Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1968 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarraidh ón Iodáil gan an ceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún maidir le GSM-R a shuiteáil i dtollán a chur i bhfeidhm (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2437) (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

In forceVersion 2025-04-28
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/1968@2025-04-28/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 7(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 11 Nollaig 2023, chuir an Iodáil iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.8. (a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún maidir leis an tollán nua ar líne Mungivacca – Noicattaro go dtí an 31 Nollaig 2029 (an iarraidh). Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797.

(2) I bpointe 4.2.1.8. (a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 leagtar amach an ceanglas go soláthrófaí radachumarsáid idir an traein agus lárionad rialaithe an bhainisteora bonneagair i ngach tollán atá níos faide ná 1 km ar fhad leis an gCóras Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach – Iarnród (GSM-R).

(3) Is éard atá i gceist leis an tionscadal dá dtagraítear san iarraidh tollán nua a thógáil atá 3155 m ar fad ó 7 + 304 km go 10 + 459 km mar chuid de thionscadal níos mó chun rian líne iarnróid Bari – Taranto a dhúbailt idir Mungivacca agus Noicattaro.

(4) De réir na ndoiciméad a chuir an Iodáil isteach, dá gcomhlíonfaí pointe 4.2.1.8. (a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014, bheadh costas breise EUR 4 mhilliún ann, mar ba ghá tuairim agus 60 km den rian sa cheantar máguaird a fheistiú le GSM-R.

(5) Mar fhoráil mhalartach, molann an Iodáil pointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn 2, Cuid a hAon, a ghabhann le Foraithne Aireachta an 28 Deireadh Fómhair 2005 – Sábháilteacht i dtolláin iarnróid (Córas cumarsáide raidió), a chur i bhfeidhm, lena leagtar síos go bhfuil córas le soláthar chun radachumarsáid a chumasú idir baill foirne ar bord traenacha agus idir iad siúd agus an lárionad rialaithe. Tugadh fógra faoin riail náisiúnta sin don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 14(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797, faoi riail IT-FI-1586-1-A.

(6) Sa chleachtas, d’úsáidfí bonneagar cumarsáide móibílí le comharthaí sa Phríomhbhanda GSM atá in ann comharthaí a athchraoladh chuig na ceithre phríomhoibreoir líonraí móibíleacha chomh maith le bonneagar slándála fíor-ardmhinicíochta le comharthaí sa bhanda 400-470 MHz, a fhreastalaíonn ar fhoirne briogáide dóiteáin. De réir na doiciméadachta a chuir an Iodáil ar fáil, rinne an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Shábháilteacht Iarnróid agus Bonneagair Bóthair agus Mórbhealaigh measúnú dearfach ar oiriúnacht na socruithe malartacha sin.

(7) Bunaithe ar an údar leis an iarraidh a chuir an Iodáil ar fáil agus ar an bhforáil mhalartach atá beartaithe, is féidir a mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (c), agus in Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 comhlíonta i ndáil leis an tollán nua ar líne Mungivacca – Noicattaro. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis an iarraidh.

(8) Is ceanglas fíor-riachtanach í an tsábháilteacht, mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/797, a chomhlíonfaidh córas iarnróid an Aontais, na fochórais agus na comhábhair idir-inoibritheachta, lena n-áirítear comhéadain. Dá bhrí sin, ba cheart aon fhaisnéis a sholáthar don Choimisiún lena léirítear go bhféadfadh neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.8. (a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 sábháilteacht an chórais iarnróid a chur i mbaol.

(9) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 An iarraidh ón Iodáil ar neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.8. (a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 maidir leis an tollán nua ar líne Mungivacca – Noicattaro, glactar léi ar choinníoll go gcuirfí an fhoráil mhalartach atá beartaithe ag an Iodáil i bhfeidhm. Cuirfidh an Iodáil an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás ina bhfuil faisnéis aici go bhféadfadh an neamhchur i bhfeidhm dochar réasúnta a dhéanamh do shábháilteacht an chórais iarnróid.

Airteagal 2 Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo. Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2029.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2025. Thar ceann an Choimisiúin Apostolos Tzitzikostas Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2025-04-28