Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/349 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2025/349@2025-02-21/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Áiríodh spíonasad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. I gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh, dá bhrí sin, spíonasad a bheith formheasta go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.
(2) An 27 Aibreán 2021 agus an 28 Aibreán 2021, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (na hiarratais).
(3) An 13 Meán Fómhair 2021 chuir údarás inniúil meastóireachta na hÍsiltíre an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hiarratais. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.
(4) Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.
(5) Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh sí tuairim maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
(6) Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1489 ón gCoimisiún, cuireadh ar atráth go dtí an 30 Aibreán 2025 dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, chun go mbeadh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.
(7) An 26 Meán Fómhair 2024, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas gur ghá síneadh breise a chur leis an bhformheas mar gheall ar mhoilleanna ar an meastóireacht ar an iarratas, agus mhol sé go gcuirfí síneadh breise 2,5 bliain le dáta éaga an fhormheasa.
(8) Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar na hiarratais a chur i gcrích. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh maidir leis an meastóireacht ag an údarás inniúil meastóireachta agus maidir leis na tuairimí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a ullmhú agus a chur isteach, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 á chur san áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027.
(9) Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh spíonasad formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1489, cuirtear ar atráth é go dtí an go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen