartha dlí iad nár roghnaigh Éire a bheith páirteach iontu, is é sin Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2016/1103 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2016/1104 ón gComhairle.

(3) Níl aon choinníoll sonrach i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 agus níl aon ghá le bearta idirthréimhseacha.

(4) Ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 a dheimhniú.

(5) Chun go bhféadfaidh Éire Rialachán (AE) 2023/2844 a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 deimhnithe.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Márta 2024. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2024-03-06