Gelex

Cinneadh (CBES) 2025/1555 ón gComhairle an 25 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

In forceVersion 2025-07-25from 2025-07-29
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1555@2025-07-25/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin.

(2) Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/1277 go dtí an 31 Iúil 2025. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2026.

(3) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/1277 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 In Airteagal 9, an chéad mhír, de Chinneadh (CBES) 2021/1277, cuirtear an dáta an 31 Iúil 2026 in ionad an 31 Iúil 2025.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Bjerre

Versions

  1. 2025-07-25