Cinneadh (CBES) 2025/1340 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Cabo Verde
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1340@2025-07-08/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1 Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
- 2.
- 3.
- Airteagal 2 Socruithe airgeadais
- Airteagal 3 Socruithe leis an tairbhí
- 2.
- Airteagal 4 Cur chun feidhme
- Airteagal 5 Faireachán, rialú agus meastóireacht
- 2.
- Airteagal 6 Tuairisciú
- Airteagal 7 Fionraí agus foirceannadh
- Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) lena maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.
(2) Is timpeallacht dhúshlánach fós iad na farraigí amach ón Afraic Thiar, áit a bhfuil píoráideacht, robáil armtha ar muir, fuadach mairnéalach, iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, smuigleáil drugaí agus arm, agus gáinneáil orthu, ar bun, mar aon leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta, agus iad ina mórbhagairt don tslándáil mhuirí. Leis seo, déantar difear don tsaoirse loingseoireachta, cuirtear i mbaol na mórbhealaí trádála, cuirtear i mbaol forbairt inbhuanaithe an réigiúin ar fad mar aon le slí bheatha eacnamaíoch an daonra, agus fágtar meath ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht.
(3) Tá Cabo Verde go háirithe neamhchosanta i gcónaí ar bhagairtí éagsúla, lena n-áirítear an phíoráideacht mhuirí, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhrugaí, an gháinneáil ar dhaoine, an chibearchoireacht agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte mar gheall ar a Limistéar Eacnamaíoch Eisiach ollmhór agus a shuíomh geostraitéiseach ag crosbhóthar an Atlantaigh, lena nasctar an Afraic leis an Eoraip agus le Críocha Mheiriceá. Is gné thábhachtach é Fórsaí Armtha Cabo Verde a neartú chun iarrachtaí slándála muirí a chumasú agus chun tacú leo in Cabo Verde agus laistigh de réigiúin an Atlantaigh agus Mhurascaill na Guine.
(4) Le linn an 13ú Cruinniú Aireachta faoin gComhpháirtíocht Speisialta idir an tAontas Eorpach agus Cabo Verde, a tionóladh sa Bhruiséil an 31 Eanáir 2025, d’athdhearbhaigh an dá chomhpháirtí a rannpháirtíocht chun a gcomhar frithpháirteach a neartú faoin gcolún slándála agus cobhsaíochta, agus é mar aidhm coincheap níos déine don tslándáil a shainiú, i gcomhréir le Cur Chuige Comhtháite an Aontais.
(5) An 10 Márta 2025, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Cabo Verde go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha Cabo Verde trealamh agus seirbhísí tábhachtacha a fháil, chun acmhainneacht Gharda Cósta Cabo Verde a neartú.
(6) Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
(7) Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Cabo Verde (an tairbhí), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an beart cúnaimh).
2. Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh: (a) an comhar maidir le slándáil agus cosaint idir an tAontas agus Cabo Verde a neartú; (b) rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí foriomlána slándála agus cosanta Fhórsaí Armtha Cabo Verde chun ceannasacht Cabo Verde ar muir a chosaint agus chun feabhas a chur ar an tslándáil mhuirí réigiúnach, agus ar an gcaoi sin cosaint níos fearr a thabhairt do shoithí agus d’acmhainní muirí, do phobail chósta agus dá slite beatha; agus, (c) acmhainneacht Cabo Verde a neartú maidir lena rannpháirtíocht in oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, agus maidir lena rannchuidiú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chuimsiú Ailtireacht Yaoundé.
2.
(a) an comhar maidir le slándáil agus cosaint idir an tAontas agus Cabo Verde a neartú;
(b) rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí foriomlána slándála agus cosanta Fhórsaí Armtha Cabo Verde chun ceannasacht Cabo Verde ar muir a chosaint agus chun feabhas a chur ar an tslándáil mhuirí réigiúnach, agus ar an gcaoi sin cosaint níos fearr a thabhairt do shoithí agus d’acmhainní muirí, do phobail chósta agus dá slite beatha; agus,
(c) acmhainneacht Cabo Verde a neartú maidir lena rannpháirtíocht in oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, agus maidir lena rannchuidiú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chuimsiú Ailtireacht Yaoundé.
3. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt seo a leanas, agus na soláthairtí agus seirbhísí seo a leanas: Maoineofar leis an mbeart cúnaimh chomh maith soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás inar gá. (a) soitheach patróil aigéin; agus, (b) cúrsaí oiliúna ar theicnící um píolótú agus/nó ar chothabháil aerárthaí.
3.
(a) soitheach patróil aigéin; agus,
(b) cúrsaí oiliúna ar theicnící um píolótú agus/nó ar chothabháil aerárthaí.
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 48 mhí ó dháta glactha an Chinnidh seo.
Airteagal 2 Socruithe airgeadais
1. EUR 12000000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3 Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú: (a) go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhorsaí Armtha Cabo Verde dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; (b) go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; (c) go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; (d) nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin.
2.
(a) go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhorsaí Armtha Cabo Verde dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
(b) go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;
(c) go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;
(d) nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin.
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4 Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Aireacht um Chosaint Náisiúnta Phoblacht na Portaingéile a chuirfidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo chun feidhme.
Airteagal 5 Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar an tairbhí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh aige. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Cabo Verde dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas: (a) fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; (b) tuairisciú, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, leis na soláthairtí agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na míreanna ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; (c) cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin.
2.
(a) fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;
(b) tuairisciú, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, leis na soláthairtí agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na míreanna ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;
(c) cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin.
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu ar rannchuidigh nó nár rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6 Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.
Airteagal 7 Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.
Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán S. Lose