Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2015 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2026 lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2026-09-04from 2026-09-07
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/2015@2026-09-04/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. (2)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE, agus go háirithe Airteagal 7(3) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an t-innealra sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

(2) Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, chuir an Coimisiún iarraidh faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) agus Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (an chéad iarraidh) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus an obair ar na caighdeáin sin a chur i gcrích, chun athruithe a chur san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(3) Thairis sin, le litir M/471 an 29 Meitheamh 2010, chuir an Coimisiún iarraidh eile faoi bhráid CEN (an dara hiarraidh), caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus an obair ar na caighdeáin sin a chur i gcrích, chun leasuithe agus breiseanna a chur san áireamh a tugadh isteach le Treoir 2009/127/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar leasuithe agus breiseanna iad a bhaineann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le cosaint an chomhshaoil nach mór a chomhlíonadh, go sonrach, le hinnealra leata lotnaidicíde freisin.

(4) Ar bhonn na chéad iarrata, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas lena gcumhdaítear forálacha sábháilteachta: EN 81-42:2025, EN 415-4:2025, EN ISO 3991:2025, EN ISO 4254-20:2025, EN ISO 8437-1:2021 agus an leasú air, EN ISO 8437-1:2021/A1:2026, EN ISO 8437-2:2021 agus an leasú air, EN ISO 8437-2:2021/A1:2026, EN ISO 8437-3:2021 agus an leasú air, EN ISO 8437-3:2021/A1:2026, EN ISO 8437-4:2021 agus an leasú air, EN ISO 8437-4:2021/A1:2026, EN 17657:2025, EN 17969:2026, EN 50374:2025 agus an leasú air, EN 50374:2025/A1:2025, EN ISO/ASTM 52938-1:2025, EN IEC 60335-2-34:2023 agus na leasuithe air, EN IEC 60335-2-34:2023/A11:2023 agus EN IEC 60335-2-34:2023/A12:2025, EN 60335-2-38:2003 agus an ceartúchán air, EN 60335-2-38:2003/AC:2007 agus na leasuithe air, EN 60335-2-38:2003/A1:2008, EN 60335-2-38:2003/A2:2024 agus EN 60335-2-38:2003/A11:2024, EN IEC 62841-2-7:2024 agus an leasú air, EN IEC 62841-2-7:2024/A11:2024 agus an ceartúchán air, EN IEC 62841-2-7:2024/AC:2025-07, chomh maith le EN IEC 62841-3-16:2026 agus an leasú air, EN IEC 62841-3-16:2026/A11:2026..

