Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3705) (Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2025-06-05
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1160@2025-06-05/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. ANNEX
  4. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2) I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair.

(3) Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4) An 15 Bealtaine 2025 glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir, bearta a bheidh infheidhme go dtí an 7 Meitheamh 2025.

(5) Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an mBallstát sin tar éis ráig d’ionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(6) Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 ann, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi dhá ráig bhreise d’ionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i gcúige Haskovo.

(7) I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir, agus go háirithe an dá ráig nua sin á gcur san áireamh, ba cheart na bearta éigeandála eatramhacha dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 a choigeartú, ó thaobh spáis agus ama de, agus ba cheart leanúint dá gcur i bhfeidhm chun leathadh breise an ghalair sa Bhulgáir nó sa chuid eile den Aontas a chosc. Dá bhrí sin, an liosta de limistéir atá tugtha cothrom le dáta inar cheart crios srianta a bhunú sa Bhulgáir i leith na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, é sin agus an fad tréimhse atá beartaithe do na criosanna sin, ba cheart iad a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(8) Tá méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar sa Bhallstát lena mbaineann an galar sin, mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair, agus tá siad i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Cuirtear caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) san áireamh freisin agus fad tréimhse na mbeart á chinneadh.

(9) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad.

(10) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Déanfaidh an Bhulgáir an méid seo a leanas a áirithiú:

Airteagal 1

(a) bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin;

(b) go gcuimseofar leis na criosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c) maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948.

Airteagal 3 Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2025. Thar ceann an Choimisiúin Olivér Várhelyi Comhalta den Choimisiún

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí Réigiún Haskovo BG-CAPRIPOX-2025-00004 BG-CAPRIPOX-2025-00005 Protection zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7231, Long. 26.3188 (2025/4), Lat. 41.7171, Long. 26.316 (2025/5). 18.6.2025 Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7231, Long. 26.3188 (2025/4), Lat. 41.7171, Long. 26.316 (2025/5), excluding the areas contained in the protection zone. 27.6.2025 Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7231, Long. 26.3188 (2025/4), Lat. 41.7171, Long. 26.316 (2025/5). 19.6.2025 - 27.6.2025 Réigiún Haskovo BG-CAPRIPOX-2025-00006 Protection zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1161, Long. 26.182 (2025/6). 18.6.2025 Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1161, Long. 26.182 (2025/6), excluding the areas contained in the protection zone. 27.6.2025 Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1161, Long. 26.182 (2025/6). 19.6.2025-27.6.2025

Versions

  1. 2025-06-05