Gelex

Cinneadh (AE) 2025/1064 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Fhionlainn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3005) (Is iad na téacsanna Fionlainnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

In forceVersion 2025-05-19
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1064@2025-05-19/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT
  4. AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL
  5. AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE hACMHAINNEACHT
  6. AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE COSTÉIFEACHTÚLACHT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an tAerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair, agus go háirithe Airteagal 58(3) de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá na Ballstáit le pleananna a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áireofar sna pleananna sin spriocanna feidhmíochta áitiúla atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2) Leagadh síos na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (TT4, 2025-2029) i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún.

(3) Tá dréachtphlean feidhmíochta tarraingthe suas ag gach Ballstát le haghaidh TT4, pleananna a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2024. Tar éis don Choimisiún a fhíorú gurbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar na Ballstáit dréachtphleananna feidhmíochta cothrom le dáta a chur isteach faoin 15 Samhain 2024.

(4) An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, tá sé bunaithe ar an dréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta le haghaidh TT4 a chuir an Fhionlainn isteach (an dréachtphlean feidhmíochta).

(5) An Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (CAF), comhlacht a thugann cúnamh don Choimisiún chun an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil comhairle uaidh faoin measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta.

(6) I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá sa dréachtphlean feidhmíochta ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh i gcás inarb ábhartha.

(7) Chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta le hathbhreithniú ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Maidir le pointe 2.1(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire nach ndearna sé, mar chuid den athbhreithniú sin, anailís mhionsonraithe ar an modheolaíocht a d’úsáid an Fhionlainn chun costais a leithdháileadh idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt le linn TT4. Dá bhrí sin, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid, ag an gcéim seo, maidir lena mhéid a chomhlíonann an mhodheolaíochtaí sin maidir le leithdháileadh costas pointí (e) agus (f) d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(8) Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(9) Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta a mholann an Fhionlainn sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir an chuspóra bainistíochta sábháilteachta agus arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme: An Fhionlainn Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA Soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta An cuspóir bainistíochta sábháilteachta 2025 2026 2027 2028 2029 Fintraffic ANS Beartas sábháilteachta agus cuspóirí C C C C C Bainistíocht riosca sábháilteachta C C C C D Dearbhú sábháilteachta C C C C C Cur chun cinn sábháilteachta C C C C C Cultúr sábháilteachta C C C C C

(10) Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mholann an Fhionlainn le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta Fintraffic ANS agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2025 go 2029, cé is moite den chuspóir bainistiú riosca sábháilteachta a bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice uile-Aontais a bhaint amach ina leith sa bhliain 2029.

(11) Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta bearta le haghaidh Fintraffic ANS chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail leibhéil inghlactha rioscaí a bhaineann le sábháilteacht a shainiú, feabhas a chur ar an bpróiseas athbhreithnithe riosca sábháilteachta agus infheistíochtaí córais a thacaíonn le feidhmeanna bainistíochta sábháilteachta.

(12) Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (9), (10) agus (11), agus de bhrí go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 le baint amach faoi bhliain dheireanach TT4, is é sin 2029, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla atá sa dréachtphlean feidhmíochta, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

(13) Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna comhshaoil a mholann an Fhionlainn i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024.

(14) Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta comhshaoil a mholann an Fhionlainn le haghaidh TT4 mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha ó Phlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír: An Fhionlainn 2025 2026 2027 2028 2029 Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír 3,38 % 3,37 % 3,36 % 3,35 % 3,34 % Luachanna tagartha 3,38 % 3,37 % 3,36 % 3,35 % 3,34 %

(15) Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil a mholann an Fhionlainn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire in TT4.

(16) Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Fhionlainn i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta bearta chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear cur chun feidhme aerspáis saorbhealaigh trasteorann leis an Iorua, an Laitvia, an Eastóin, an Danmhairg agus an tSualainn.

(17) Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (14), (15) agus (16), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

(18) Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta maidir leis an meánmhoill bainistíochta sreibhe aerthráchta (BSAT) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Fhionlainn i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024.

(19) Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Fhionlainn le haghaidh TT4, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Líonra: An Fhionlainn 2025 2026 2027 2028 2029 Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht, arna léiriú i nóiméid moille BSAT faoi bhealach in aghaidh na heitilte 0,05 0,04 0,03 0,02 0,02 Luachanna tagartha 0,05 0,04 0,03 0,02 0,02

(20) Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Fhionlainn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire in TT4.

(21) Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Fhionlainn i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach, go háirithe maidir le bainistiú an aerspáis agus bainistiú cásanna buaicéilimh tráchta.

(22) Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (19), (20) agus (21), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

(23) I gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a leagtar amach i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Fuarthas amach nach bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní.

(24) Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta maidir leis an gcostas aonaid arna shuí (CAAS) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT4, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an tríú tréimhse thagartha (TT3) agus TT4 (2020-2029), agus an luach bonnlíne CAAS ar leibhéal an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu.

