Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1262 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2025 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2025-06-27from 2025-07-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1262@2025-06-27/ga

Contents
  1. Preamble
  2. (3)
  3. (4)
  4. ANNEX

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún, in Iarscríbhinn II de, bunaítear liosta de theaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a áirítear sa chlár athbhreithniúcháin ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha.

(2) I gcás roinnt teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a áirítear sa liosta sin, rinne na rannpháirtithe uile a dtacaíocht a tharraingt siar nó meastar go ndearna siad a dtacaíocht a tharraingt siar in am trátha.

(3) I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (an Ghníomhaireacht) cuireadh oscailte chun ról an rannpháirtí a ghlacadh i gcás na dteaglamaí sin de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nár glacadh ról an rannpháirtí ina leith roimhe sin. I gcás na dteaglamaí sin, níor cuireadh aon fhógra faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 20, an chéad mhír, pointe (b), den Rialachán Tarmligthe sin, níor cheart na teaglamaí sin de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a fhormheas lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Is iad seo a leanas na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí sin: (a) sinc phiritióin (cineálacha táirgí 2, 10); (b) táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantoin, 5-eitil-5-meitilhiodantoin le bróimín agus clóirín (DCDMH) (cineál táirge); (c) táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantoin, 5-eitil-5-meitilhiodantoin le clóirín (DCEMH) (cineál táirge 11).

(3)

(a) sinc phiritióin (cineálacha táirgí 2, 10);

(b) táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantoin, 5-eitil-5-meitilhiodantoin le bróimín agus clóirín (DCDMH) (cineál táirge);

(c) táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantoin, 5-eitil-5-meitilhiodantoin le clóirín (DCEMH) (cineál táirge 11).

(4) Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas faoi na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí sin ar tharraing na rannpháirtithe uile a dtacaíocht siar ina leith nó a meastar gur tharraing siad siar a dtacaíocht ina leith in am trátha, agus ar teaglamaí iad a raibh ról an rannpháirtí glactha ina leith roimhe sin. I gcomhréir le hAirteagal 20, an chéad mhír, pointe (a), den Rialachán Tarmligthe sin, is iad seo a leanas na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí sin nár cheart a fhormheas lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha: (a) 1,2-beinsisitiasól-3(2H)-ón (BIT) (cineál táirge 2); (b) dé-ocsaíd chlóirín (cineál táirge 12).

(4)

(a) 1,2-beinsisitiasól-3(2H)-ón (BIT) (cineál táirge 2);

(b) dé-ocsaíd chlóirín (cineál táirge 12).

(5) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Níl na substaintí gníomhacha a liostaítear san Iarscríbhinn formheasta le haghaidh na gcineálacha táirgí a shonraítear inti.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2025. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

Anx. iarscríbhinn. Teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nach bhfuil formheasta: Uimhir Iontrála in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1062/2014 Ainm na substainte An Ballstát is Rapóirtéir Uimhir CE Uimhir CAS An cineál táirge/na cineálacha táirgí 339 1,2-Beinsisitiasól-3(2H)-ón (BIT) ES 220-120-9 2634-33-5 2 491 Dé-ocsaíd chlóirín DE 233-162-8 10049-04-4 12 522 Sinc phiritióin SE 236-671-3 13463-41-7 2, 10 152 Táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantoin, 5-eitil-5-meitilhiodantoin le bróimín agus clóirín (DCDMH) NL Níl sé ar fáil Níl sé ar fáil 11 777 Táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantóin, 5-eitil-5-meitilhiodantóin le clóirín (DCEMH) NL Níl sé ar fáil Níl sé ar fáil 11

IARSCRÍBHINN

Teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nach bhfuil formheasta: Uimhir Iontrála in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1062/2014 Ainm na substainte An Ballstát is Rapóirtéir Uimhir CE Uimhir CAS An cineál táirge/na cineálacha táirgí 339 1,2-Beinsisitiasól-3(2H)-ón (BIT) ES 220-120-9 2634-33-5 2 491 Dé-ocsaíd chlóirín DE 233-162-8 10049-04-4 12 522 Sinc phiritióin SE 236-671-3 13463-41-7 2, 10 152 Táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantoin, 5-eitil-5-meitilhiodantoin le bróimín agus clóirín (DCDMH) NL Níl sé ar fáil Níl sé ar fáil 11 777 Táirgí imoibriúcháin 5,5-démheitilhiodantóin, 5-eitil-5-meitilhiodantóin le clóirín (DCEMH) NL Níl sé ar fáil Níl sé ar fáil 11

Versions

  1. 2025-06-27