Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1879 ón gComhairle an 24 Iúil 2026 maidir le rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa chúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint de bhun Airteagal 13(11) de Rialachán (AE) 2026/467
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/1879@2026-07-24/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2026/467 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027, agus go háirithe Airteagal 13, mír 11 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 13(11) de Rialachán (AE) 2026/467, glacann an Chomhairle gníomh cur chun feidhme i leith tríú tír seachas Stáit CSTE LEE agus an Úcráin. Tá glacadh an ghnímh cur chun feidhme sin faoi réir an tríú tír sin gan leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a shárú agus gan comhaontú a thabhairt i gcrích aici leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle. Sa ghníomh cur chun feidhme sin, cinneann an Chomhairle go gcomhlíonann an tríú tír sin na trí choinníoll charnacha a leagtar síos in Airteagal 13(11), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2026/467, agus sonraíonn sí na táirgí cosanta a bhfuil feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme sin maidir leo. Mar thoradh air sin, áirítear an tríú tír sin i measc Stáit CSTE LEE agus na hÚcráine chun críocha Airteagal 13(4) den Rialachán (AE) 2026/467 maidir leis na táirgí cosanta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin.
(2) Trí bhíthin litir dar dáta an 4 Bealtaine 2026, léirigh an Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) spéis a bheith san áireamh i measc Stáit CSTE LEE agus na hÚcráine chun críoch Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2026/467 a mhéid a bhaineann leis na táirgí cosanta atá le sonrú i gcomhréir le hAirteagal 13(11) den Rialachán sin.
(3) Rinne an Ríocht Aontaithe Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta leis an Aontas an 19 Bealtaine 2025.
(4) An 13 Iúil 2026, shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe Comhaontú Ranníocaíochta idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann leis an ranníocaíocht leis an bhfóirdheontas i leith costais iasachtaíochta faoi Rialachán (AE) 2026/467 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 (Comhaontú Ranníocaíochta).
(5) Tá tacaíocht shuntasach airgeadais agus mhíleata á soláthar ag an Ríocht Aontaithe don Úcráin. Ar bhonn na faisnéise oifigiúla a cuireadh in iúl ina leith, tá gealltanais tugtha ag an Ríocht Aontaithe tacaíocht shuntasach mhíleata agus airgeadais a thabhairt don Úcráin ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Go háirithe, ó bhí mí Fheabhra 2022 ann, tá suas le GBP 21,8 billiún geallta ag an Ríocht Aontaithe mar thaca leis an Úcráin, lena n-áirítear GBP 13 bhilliún i dtacaíocht mhíleata, suas le GBP 5,3 billiún i dtacaíocht neamh-mhíleata agus teorann chumhdaigh GBP 3,5 billiún mar mhaoiniú onnmhairiúcháin. Sa bhreis air sin, tá an Ríocht Aontaithe mar rannpháirtí gníomhach sa Ghrúpa Teagmhála um Chosaint na hÚcráine agus i gcreataí de chuid G7 lena soláthraítear tacaíocht airgeadais agus mhíleata don Úcráin.
(6) Dá bhrí sin, ba cheart a chinneadh leis an gCinneadh seo go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na trí choinníoll charnacha a leagtar síos in Airteagal 13(11), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2026/467 agus, dá thoradh sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(11), an tríú fomhír, den Rialachán sin, meastar an Ríocht Aontaithe a bheith san áireamh i measc Stáit CSTE LEE agus na hÚcráine, chun críoch Airteagal 13(4) den Rialachán sin, maidir leis na táirgí cosanta a shonraítear sa Chinneadh seo. Níl tionchar ag an gCinneadh seo ar aon choinníoll incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2026/467 ná aon choinníoll eile a leagtar amach sa Rialachán sin, go háirithe in Airteagail 17 agus 20 de.
(7) I bhfianaise staid slándála thar a bheith dúshlánach na hÚcráine, a himpleachtaí do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát agus, dá bhrí sin, an gá atá lena áirithiú go gcuirfear Airteagal 13 (11) de Rialachán (AE) 2026/467 chun feidhme go tráthúil i ndáil leis an Ríocht Aontaithe chun tacú le hullmhacht thionsclaíoch na hÚcráine i réimse na cosanta mar fhreagairt ar a riachtanais phráinneacha táirgí cosanta agus ionchais dhlisteanacha á n-urramú go cuí, is iomchuí an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí, na caiteachais agus na bearta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus a bhaineann le táirgí cosanta a shonraítear sa Chinneadh seo amhail ón 13 Iúil 2026, arb é dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Ranníocaíochta é,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(11), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2026/467 i ndáil leis an Ríocht Aontaithe agus dá bhrí sin, de bhun Airteagal 13(11), an tríú fomhír den Rialachán sin, measfar an Ríocht Aontaithe a bheith áirithe i measc Stáit CSTE LEE agus na hÚcráine chun críoch Airteagal 13(4) den Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na táirgí cosanta a shonraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo maidir le gníomhaíochtaí, caiteachais agus bearta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin.
Airteagal 2 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a dtacaítear leo faoi Rialachán (AE) 2026/467 agus a bhaineann le táirgí cosanta a bhaineann le ceann de na catagóirí a leanas:
Airteagal 2
(a) catagóir a haon: armlón agus diúracáin; córais airtléire, lena n-áirítear cumais domhain-ionsaithe; cumais talamhchomhraic agus a gcórais tacaíochta, lena n-áirítear trealamh saighdiúra agus airm coisithe; dróin bheaga (aicme 1 ECAT) agus córais ghaolmhara frithdhróin; cosaint an bhonneagair chriticiúil; an cibir-réimse; agus an tsoghluaisteacht mhíleata, lena n-áirítear an fhrith-shoghluaisteacht;
(b) catagóir a dó: córais aerchosanta agus frithdhiúracán; cumais mhuirí ar dhromchla an uisce agus faoi uisce; dróin cé is moite de dhróin bheaga (aicmí 2 agus 3 ECAT) agus córais ghaolmhara frithdhróin; cumasóirí straitéiseacha, lena n-áirítear aertharlú straitéiseach, athbhreoslú san aer, córais C4ISTAR chomh maith le sócmhainní agus seirbhísí spáis; cosaint sócmhainní spáis; an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí, na caiteachais agus na bearta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2026/467 agus a bhaineann le táirgí cosanta a shonraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo ón 13 Iúil 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2026. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. Byrne