Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2355 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le córais ghloinithe do bhalcóiní agus do lochtáin gan frámaí ingearacha agus córais chomhdhéanta d’insliú teirmeach seachtrach le córas rindreála (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/2355@2025-11-13/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle, agus go hairithe Airteagal 22 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, tar éis iarrataí ó mhonaróirí ar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha, ghlac eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil 66 Dhoiciméad um Measúnú Eorpach.
(2) Baineann na 66 Dhoiciméad um Measúnú Eorpach leis na tagairtí seo a leanas do tháirgí foirgníochta:
córais ghloinithe do bhalcóiní agus do lochtáin gan frámaí ingearacha (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 020002-00-0404);
córais chomhdhéanta d’insliú teirmeach seachtrach le córas rindreála (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 040083-00-0404);
táirgí monarchan de teireataláit phoileitiléine easbhrúite chúrtha le haghaidh insliú teirmeach
trealamh véitiúr – aonaid réamhdhéanta le haghaidh insliú seachtrach agus a bhfeistí ceangail (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 040914-00-0404);
trealamh déanta as boird inslithe le bailchríoch chosanta do dhíonta inbhéartaithe;
fearais feistithe réamhbhallaí i gcomhair fuinneog agus doirse
eilimintí inslithe theirmigh de pholaiméir treisithe le snáithín a chruthaíonn scoilt theirmeach idir eilimintí struchtúracha;
eilimintí inslithe teirmeach ualach-iompartha a chruthaíonn scoilt theirmeach idir balcóiní agus urláir inmheánacha (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 050001-00-0301);
imthacaí sféarúla agus sorcóireacha le hábhar sleamhnáin speisialta déanta as poileitiléin meáchain mhóilínigh ultra-aird (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 050004-00-0301);
tacaí sféarúla agus sorcóireacha le hábhar speisialta sleamhnaithe déanta as fluarapolaiméir (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 050009-00-0301);
painéil draenála réamhchóimeáilte déanta de ghaibiúin agus geoiteicstíl;
pacáistí feistiúcháin comhdhéanta d’fho-fhráma agus feistis chun cumhdaigh agus eilimintí ballaí seachtracha a cheangal (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 090034-00-0404);
athraitheach: pacáistí feistiúcháin le haghaidh cumhdaigh ballaí seachtracha a fhosaítear go meicniúil – Leathnú raoin feidhme;
painéil ghloine cheirmeacha le haghaidh cumhdach seachtrach;
leaca cloiche sintéirithe lánchorpacha le húsáid i gcumhdaigh, urláir, pábháil, staighrí, scáileáin báistí agus pacáistí feistiúcháin imbhalla;
pacáistí feistiúcháin le haghaidh ballaí cuasacha aeráilte féintacaithe agus idirnasctha;
painéal ilchodach adhmadbhunaithe le haghaidh aghaidheanna foirgneamh;
teanntán righin frithluasctha sheismigh le haghaidh píbobair aisréadóirí dóiteáin;
ailt infhairsingithe plocóide solúbtha le haghaidh droichid bhóthair le líonadh solúbtha bunaithe ar pholaiméir shintéiseach mar tháthán (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 120011-00-0107);
colúin soilsiúcháin adhmaid agus mhiotail;
adhmad veiníre lannaithe gliúáilte;
glulam treisithe le hadhmad veiníre lannaithe, adhmad veiníre lannaithe gliúáilte déanta as lannúcháin atá siúntáilte le méarailt agus glulam blocghliúáilte déanta astu;
stroighiní speisialta – stroighin a chruann trí charbónú agus a éilíonn próiseas leasaithe ar leith;
stroighin chumaisc le cion ard líonaigh, slaig fóirnéise soinneáin mheilte ghránaithe nó ábhar pozzolana nó iad araon, agus clincear;
pacáistí feistiúcháin chun eilimintí coincréite a neartú trí stiallacha polaiméire atá treisithe le snáithíní carbóin atá nasctha go seachtrach agus suite gar don dromchla (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 160086-00-0301);
cúplóirí le haghaidh spladhsanna meicniúla de bharraí cruach treisiúcháin (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 160129-00-0301);
nascóirí stoda lena ndaingniú i mbaill choincréite treisithe agus chun baill chruach a nascadh le baill choincréite treisithe;