(25) Is iad seo a leanas na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach a mholann an Fhionlainn le haghaidh TT4, mar aon leis na luachanna bonnlíne gaolmhara: Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Fionlainne Luach bonnlíne 2019 Luach bonnlíne 2024 2025 2026 2027 2028 2029 Spriocanna agus luachanna bonnlíne sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, arna léiriú mar chostas aonaid arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022) EUR 46,78 EUR 59,68 EUR 60,29 EUR 62,72 EUR 64,28 EUR 63,93 EUR 65,66

(26) Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht CAAS na Fionlainne ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT4, mar atá +1,9 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,2 %.

(27) Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach CAAS na Fionlainne ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3 agus TT4, mar atá +3,8 %, ná an treocht fhadtéarmach uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,0 %.

(28) Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur chaill an Fhionlainn sciar suntasach de na traseitiltí a bhfreastalaíodh sí orthu go stairiúil, mar thoradh ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Leanann an laghdú tráchta sin ar aghaidh le linn TT4 chun tionchar mór a imirt ar fheidhmíocht costéifeachtúlachta an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta agus, go háirithe, tá tionchar diúltach aige ar threocht fhadtéarmach CAAS na Fionlainne.

(29) Dá bhrí sin, is gá scrúdú a dhéanamh, chun críoch an chritéir measúnaithe dá dtagraítear in aithris (27), an gcomhlíonfadh an Fhionlainn an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais in éagmais na n-imthosca dá dtagraítear in aithris (28).

(30) Chuige sin, rinne an Coimisiún an treocht fhadtéarmach CAAS a athríomh i bhfianaise an chaillteanais struchtúraigh tráchta a mheastar a bheidh ann don Fhionlainn mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, arna thomhas in aonaid seirbhíse faoi bhealach. Is é an toradh atá ar an athríomh sin treocht choigeartaithe fhadtéarmach CAAS le haghaidh na Fionlainne de -1,3 %, rud is fearr ná an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais de -1,0 %. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go gcomhlíonann an Fhionlainn an critéar measúnaithe dá dtagraítear in aithris (27) tar éis éifeacht an laghdaithe shuntasaigh tráchta mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin a chur san áireamh.

(31) Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne na Fionlainne le haghaidh CAAS, mar atá EUR 59,68 i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022 (EUR2022), 8,7 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha a leagtar amach in Airteagal 7 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688, is é sin EUR 65,36 in EUR2022.

(32) Agus tionchar diúltach na n-athruithe tráchta a d’eascair as an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin á chur as an áireamh, is léir go gcomhlíonann an Fhionlainn an treocht fhadtéarmach CAAS. Maidir le haithris (31), léiríonn an Fhionlainn luach bonnlíne CAAS níos ísle i gcomparáid le meánluach an ghrúpa comparáide ábhartha freisin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bac é an diall ón treocht CAAS uile-Aontais le haghaidh TT4 dá dtagraítear in aithris (26) ar chomhsheasmhacht na Fionlainne leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais.

(33) Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (25) go (32), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

(34) I gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a leagtar amach i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Fuarthas amach nach bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní.

(35) I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Fionlainne comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Fhionlainn isteach le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (TT4), agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688.

Airteagal 2 Is chuig Poblacht na Fionlainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Bealtaine 2025. Thar ceann an Choimisiúin Apostolos Tzitzikostas Comhalta den Choimisiún

ANNEX

IARSCRÍBHINN Na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Fionlainne, agus a bhfuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT

An Fhionlainn Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) Soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta An cuspóir bainistíochta sábháilteachta 2025 2026 2027 2028 2029 Fintraffic ANS Beartas sábháilteachta agus cuspóirí C C C C C Bainistíocht riosca sábháilteachta C C C C D Dearbhú sábháilteachta C C C C C Cur chun cinn sábháilteachta C C C C C Cultúr sábháilteachta C C C C C

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL

An Fhionlainn 2025 2026 2027 2028 2029 Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír 3,38 % 3,37 % 3,36 % 3,35 % 3,34 %

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE hACMHAINNEACHT

An Fhionlainn 2025 2026 2027 2028 2029 Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht, arna léiriú i nóiméid moille BSAT faoi bhealach in aghaidh na heitilte 0,05 0,04 0,03 0,02 0,02

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE COSTÉIFEACHTÚLACHT

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Fionlainne Luach bonnlíne 2019 Luach bonnlíne 2024 2025 2026 2027 2028 2029 Spriocanna agus luachanna bonnlíne sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, arna léiriú mar chostas aonaid arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022) EUR 46,78 EUR 59,68 EUR 60,29 EUR 62,72 EUR 64,28 EUR 63,93 EUR 65,66

Versions

  1. 2025-05-19