Gelex

Cinneadh (AE) 2025/2124 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

In forceVersion 2025-10-10
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/2124@2025-10-10/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(8), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (an Comhaontú), cuireadh feabhas ar chúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach idir na Páirtithe Conarthacha agus ar chomhlíontacht cánach idirnáisiúnta.

(2) Formheasadh athruithe tábhachtacha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta an 26 Lúnasa 2022 agus a rinneadh iad a ionchorprú i ndlí an Aontais trí bhíthin Threoir 2011/16/AE ón gComhairle le Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle, lenar leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle.

(3) An 21 Bealtaine 2024, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Prionsacht Lichtinstéin (Lichtinstéin) chun an Comhaontú a leasú chun na hathruithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a formheasadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil le hinisiliú an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (an Prótacal Leasaitheach).

(4) Leis na treoracha caibidlíochta, ceanglaíodh ar an gCoimisiún freisin na tagairtí dlíthiúla do reachtaíocht na bPáirtithe Conarthacha maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta.

(5) Is léiriú cuí é téacs an Phrótacail Leasaithigh, atá mar thoradh ar an gcaibidlíocht, ar na treoracha chaibidlíochta a d’eisigh an Chomhairle.

(6) Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal Leasaitheach a shíniú thar ceann an Aontais agus ba cheart na Dearbhuithe Comhpháirteacha atá i gceangal leis an bPrótacal Leasaitheach a fhormheas.

(7) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(8) Chuir Lichtinstéin, ar bhonn a ballraíochta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme trí bhíthin Ghníomh um Chosaint Sonraí an 4 Deireadh Fómhair 2018,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniúan Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail Leasaithigh sin.

Airteagal 2 Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le hAirteagal 5 den Chomhaontú agus Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le teacht i bhfeidhm agus éifeacht an Phrótacail Leasaithigh.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán S. Lose

Versions

  1. 2025-10-10