(5) Ar bhonn na chéad iarrata, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún: EN 81-3:2000+A1:2008 agus an ceartúchán air, EN 81-3:2000+A1:2008/AC:2009, EN 869:2006+A1:2009, EN 1175:2020, EN 1248:2001+A1:2009, EN ISO 3744:2010, EN ISO 8528-13:2016, EN ISO 10218-1:2011, EN ISO 10218-2:2011, EN ISO 11680-1:2021, EN ISO 11680-2:2021, EN 12312-1:2013, EN 12622:2009+A1:2013, EN 12693:2008, EN 13001-3-5:2016+A1:2021, EN 13288:2005+A1:2009, EN ISO 13855:2010, EN ISO 14119:2013, EN ISO 16089:2015, EN 16474:2015, EN ISO 18497:2018, EN ISO 19085-4:2018, EN ISO 19085-5:2017, EN ISO 19085-6:2017, EN ISO 19085-7:2019, EN ISO 19085-8:2018, EN ISO 19085-9:2020, EN ISO 19085-11:2020, EN ISO 19085-12:2021 agus an leasú air, EN ISO 19085-12:2021/A11:2023, EN ISO 19085-13:2020, EN ISO 19085-15:2021, EN ISO 19932-1:2013, EN ISO 19932-2:2013, EN ISO 28139:2009, EN 50434:2014 faoi réir sriain, EN 50580:2012 agus an leasú air, EN 50580:2012/A1:2013, EN 50636-2-91:2014, EN 50636-2-100:2014, EN 60335-2-40:2003 agus na ceartúcháin air, EN 60335-2-40:2003/AC:2006, EN 60335-2-40:2003/AC:2010 agus EN 60335-2-40:2003/A13:2012/AC:2013 agus na leasuithe air, EN 60335-2-40:2003/A11:2004, EN 60335-2-40:2003/A12:2005, EN 60335-2-40:2003/A1:2006, EN 60335-2-40:2003/A2:2009 agus EN 60335-2-40:2003/A13:2012, EN 60335-2-58:2005 agus na leasuithe air, EN 60335-2-58:2005/A2:2015 agus EN 60335-2-58:2005/A12:2016, EN 60745-2-12:2009, EN 60745-2-18:2009, EN 60745-2-19:2009 agus an leasú air, EN 60745-2-19:2009/A1:2010, EN 60745-2-20:2009, agus EN 60745-2-22:2011 agus an leasú air, EN 60745-2-22:2011/A11:2013. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 81-30:2025, EN ISO 23063:2025, EN 1175:2025, EN ISO 23779:2025, EN ISO 3744:2026, EN ISO 8528-13:2026, EN ISO 10218-1:2025, EN ISO 10218-2:2025, EN ISO 11680:2025, EN 12312-1:2024, EN ISO 6909:2026, EN 12693:2026, EN ISO 13855:2024, EN 13001-3-5:2025, EN 13288:2025, EN ISO 13855:2024, EN ISO 14119:2025 agus an leasú air, EN ISO 14119/A11:2026, EN ISO 16089:2025, EN 16474:2025, EN ISO 18497-1:2024, EN ISO 18497-2:2024, EN ISO 18497-3:2024, EN ISO 18497-4:2024, EN ISO 19085-4:2024, EN ISO 19085-5:2024, EN ISO 19085-6:2024, EN ISO 19085-7:2024, EN ISO 19085-8:2024, EN ISO 19085-9:2024, EN ISO 19085-11:2024, EN ISO 19085-12:2024, EN ISO 19085-13:2024, EN ISO 19085-15:2024, EN ISO 19932-1:2025, EN ISO 19932-2:2025, EN ISO 28139:2021 agus an leasú air, EN ISO 28139:2021/A1:2024, EN IEC 62841-4-8:2025, EN IEC 62841-2-7:2024 agus an leasú agus an ceartúchán air, EN IEC 62841-2-7:2024/A11:2024 agus EN IEC 62841-2-7:2024/AC:2025-07, EN IEC 62841-4-4:2026 agus na leasuithe air, EN IEC 62841-4-4:2026/A1:2026 agus EN IEC 62841-4-4:2026/A11:2026, EN IEC 62841-4-6:2024 agus an leasú agus an ceartúchán air, EN IEC 62841-4-6:2024/A11:2024 agus EN IEC 62841-4-6:2024/AC:2026-06, EN IEC 60335-2-40:2024 agus an leasú air, EN IEC 60335-2-40:2024/A11:2024, EN IEC 60335-2-58:2025 agus an leasú air, EN IEC 60335-2-58:2025/A11:2025, EN IEC 62841-2-12:2024 agus an leasú agus an ceartúchán air, EN IEC 62841-2-12:2024/A11:2024 agus EN IEC 62841-2-12:2024/AC:2025-11, EN IEC 62841-2-18:2026 agus an leasú air, EN IEC 62841-2 18:2026/A11:2026, EN IEC 62841-2-19:2025 agus an leasú air, EN IEC 62841-2-19:2025/A11:2025, EN IEC 62841-2-20:2025 agus an leasú air, EN IEC 62841-2-20:2025/A11:2025, agus EN IEC 62841-2-22:2025 agus an leasú air, EN IEC 62841-2-22:2025/A11:2025

(6) Thairis sin, ar bhonn na chéad iarrata, leasaigh Cenelec EN ISO 4254-7:2017, EN IEC 62061:2021, EN IEC 62841-2-6:2020 agus an leasú air EN IEC 62841-2-6:2020/A11:2020, chomh maith le EN 62841-2-11:2016 agus an leasú air EN 62841-2-11:2016/A1:2020 faoi réir sriain, ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586.

(7) Ar bhonn an dara hiarraidh, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua EN ISO 3991:2025, EN ISO 4254-20:2025, chomh maith le EN 17745:2025.

(8) Ar bhonn an dara hiarraidh, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586: EN ISO 19932-1:2013, EN ISO 19932-2:2013, chomh maith le EN ISO 28139:2009. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN ISO 19932-1:2025, EN ISO 19932-2:2025, agus EN ISO 28139:2021 agus an leasú air, EN ISO 28139:2021/A1:2024.

(9) Rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhar le CEN agus Cenelec, féachaint an gcomhlíontar na hiarrataí ábhartha leis na caighdeáin chomhchuibhithe nua athbhreithnitheacha agus leasaitheacha.

