Cinneadh (CBES) 2025/1450 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2080
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1450@2025-07-15/ga
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33, i gcomhar le hAirteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 7 Iúil 2003, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia.
(2) An 26 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2080, lenar ceapadh Magdalena GRONO mar ISAE do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia. Rachaidh sainordú ISAE in éag an 31 Lúnasa 2025.
(3) Ba cheart síneadh 24 mhí a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2027.
(4) Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2080 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ;
(1)
Airteagal 1 Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
Leis seo, ceaptar Magdalena GRONO mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia ón 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2025. Cuirtear síneadh le sainordú Magdalena GRONO mar ISAE do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia go dtí an 31 Lúnasa 2027. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
(2) in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: Is é EUR 5330208 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2027 a chumhdach. ;
(3) in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 31 Bealtaine 2027..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán K. Kallas