Gelex

Cinneadh (CBES) 2026/1060 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 5 Bealtaine 2026 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2026/310 (EUNAVFOR ATALANTA/2/2026)

In forceVersion 2026-05-05from 2026-06-10
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/1060@2026-05-05/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, lena ndéantar foráil maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA).

(2) De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí a dhéanamh a bhaineann le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh EUNAVFOR ATALANTA (Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh).

(3) An 3 Feabhra 2026, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2026/310, lena gceaptar an Seachaimiréal Daniele Paolo Maria MARTINUZZI ina Cheannasaí Fórsa ar an Aontas Eorpach ón 20 Feabhra 2026.

(4) An 11 Feabhra 2026, mhol údaráis mhíleata na Spáinne go gceapfaí an Seachaimiréal Francisco Javier VÁZQUEZ SANZ i gcomharbas ar an Seachaimiréal Daniele Paolo Maria MARTINUZZI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh (an ceapachán molta) ón 10 Meitheamh 2026.

(5) An 16 Márta 2026, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais ar EUNAVFOR ATALANTA leis an gceapachán molta.

(6) An 20 Márta 2026, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Seachaimiréal Francisco Javier VÁZQUEZ SANZ mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

(7) Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Francisco Javier VÁZQUEZ SANZ a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

(8) Ba cheart Cinneadh (CBES) 2026/310 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ceaptar an Seachaimiréal Francisco Javier VÁZQUEZ SANZ mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) ón 10 Meitheamh 2026.

Airteagal 2 Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2026/310 a aisghairm.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Meitheamh 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026. Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála An Cathaoirleach P. Mavrikios

Versions

  1. 2026-05-05