bloic dhlúthdhomhain chomhbhrúite le haol nó stroighin nó gan iad agus feisteáin balla déanta as na bloic sin agus moirtéal aoil hiodrálaigh nádúrtha;
bróga colúin le haghaidh naisc struchtúracha de cholúin choincréite athneartaithe;
codanna struchtúracha cuasacha de chruach shíonchaithimh;
téada snáithíní le nascóirí foircinn;
leatháin ilchodacha mhiotail tanaí (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 210046-00-1201);
athraitheach: measúnú ar chomhpháirteanna le haghaidh painéil ilchodacha adhmadbhunaithe nach dtáirgeann na monaróirí iad féin;
painéil clóiríde polaivinile neamh-ualachiompartha le haghaidh ballaí inmheánacha agus seachtracha;
slinnte ísealmhaise biotúmain, lannaithe nó gan lannú, ina bhfuil treisiú mianrach nó sintéiseach (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 220020-00-0402);
scriúnna daingnithe le scriúnna suite táthaithe nó fuarfhoirmithe;
fáiscíní feistiúcháin agus fáiscíní sleamhnáin le haghaidh díon séama seasta dhúbailte;
athraitheach: táirgí marcála bóthair – leathnú raoin feidhme;
athraitheach: cumasc le haghaidh meascáin bhiotúmain agus meascáin bhiotúmanacha bunaithe ar phúdar rubair gránaithe – leathnú raoin feidhme;
eilimintí olann carraige a úsáidtear le haghaidh stóráil uisce ar mórscála in oibreacha sibhialta;
greamacháin le haghaidh cumhdaigh balla;
táirgí le haghaidh córais suiteála chun tacú le trealamh teicniúil foirgníochta;
athraitheach: claiseanna daingniúcháin faoi fhiaradh strustuirse timthriallaí le leibhéal ualaigh níos ísle atá éagsúil;
athraitheach: claiseanna daingniúcháin le haghaidh scriúirí tuairte rialaithe;
ceanglóirí meicniúla lena n-úsáid i gcoincréit (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 330232-01-0601);
ceanglóirí iarshuiteáilte i gcoincréit faoi ualú strustuirse timthriallaí (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 330250-00-0601);
athraitheach: ancairí plaisteacha le haghaidh córais neamhstruchtúracha iomarcacha i gcoincréit agus i saoirseacht, agus chun cumhdaigh aghaidhe a fheistiú trí bhraic uillinne faoi ghníomhartha seismeacha i gcoincréit agus i saoirseacht;
ancairí scriúnna lena n-úsáid i saoirseacht;
athraitheach: boltaí daingnithe teilgthe faoi ghníomhartha strustuirse nó seismeacha;
cóimeálacha boltála struchtúracha ard-nirt le haghaidh teannadh a oibrítear go hiodrálach, atá saor ó fhrithchuimilt agus atá saor ó thoirsiún;
feistí daingniúcháin chun córais phearsanta um chosaint ar thitim a fheistiú ar fhostruchtúir adhmaid (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 331846-00-0603);
córais socraithe achair lena n-úsáid i gcoincréit agus i saoirseacht;
pacáistí feistiúcháin chun eilimintí d’aghaidheanna coincréite réamhtheilgthe a nascadh le struchtúir choincréite bunaithe ar chlaiseanna daingniúcháin;
Cóimeálacha feistiúcháin tacaíochta;
pacáistí feistiúcháin ceangailte pointí le haghaidh painéil dín;
feistí daingniúcháin chun córais phearsanta um cosanta ar thitim a fheistiú ar fho-struchtúir leathán traipéasóideach cruach nó alúmanaim;
pacáistí feistiúcháin comhlra buan inslithe le haghaidh foirgnimh iomlána;
painéil shrathaithe ualach-iompartha ina bhfuil croí cúir nó polaiméire agus ar a bhfuil clúdaigh de chláir cháithníneacha arna dtathú le stroighin struchtúrach;
pacáistí feistiúcháin crithdhíonacha atá comhdhéanta de bhíomaí ilchodacha cruach-choincréite, colúin agus ailt bhíoma-cholúin;
athraitheach: pacáistí nó córais feistiúcháin comhlra bhuana neamh-ualachiompartha bunaithe ar bhloic chuasacha nó painéil d’ábhair inslithe agus uaireanta coincréit: bloic chuasacha atá frithsheasmhach in aghaidh gníomhartha seismeacha;
pacáistí feistiúcháin polaiméire snáithíntreisithe atá déanta as lannán snáithín carbóin trétharraingthe agus roisín eapocsach;
pacáistí feistiúcháin polaiméire snáithíntreisithe atá déanta as fabraic charbóin nó ghloine agus roisín eapocsach;
painéil bhalla ilchodacha cruach tógála le haghaidh córais thógála;
struchtúir coinneála cré ancaire aonair ard-ualachiompartha agus íseal-ualachiompartha atá déanta as cruach;
greillí aistrithe aeir imoibríocha frithdhóiteáin;
caipíní le hinleagan borrthach le haghaidh lampaí ionsuite i síleálacha crochta frithdhóiteáin.
