Cinneadh (CBES) 2025/2578 ón gComhairle an 15 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/2578@2025-12-15/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 i gcomhar le Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 2 Aibreán 2020, d’aontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar.
(2) An 2 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/489 lenar ceapadh Miroslav LAJČÁK ina ISAE don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar.
(3) Cuireadh síneadh le sainordú ISAE le Cinntí (CBES) 2021/470, (CBES) 2022/1240 agus (CBES) 2024/2085 ón gComhairle.
(4) Sháraigh an caiteachas chun sainordú ISAE a chur chun feidhme an buiséad a formheasadh ar dtús. Is gá, dá bhrí sin, speansais gan íoc a chumhdach chun dúnadh ordúil an tsainordaithe a áirithiú.
(5) Ba cheart an méid tagartha airgeadais don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Eanáir 2025 a choigeartú.
(6) Ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/489 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 In Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2020/489, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: Is é EUR 6779994,20 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Eanáir 2025 a chumhdach..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán K. Kallas