Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1776 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 lena n-údaraítear an Bheilg ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

In forceVersion 2026-07-10
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/1776@2026-07-10/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I litir dar dáta an 8 Eanáir 2026, lorg an Bheilg údarú chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad, atá i mbeart i gcalafoirt (leictreachas cois cladaigh), i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE.

(2) Leis an ráta laghdaithe cánach a bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg a chur i bhfeidhm, tá sé d’aidhm aici úsáid leictreachais cois cladaigh a chur chun cinn. Úsáid leictreachais den sórt sin, meastar gur bealach é atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol chun freastal ar riachtanais leictreachais soithí atá i mbeart i gcalafoirt ná na soithí sin a bheith ag dó breoslaí umair.

(3) Sa mhéid go seachnaítear le húsáid leictreachais cois cladaigh astaíochtaí ó thruailleáin aeir a thagann as soithí atá i mbeart i gcalafoirt a bheith ag dó breoslaí umair, feabhsaítear cáilíocht an aeir áitiúil i gcathracha calafoirt. I bhfianaise dhéine carbóin na giniúna leictreachais sa Bheilg á cur san áireamh, meastar freisin go laghdófar astaíochtaí CO2, truailleáin aeir eile agus torann le húsáid leictreachais cois cladaigh seachas leictreachas a ghintear trí bhreoslaí umair a dhó. Dá bhrí sin, meastar go rannchuideoidh cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánachais maidir le leictreachas cois cladaigh le cuspóirí beartais comhshaoil, sláinte agus aeráide an Aontais.

(4) Trí chead a thabhairt don Bheilg ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas cois cladaigh, ní théann an cead sin thar a bhfuil riachtanach chun úsáid an leictreachais sin a mhéadú, ós rud é go mbeidh giniúint an leictreachais ar bord mar rogha mhalartach níos iomaíche fós i bhformhór na gcásanna. Ar an gcúis chéanna, agus mar gheall gur íseal go leor é dul i bhfód na teicneolaíochta ábhartha ar an margadh, ní dócha go mbeidh aon saobhadh mór ar an iomaíocht mar thoradh ar chur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánachais sin le linn thréimhse a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(5) I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, déanfar gach údarú a dheonaítear faoi Airteagal 19(1) den Treoir sin a theorannú go docht ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin fada go leor ionas nach díspreagadh a bheidh ann d’oibreoirí eacnamaíocha ábhartha na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an t-údarú a iarradh a dheonú ar feadh tréimhse 6 bliana. Mar sin féin, ba cheart an t-údarú sin a scor d’fheidhm a bheith aige ó dháta chur i bhfeidhm aon fhoráil ghinearálta maidir le buntáistí cánach le haghaidh leictreachais cois cladaigh a ghlacfadh an Chomhairle faoi Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás ina mbeadh na forálacha sin infheidhme le linn thréimhse an údaraithe.

(6) Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Tá an Bheilg údaraithe ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad, atá i mbeart i gcalafoirt, ar choinníoll go n-urramaítear na híosleibhéil chánachais dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE.

Airteagal 2 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2032. Mar sin féin, i gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach mbeadh an t-údarú arna dheonú in Airteagal 1 den Chinneadh seo comhoiriúnach leis, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3 Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 4 Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán S. Harris

Versions

  1. 2026-07-10