Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2390 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2025 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Feidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta na Ríochta Aontaithe lena gceadaítear an táirge bithicídeach Contrac Blox agus Roban Oktablok a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8051) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/2390@2025-11-28/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de, i gcomhar le hAirteagal 5(4) de Chreat Windsor,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 1 Eanáir 2024 ghlac Feidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta na Ríochta Aontaithe, ag gníomhú di thar ceann Fheidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta Thuaisceart Éireann (údarás inniúil na Ríochta Aontaithe), cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 lena gceadófaí na táirgí bithicídeacha Contrac Blox agus Roban Oktablok a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid in aghaidh francaigh dhonna (Rattus norvegicus) sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, go sonrach i limistéir oscailte ar Reachlainn, mar chuid de thionscadal LIFE Raft (an ghníomhaíocht) go dtí an 30 Meitheamh 2025. Chuir údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin.
(2) De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an comhshaol a chosaint. Tá éanlaith mhara, mamaigh bheaga agus inveirteabraigh atá i mbaol ar Reachlainn agus ainmníodh é mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta, faoi Airteagal 4(1), an dara mír, de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar gheall ar a choilíneachtaí forachan, puifiní, seagaí, éadar agus éan mara eile. Creidtear gurb iad na francaigh dhonna ionracha is príomhchúis leis an meath nach beag ar roinnt éanlaith mhara de chuid an oileáin. Is é is aidhm do thionscadal LIFE Raft francaigh a dhíothú ón oileán agus bearta a chur i bhfeidhm chun an dóchúlacht go bhfillfidh siad a laghdú. Úsáidtear na táirgí bithicídeacha Contrac Blox agus Roban Oktablok mar chuid de thionscadal LIFE Raft.
(3) Tá brómaidhé-ólón agus défheanacúm in Contrac Blox agus Roban Oktablok, faoi seach, mar shubstaintí gníomhacha, agus is táirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 iad, mar atá creimiricídí, a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ón 1 Eanáir 2025, tá úsáid lasmuigh na dtáirgí ar chríoch na Ríochta Aontaithe, agus dá bhrí sin Tuaisceart Éireann, bainte óna n-údarú. Leis an gcead sealadach a dheonaigh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, ceadaítear an úsáid lasmuigh sin ar bhealach rialaithe ar Reachlainn. De réir údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, tá creimiricídí antaithéachtacha den dara glúin, amhail Contrac Blox agus Roban Oktablok, ar na táirgí bithicídeacha is éifeachtaí chun francaigh dhonna a dhíothú ar oileáin ar a bhfuil coilíneachtaí éanlaithe mara. Maidir le creimiricídí antaithéachtacha den chéad ghlúin atá ar fáil ar an margadh agus creimiricídí a d’fhéadfadh a bheith iomchuí le modhanna eile gníomhaíochta (mar shampla, colacailciféaról), tá sé cruthaithe nach bhfuil siad éifeachtach i gcomhthéacs díothaithe, de réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ar fáil, agus nach bhféadfadh úsáid gaistí meicniúla a bheith éifeachtach ach amháin ar oileáin an-bheag.
(4) An 15 Bealtaine 2025, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ar chead síneadh a chur leis an ngníomhaíocht sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Mhínigh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, de réir an phrótacail a leanadh le haghaidh an tionscadail díothaithe, gur baineadh baoite de gach stáisiún baoite i mí Aibreáin 2025. Mar sin féin, tá fianaise ag oibrithe allamuigh gur ann do ghníomhaíocht creimirí fós, rud a chiallaíonn nár éirigh go hiomlán leis an oibríocht díothaithe. Tá sé beartaithe clár faireacháin a dhéanamh i mí Mheán Fómhair 2025, agus baoití breise a leagan ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, tá gá le síneadh ama a chur leis an gcead sealadach le haghaidh Contrac Blox agus Roban Oktablok chun go bhféadfar an tionscadal díothaithe a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh réasúnaithe, mar a leagtar amach thuas.
(5) D’fhéadfadh díothú neamhiomlán na bhfrancach donn ar Reachlainn na coilíneachtaí éanlaithe mara ar an oileán a chur i mbaol agus ní féidir an baol sin a rialú go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid ná ar mhodh eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann síneadh a chur leis an ngníomhaíocht.
(6) Ós rud é go ndeachaigh an ghníomhaíocht in éag an 30 Meitheamh 2025, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo.
(7) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Maidir leis an ngníomhaíocht lena gceadaítear na táirgí bithicídeacha Contrac Blox agus Roban Oktablok a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, féadfaidh Feidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta na Ríochta Aontaithe, ag gníomhú di thar ceann Fheidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta Thuaisceart Éireann, síneadh a chur leis an ngníomhaíocht sin go dtí an 2 Eanáir 2027.
Airteagal 2 Is chuig Feidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta na Ríochta Aontaithe, ag gníomhú di thar ceann Fheidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta Thuaisceart Éireann, a dhírítear an Cinneadh seo. Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2025. Thar ceann an Choimisiúin Olivér Várhelyi Comhalta den Choimisiún