(3) Comhlíonann na 66 Dhoiciméad um Measúnú Eorpach na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le hoibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na Doiciméid sin um Measúnú Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(4) Is de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún a fhoilsítear an liosta tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach le haghaidh táirgí foirgníochta. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tagairtí do Dhoiciméid nua um Measúnú Eorpach a chur leis an liosta sin.
(5) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a leasú dá réir.
(6) Chun bheith in ann na 66 Dhoiciméid um Measúnú Eorpach a úsáid a luaithe is féidir ionas gur féidir leis na monaróirí a bhfuil Measúnú Teicniúil Eorpach acu cheana a dtáirge a chur ar an margadh, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025. Thar ceann an Choimisiúin Thar ceann an Uachtaráin Kerstin Jorna Ard-Stiúrthóir An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna/AS GROW
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na rónna seo a leanas isteach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 in ord seicheamhach de réir ord na n-uimhreacha tagartha: 020002-01-0404 Córais ghloinithe do bhalcóiní agus do lochtáin gan frámaí ingearacha (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 020002-00-0404) 040083-01-0404 Córais chomhdhéanta d’insliú teirmeach seachtrach le córas rindreála (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 040083-00-0404) 040179-00-1201 Táirgí monarchan de teireataláit phoileitiléine easbhrúite chúrtha le haghaidh insliú teirmeach 040914-01-0404 Trealamh véitiúr – aonaid réamhdhéanta le haghaidh insliú seachtrach agus a bhfeistí ceangail (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 040914-00-0404) 041827-00-0401 Trealamh déanta as boird inslithe le bailchríoch chosanta do dhíonta inbhéartaithe 041871-00-1201 Fearais feistithe réamhbhallaí i gcomhair fuinneog agus doirse 041877-00-0301 Eilimintí inslithe theirmigh de pholaiméir treisithe le snáithín a chruthaíonn scoilt theirmeach idir eilimintí struchtúracha 050001-01-0301 Eilimintí inslithe teirmeach ualach-iompartha a chruthaíonn scoilt theirmeach idir balcóiní agus urláir inmheánacha (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 050001-00-0301) 050004-01-0301 Imthacaí sféarúla agus sorcóireacha le hábhar sleamhnáin speisialta déanta as poileitiléin meáchain mhóilínigh ultra-aird (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 050004-00-0301) 050009-01-0301 Tacaí sféarúla agus sorcóireacha le hábhar speisialta sleamhnaithe déanta as fluarapolaiméir (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 050009-00-0301) 080007-00-0101 Painéil draenála réamhchóimeáilte déanta de ghaibiúin agus geoiteicstíl 090034-01-0404 Pacáistí feistiúcháin comhdhéanta d’fho-fhráma agus feistis chun cumhdaigh agus eilimintí ballaí seachtracha a cheangal (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 090034-00-0404) 090062-01-0404-v01 Athraitheach: Pacáistí feistiúcháin le haghaidh cumhdaigh ballaí seachtracha a fhosaítear go meicniúil – Leathnú raoin feidhme 090074-00-0504 Painéil ghloine cheirmeacha le haghaidh cumhdach seachtrach 090142-00-0404 Leaca cloiche