(10) Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas na cuspóirí sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ar cuspóirí iad a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE: EN ISO 3744:2026; EN ISO 13855:2024; EN ISO 14119:2025, arna leasú le EN ISO 14119/A11:2026; EN IEC 62061:2021, arna leasú le EN IEC 62061:2021/A1:2024; EN 81-30:2025; EN 81-42:2025; EN 415-4:2025; EN 1175:2025; EN ISO 3991:2025; EN ISO 4254-7:2017, arna leasú le EN ISO 4254-7/A1:2026; EN ISO 4254-20:2025; EN ISO 6909:2026; EN ISO 8437-1:2021, arna leasú le EN ISO 8437-1:2021/A1:2026; EN ISO 8437-2:2021, arna leasú le EN ISO 8437-2:2021/A1:2026; EN ISO 8437-3:2021, arna leasú le EN ISO 8437-3:2021/A1:2026; EN ISO 8437-4:2021, arna leasú le EN ISO 8437-4:2021/A1:2026; EN ISO 8528-13:2026; EN ISO 10218-1:2025; EN ISO 10218-2:2025; EN ISO 11680:2025; EN 12312-1:2024; EN 12693:2026; EN 13001-3-5:2025; EN 13288:2025; EN ISO 16089:2025; EN 16474:2025; EN 17657:2025; EN 17745:2025; EN 17969:2026; EN ISO 18497-1:2024; EN ISO 18497-2:2024; EN ISO 18497-3:2024; EN ISO 18497-4:2024; EN ISO 19085-4:2024; EN ISO 19085-5:2024; EN ISO 19085-6:2024; EN ISO 19085-7:2024; EN ISO 19085-8:2024; EN ISO 19085-9:2024; EN ISO 19085-11:2024; EN ISO 19085-12:2024; EN ISO 19085-13:2025; EN ISO 19085-15:2025; EN ISO 19932-1:2025; EN ISO 19932-2:2025; EN ISO 23063:2025; EN ISO 23779:2025; EN ISO 28139:2021, arna leasú le EN ISO 28139:2021/A1:2024; EN 50374:2025, arna leasú le EN 50374:2025/A1:2025; EN ISO/ASTM 52938-1:2025; EN IEC 60335-2-34:2023, arna leasú le EN IEC 60335-2-34:2023/A11:2023, agus EN IEC 60335-2-34:2023/A12:2025; EN 60335-2-38:2003, arna cheartú le EN 60335-2-38:2003/AC:2007 agus arna leasú le EN 60335-2-38:2003/A1:2008, EN 60335-2-38:2003/A2:2024 agus EN 60335-2-38:2003/A11:2024; EN IEC 60335-2-40:2024, arna leasú le EN IEC 60335-2-40:2024/A11:2024; EN IEC 60335-2-58:2025, arna leasú le EN IEC 60335-2-58:2025/A11:2025; EN IEC 62841-2-6:2020, arna leasú le EN IEC 62841-2-6:2020/A11:2020 EN IEC 62841-2-6:2020/A1:2024 agus EN IEC 62841-2-6:2020/A12:2024 agus arna cheartú le EN IEC 62841-2-6:2020/AC:2024-11; EN IEC 62841-2-7:2024 arna leasú le EN IEC 62841-2-7:2024/A11:2024 agus arna cheartú le EN IEC 62841-2-7:2024/AC:2025-07; EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020 agus EN 62841-2-11:2016/A11:2024; EN IEC 62841-2-12:2024, arna leasú le EN IEC 62841-2-12:2024/A11:2024 agus arna cheartú le EN IEC 62841-2-12:2024/AC:2025-11; EN IEC 62841-2-18:2026, arna leasú le EN IEC 62841-2-18:2026/A11:2026; EN IEC 62841-2-19:2025, arna leasú le EN IEC 62841-2-19:2025/A11:2025; EN IEC 62841-2-20:2025, arna leasú le EN IEC 62841-2-20:2025/A11:2025;EN IEC 62841-2-22:2025, arna leasú le EN IEC 62841-2-22:2025/A11:2025; EN IEC 62841-2-23:2026, arna leasú le EN IEC 62841-2-23:2026/A11:2026; EN IEC 62841-3-16:2026, arna leasú le EN IEC 62841-3-16:2026/A11:2026; EN IEC 62841-4-4:2026, arna leasú le EN IEC 62841-4-4:2026/A1:2026 agus EN IEC 62841-4-4:2026/A11:2026; EN IEC 62841-4-6:2024, arna leasú le EN IEC 62841-4-6:2024/A11:2024 agus arna cheartú le EN IEC 62841-4-6:2024/AC:2026-06; agus EN IEC 62841-4-8:2025, arna leasú le EN IEC 62841-4-8:2025/A11:2025. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin, chomh maith leis na leasuithe agus na ceartúcháin orthu, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(11) In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2006/42/CE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, ba cheart na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe, mar aon leis na leasuithe agus na ceartúcháin orthu, dá dtagraítear san aithris roimhe seo, a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(12) Thairis sin, cheartaigh CEN caighdeáin chomhchuibhithe EN 13155:2020+A1:2025 agus EN 14439:2025. Dá bhrí sin, is gá na ceartúcháin sin a léiriú dá réir sin i gCuid a Trí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586.

