Gelex

Cinneadh (CBES) 2025/1439 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

In forceVersion 2025-07-15from 2025-07-17
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1439@2025-07-15/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319.

(2) An 28 Iúil 2023, i bhfianaise na staide polaitiúla, eacnamaíche, daonnúla agus slándála i Háítí atá ag dul in olcas, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1574, lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2022/2319 agus lenar bunaíodh creat nua de bhearta sriantacha breise.

(3) Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus Airteagal 3a(1) agus (2) de Chinneadh (CBES) 2022/2319, agus i bhfianaise a thromchúisí atá an staid i Háítí, ba cheart na bearta sin a athnuachan go dtí an 29 Iúil 2026.

(4) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/2319 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 In Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2022/2319, cuirtear an dáta 29 Iúil 2026 in ionad 29 Iúil 2025.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán K. Kallas

Versions

  1. 2025-07-15