sintéirithe lánchorpacha le húsáid i gcumhdaigh, urláir, pábháil, staighrí, scáileáin báistí agus pacáistí feistiúcháin imbhalla 090232-00-0404 Pacáistí feistiúcháin le haghaidh ballaí cuasacha aeráilte féintacaithe agus idirnasctha 090240-00-0404 Painéal ilchodach adhmadbhunaithe le haghaidh aghaidheanna foirgneamh 100005-00-1106 Teanntán righin frithluasctha sheismigh le haghaidh píbobair aisréadóirí dóiteáin 120011-01-0107 Ailt infhairsingithe plocóide solúbtha le haghaidh droichid bhóthair le líonadh solúbtha bunaithe ar pholaiméir shintéiseach mar tháthán (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 120011-00-0107) 120017-00-0106 Colúin soilsiúcháin adhmaid agus mhiotail 130337-00-0304 Adhmad veiníre lannaithe gliúáilte 130740-00-0304 Glulam treisithe le hadhmad veiníre lannaithe, adhmad veiníre lannaithe gliúáilte déanta as lannúcháin atá siúntáilte le méarailt agus glulam blocghliúáilte déanta astu 150035-00-0301 Stroighiní speisialta – stroighin a chruann trí charbónú agus a éilíonn próiseas leasaithe ar leith 150080-00-0301 Stroighin chumaisc le cion ard líonaigh, slaig fóirnéise soinneáin mheilte ghránaithe nó ábhar pozzolana nó iad araon, agus clincear 160086-01-0301 Pacáistí feistiúcháin chun eilimintí coincréite a neartú trí stiallacha polaiméire atá treisithe le snáithíní carbóin atá nasctha go seachtrach agus suite gar don dromchla (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 160086-00-0301) 160129-01-0301 Cúplóirí le haghaidh spladhsanna meicniúla de bharraí cruach treisiúcháin (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 160129-00-0301) 160202-00-0301 Nascóirí stoda lena ndaingniú i mbaill choincréite treisithe agus chun baill chruach a nascadh le baill choincréite treisithe 170051-00-0305 Bloic dhlúthdhomhain chomhbhrúite le haol nó stroighin nó gan iad agus feisteáin balla déanta as na bloic sin agus moirtéal aoil hiodrálaigh nádúrtha 200102-00-0302 Bróga colúin le haghaidh naisc struchtúracha de cholúin choincréite athneartaithe 200116-00-0302 Codanna struchtúracha cuasacha de chruach shíonchaithimh 200379-00-0602 Téada snáithíní le nascóirí foircinn 210046-01-1201 Leatháin ilchodacha mhiotail tanaí (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 210046-00-1201) 210058-00-0504-v01 Athraitheach: Measúnú ar chomhpháirteanna le haghaidh painéil ilchodacha adhmadbhunaithe nach dtáirgeann na monaróirí iad féin 210080-00-0505 Painéil clóiríde polaivinile neamh-ualachiompartha le haghaidh ballaí inmheánacha agus seachtracha 220020-01-0402 Slinnte ísealmhaise biotúmain, lannaithe nó gan lannú, ina bhfuil treisiú mianrach nó sintéiseach (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 220020-00-0402) 220169-00-0402 Scriúnna daingnithe le scriúnna suite táthaithe nó fuarfhoirmithe 220183-00-0402 Fáiscíní feistiúcháin agus fáiscíní sleamhnáin le haghaidh díon séama seasta dhúbailte 230011-00-0106-v01 Athraitheach: Táirgí marcála bóthair – Leathnú raoin feidhme 230145-00-0105-v01 Athraitheach: Cumasc le haghaidh meascáin bhiotúmain agus meascáin bhiotúmanacha bunaithe ar phúdar rubair gránaithe – Leathnú raoin feidhme 230158-00-0101 Eilimintí olann carraige a úsáidtear le haghaidh stóráil uisce ar mórscála in oibreacha sibhialta 250005-00-0606 Greamacháin le