Cinneadh (CBES) 2026/1947 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Djibouti maidir le stádas na bhfórsaí atá faoi stiúir an Aontais Eorpaigh i bPoblacht Djibouti faoi chuimsiú oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/1947@2026-04-21/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 218(5) agus (6) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 8 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/583, lenar bunaíodh oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a choimirciú i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES).
(2) Teastaíonn soláthairtí agus tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht lóistíochta agus leighis, ó longa agus pearsanra a oibríonn faoi chuimsiú EUNAVFOR.
(3) An 12 Márta 2024, le dearbhú aontaobhach, chinn Poblacht Djibouti (Djibouti) go gceadaítear EUNAVFOR ASPIDES a imscaradh in Djibouti chun an tacaíocht a theastaíonn uaithi a fháil agus, go dtí go dtiocfaidh comhaontú idirnáisiúnta chuige sin i bhfeidhm, go mbeidh feidhm ag an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Djibouti maidir le stádas na bhfórsaí atá faoi stiúir an Aontais Eorpaigh i bPoblacht Djibouti faoi chuimsiú oibríocht mhíleata Atalanta de chuid an Aontais, a tugadh i gcrích an 5 Eanáir 2009, maidir le EUNAVFOR ASPIDES agus a phearsanra in Djibouti. Ina theannta sin, luadh sa dearbhú sin go bhfuil cead ag EUNAVFOR ASPIDES feistí míleata Djibouti atá úsáideach dá longa a thabhairt d’aer chuig aerfort Djibouti, chun feistí míleata den sórt sin a stóráil ansin agus iad a iompar go dtí an calafort farraige inar féidir iad a thabhairt ar bord.
(4) An 4 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Djibouti d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le stádas EUNAVFOR ASPIDES. Rinneadh comhaontú a chaibidil idir an tAontas agus Poblacht Djibouti ar bhonn an chinnidh sin.
(5) Ba cheart an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Djibouti maidir le stádas na bhfórsaí atá faoi stiúir an Aontais Eorpaigh i bPoblacht Djibouti faoi chuimsiú oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) a fhormheas agus ba cheart a shíniú a údarú chun ceangal a chur ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Djibouti maidir le stádas na bhfórsaí atá faoi stiúir an Aontais Eorpaigh i bPoblacht Djibouti faoi chuimsiú oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) a fhormheas. Údaraítear leis seo síniú an Chomhaontaithe sin, síniú lena gcuirtear in iúl toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Aibreán 2026. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán K. Kallas