Cinneadh (AE) 2025/1964 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le haistriú sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1964@2025-09-22/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 4 Márta 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ríocht na hIorua (an Iorua) maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le haistriú sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (an Comhaontú). An 9 Aibreán 2025, tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú.
(2) Leis an gComhaontú, foráiltear d’aistriú sonraí PNR ag aeriompróirí ón Aontas chuig an Iorua agus lánurraim á tabhairt do na cearta dá bhforáiltear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus an saol teaghlaigh a urramú agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, mar a aithnítear in Airteagail 7 agus 8, faoi seach, de. Go háirithe, sa Chomhaontú tá coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta arna n-aistriú faoi a chosaint.
(3) Leis an gComhaontú, cothaítear comhar póilíneachta agus breithiúnach idir údaráis inniúla na hIorua agus údaráis inniúla na mBallstát mar aon le Europol agus Eurojust, agus é mar aidhm aige sin feabhas a chur ar a gcumais teorainneacha seachtracha an Aontais agus na hIorua a neartú, chomh maith leis an tslándáil inmheánach a áirithiú go héifeachtach in éagmais rialuithe ag teorainneacha inmheánacha laistigh de limistéar Schengen.
(4) I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 29 Iúil 2025, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(5) I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,
(6) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug an Maoirseoir a Thuairim 16/2025 an 24 Iúil 2025.
(7) Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le haistriú sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Jensen