haghaidh cumhdaigh balla 280016-00-0602 Táirgí le haghaidh córais suiteála chun tacú le trealamh teicniúil foirgníochta 330008-04-0601-v01 Athraitheach: Claiseanna daingniúcháin faoi fhiaradh strustuirse timthriallaí le leibhéal ualaigh níos ísle atá éagsúil 330008-04-0601-v02 Athraitheach: Claiseanna daingniúcháin le haghaidh scriúirí tuairte rialaithe 330232-02-0601 Ceanglóirí meicniúla lena n-úsáid i gcoincréit (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 330232-01-0601) 330250-01-0601 Ceanglóirí iarshuiteáilte i gcoincréit faoi ualú strustuirse timthriallaí (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 330250-00-0601) 330284-00-0604-v02 Athraitheach: Ancairí plaisteacha le haghaidh córais neamhstruchtúracha iomarcacha i gcoincréit agus i saoirseacht, agus chun cumhdaigh aghaidhe a fheistiú trí bhraic uillinne faoi ghníomhartha seismeacha i gcoincréit agus i saoirseacht 330460-00-0604 Ancairí scriúnna lena n-úsáid i saoirseacht 330924-01-0601-v01 Athraitheach: Boltaí daingnithe teilgthe faoi ghníomhartha strustuirse nó seismeacha 331531-00-0602 Cóimeálacha boltála struchtúracha ard-nirt le haghaidh teannadh a oibrítear go hiodrálach, atá saor ó fhrithchuimilt agus atá saor ó thoirsiún 331846-01-0603 Feistí daingniúcháin chun córais phearsanta um chosaint ar thitim a fheistiú ar fhostruchtúir adhmaid (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla EAD 331846-00-0603) 331985-00-0604 Córais socraithe achair lena n-úsáid i gcoincréit agus i saoirseacht 332699-00-0601 Pacáistí feistiúcháin chun eilimintí d’aghaidheanna coincréite réamhtheilgthe a nascadh le struchtúir choincréite bunaithe ar chlaiseanna daingniúcháin 332707-00-0602 Cóimeálacha feistiúcháin tacaíochta 333915-00-0601 Pacáistí feistiúcháin ceangailte pointí le haghaidh painéil dín 334812-00-0602 Feistí daingniúcháin chun córais phearsanta um cosanta ar thitim a fheistiú ar fho-struchtúir leathán traipéasóideach cruach nó alúmanaim 340024-00-0103 Pacáistí feistiúcháin comhlra buan inslithe le haghaidh foirgnimh iomlána 340282-00-0303 Painéil shrathaithe ualach-iompartha ina bhfuil croí cúir nó polaiméire agus ar a bhfuil clúdaigh de chláir cháithníneacha arna dtathú le stroighin struchtúrach 340292-00-0303 Pacáistí feistiúcháin crithdhíonacha atá comhdhéanta de bhíomaí ilchodacha cruach-choincréite, colúin agus ailt bhíoma-cholúin 340309-00-0305-v01 Athraitheach: Pacáistí nó córais feistiúcháin comhlra bhuana neamh-ualachiompartha bunaithe ar bhloic chuasacha nó painéil d’ábhair inslithe agus uaireanta coincréit: bloic chuasacha atá frithsheasmhach in aghaidh gníomhartha seismeacha 340351-00-0104 Pacáistí feistiúcháin polaiméire snáithíntreisithe atá déanta as lannán snáithín carbóin trétharraingthe agus roisín eapocsach 340352-00-0104 Pacáistí feistiúcháin polaiméire snáithíntreisithe atá déanta as fabraic charbóin nó ghloine agus roisín eapocsach 340549-00-0204 Painéil bhalla ilchodacha cruach tógála le haghaidh córais thógála 340739-00-0106 Struchtúir coinneála cré ancaire aonair ard-ualachiompartha agus íseal-ualachiompartha atá déanta as cruach 351141-00-1104 Greillí aistrithe aeir imoibríocha frithdhóiteáin 351281-00-1104 Caipíní le hinleagan borrthach le haghaidh lampaí ionsuite i síleálacha crochta frithdhóiteáin.