(13) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a leasú dá réir sin.

(14) Ó tharla go n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE le Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le héifeacht ón 20 Eanáir 2027, is gá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a aisghairm, le héifeacht ón dáta sin.

(15) Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm dáta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 le héifeacht ón 20 Eanáir 2027.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meán Fómhair 2026. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 mar a leanas:

(1) i gCuid a Dó, pointe 2, cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach: 32a. EN ISO 3744:2026 Fuaimíocht – Leibhéil cumhachta fuaime foinsí torainn a chinneadh agus brú fuaime á úsáid – Modhanna innealtóireachta le haghaidh réimse atá saor go bunúsach thar phlána frithchaiteach (ISO 3744:2025, lena n-áirítear an leagan ceartaithe 2026-01); 71a. EN ISO 13855:2024 Sábháilteacht innealra – Suíomh cosaintí i ndáil le teacht i ngaireacht chorp an duine (ISO 13855:2024); 77a. EN ISO 14119:2025 Sábháilteacht innealra – Feistí comhghlasáilte a bhaineann le gardaí – Prionsabail maidir le dearadh agus rogha (ISO 14119:2024) EN ISO 14119/A11:2026; 104a. EN IEC 62061:2021 Sábháilteacht innealra – Sábháilteacht fheidhmiúil córas rialaithe a bhaineann le sábháilteacht EN IEC 62061:2021/A1:2024;

(2) Leasaítear Cuid a Trí, pointe 2, mar a leanas:

(2)

