Cinneadh (CBES) 2025/2211 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/2211@2025-10-27/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 27 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/573/CBES.
(2) Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/573/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.
(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/573/CBES a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 In Airteagal 4(2) de Chinneadh 2010/573/CBES, cuirtear an dáta an 31 Deireadh Fómhair 2026 in ionad an dáta an 31 Deireadh Fómhair 2025.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Jensen