Gelex

Cinneadh (AE) 2026/1809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2026 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin maidir leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, don Chipir tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025 agus don Spáinn tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025

In forceVersion 2026-07-08
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/1809@2026-07-08/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, agus go háirithe Airteagal 9 de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an Ciste) é a chur ar a chumas don Aontas freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a bhuailtear le tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha nó ag mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2) Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle, a bheith sa Chiste.

(3) An 14 Lúnasa 2025, chuir an Rómáin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte ag deireadh mhí na Bealtaine agus ag tús mhí an Mheithimh 2025.

(4) An 14 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Chipir iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na bhfalscaithe i mí Iúil 2025.

(5) An 30 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na bhfalscaithe i mí Lúnasa 2025.

(6) Comhlíonann na hiarratais sin na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7) Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Rómáin, don Chipir agus don Spáinn.

(8) Chun a áirithiú gur féidir cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil chomh tapa agus is féidir do na Ballstáit lena mbaineann agus chun aon mhoill ar shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a sheachaint, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2026, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

(a) soláthrófar EUR 14339675 don Rómáin i ndáil leis na tuilte ag deireadh mhí na Bealtaine agus ag tús mhí an Mheithimh 2025;

(b) soláthrófar EUR 9209223 don Chipir i ndáil leis na falscaithe i mí Iúil 2025;

(c) soláthrófar EUR 120550858 don Spáinn i ndáil leis na falscaithe i mí Lúnasa 2025.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 8 Iúil 2026.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Iúil 2026 Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán R. Metsola Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. Byrne

Versions

  1. 2026-07-08