Cinneadh (CBES) 2025/1770 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Lúnasa 2025 maidir le Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/1848 (EUNAVFOR MED IRINI/3/2025)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1770@2025-08-27/ga
Contents
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI), go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI).
(2) De bhun Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR MED IRINI (Ceannasaí Oibríochta an Aontais).
(3) An 26 Meitheamh 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1848, lenar ceapadh an Seachaimiréal Valentino RINALDI mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh ón 19 Iúil 2024.
(4) An 3 Meitheamh 2025, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go gceapfaí an Seachaimiréal Marco CASAPIERI i gcomharbas ar an Seachaimiréal Valentino RINALDI mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais ón 12 Meán Fómhair 2025.
(5) An 17 Meitheamh 2025, thacaigh Coiste Míleata an Aontais leis an gceapachán molta arna dhéanamh ag údaráis mhíleata na hIodáile.
(6) Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Marco CASAPIERI a cheapadh mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais.
(7) Ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/1848 a aisghairm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal Marco CASAPIERI mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) ón 12 Meán Fómhair 2025.
Airteagal 2 Leis seo, aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/1848.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meán Fómhair 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Lúnasa 2025. Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála An Cathaoirleach D. Pronk