(a) cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach: 1a. EN 81-30:2025 Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí – Ardaitheoirí chun earraí a iompar amháin – Cuid 30: Ardaitheoirí seirbhísí leictreacha agus hiodrálacha; 4b. EN 81-42:2025 Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí – Ardaitheoirí speisialta chun earraí agus daoine a iompar amháin – Cuid 42: Fearais ardaithe ingearacaha ag a bhfuil iompróir iata agus atá ceaptha lena n-úsáid ag daoine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas; 14a. EN 415-4:2025 Sábháilteacht meaisíní pacáistithe – Cuid 4: Luchtóirí pailléad agus dí-luchtóirí pailléad agus trealamh gaolmhar; 102a. EN 1175:2025 Sábháilteacht trucailí tionsclaíocha – Ceanglais leictreacha/leictreonacha; 191a. EN ISO 3991:2025 Innealra talmhaíochta – Córais bheatha róbatacha – Sábháilteacht (ISO 3991:2025); 195a. EN ISO 4254-7:2017 Innealra talmhaíochta - Sábháilteacht – Cuid 7: Comhbhuainteoirí, buainteoirí foráiste, buainteoirí cadáis agus buainteoirí cána siúcra (ISO 4254-7:2017, leagan ceartaithe 2019-03) EN ISO 4254-7/A1:2026; 202a. EN ISO 4254-20:2025 Innealra talmhaíochta – Sábháilteacht – Cuid 20: Buainteoirí fíonchaor, ológ agus caife (ISO 4254-20:2025); 209a. EN ISO 6909:2026 Meaisínuirlisí – Sábháilteacht – Brúchoscáin (ISO 6909:2026); 213a. EN ISO 8437-1:2021 Caiteoirí sneachta - Ceanglais sábháilteachta agus nósanna imeachta tástála – Cuid 1: Téarmaíocht agus tástálacha coiteanna (ISO 8437-1:2019/Amd 1:2026) EN ISO 8437-1:2021/A1:2026; 213b. EN ISO 8437-2:2021 Caiteoirí sneachta – Ceanglais sábháilteachta agus nósanna imeachta tástála – Cuid 2: Caiteoirí sneachta faoi rialú coisithe (ISO 8437-2:2019/Amd 1:2026) EN ISO 8437-2:2021/A1:2026; 213c. EN ISO 8437-3:2021 Caiteoirí sneachta – Ceanglais sábháilteachta agus nósanna imeachta tástála – Cuid 3: Caiteoirí sneachta marcaíochta (ISO 8437-3:2019/Amd 1:2026) EN ISO 8437-3:2021/A1:2026; 213d. EN ISO 8437-4:2021 Caiteoirí sneachta – Ceanglais sábháilteachta agus nósanna imeachta tástála – Cuid 4: Ceanglais bhreise náisiúnta agus réigiúnacha (ISO 8437-4:2019/Amd 1:2026) EN ISO 8437-4:2021/A1:2026; 215a. EN ISO 8528-13:2026 Tacair ghiniúna srutha ailtéarnaigh faoi thiomáint innill inmheánaigh fhrithingigh dó – Cuid 13: Sábháilteacht (ISO 8528-13:2026); 223a. EN ISO 10218-1:2025 An róbataic - Ceanglais sábháilteachta – Cuid 1: Róbait thionsclaíocha (ISO 10218-1:2025); 224a. EN ISO 10218-2:2025 An róbataic – Ceanglais sábháilteachta - Cuid 2: Feidhmeanna róbait thionsclaíoch agus cealla róbait (ISO 10218-2:2025); 261a. EN ISO 11680:2025 Innealra le haghaidh foraoiseachta – Ceanglais sábháilteachta agus tástáil le haghaidh prúnairí cumhachtaithe iniompartha atá suite ar chuaillí (ISO 11680:2025); 288a. EN 12312-1:2024 Trealamh tacaíochta ar thalamh d’aerárthaí – Riachtanais shainiúla – Cuid 1: Staighrí paisinéirí; 348a. EN 12693:2026 Córais chuisniúcháin agus caidéil teasa – Ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil – Comhbhrúiteoirí cuisneáin toillíochta dearfaí; 375a. EN 13001-3-5:2025 Craenacha – Dearadh ginearálta – Cuid 3-5: Riochtaí Teorann agus fianaise ar inniúlacht maidir le crúcaí gaibhnithe agus teilgthe; 406a. EN 13288:2025 Innealra próiseála bia – Meaisíní ardaithe agus claonta babhla – Riachtanais sábháilteachta agus sláinteachais; 516a. EN ISO 16089:2025 Meaisínuirlisí – Sábháilteacht – Meaisíní meilte seasta (ISO 16089:2025); 545a. EN 16474:2025 Meaisíní plaistice agus rubair – Meaisíní chun boinn a chruachan – Ceanglais sábháilteachta; 572 – aa. EN 17657:2025 Trealaimh le haghaidh seamlas – Gaistí maraithe le haghaidh bó-ainmhithe – Ceanglais sábháilteachta agus ghlantacháin; 572c. EN 17745:2025 Innealra talmhaíochta agus foraoiseachta – Ceanglais chomhshaoil maidir leis an bhforchuradóir gráinníní i dtáirgí cosanta plandaí; 573b. EN 17969:2026 Innealra crécharta – Sábháilteacht – Córais chosanta ar éilliú; 574a. EN ISO 18497-1:2024 Innealra talmhaíochta agus tarracóirí – Sábháilteacht maidir le hinnealra páirt-uathoibríoch, leath-uathrialaitheach agus uathrialaitheach – Cuid 1: Prionsabail agus foclaíocht um dhearadh meaisíní (ISO 18497-1:2024); 574b. EN ISO 18497-2:2024 Innealra talmhaíochta agus tarracóirí – Sábháilteacht maidir le hinnealra páirt-uathoibríoch, leath-uathrialaitheach agus uathrialaitheach – Cuid 2: Prionsabail dearaidh le haghaidh córais cosanta bacainní (ISO 18497-2:2024); 574c. EN ISO 18497-3:2024 Innealra talmhaíochta agus tarracóirí – Sábháilteacht maidir le hinnealra páirt-uathoibríoch, leath-uathrialaitheach agus uathrialaitheach – Cuid 3: Criosanna oibriúcháin uathrialaitheacha (ISO 18497-3:2024); 574d. EN ISO 18497-4:2024 Innealra talmhaíochta agus tarracóirí – Sábháilteacht maidir le hinnealra páirt-uathoibríoch, leath-uathrialaitheach agus uathrialaitheach – Cuid 4: Modhanna fíorúcháin agus prionsabail bhailíochtaithe (ISO 18497-4:2024); 578a. EN ISO 19085-4:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 4: Meaisíní sáfa chiorclaigh painéil ingearaigh (ISO 19085-4:2024); 579a. EN ISO 19085-5:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 5: Sábha toisithe (ISO 19085-5:2024); 580a. EN ISO 19085-6:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 6: Meaisíní múnlaithe ingearacha aonfhearsaide (toupie) (ISO 19085-6:2024); 581a. EN ISO 19085-7:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 7: Meaisíní plánála dromchla, meaisíní plánála tiúis agus meaisíní plánála dromchla/tiúis comhcheangailte (ISO 19085-7:2024); 582a. EN ISO 19085-8:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 8: Meaisíní greanála leathan-chreasa agus meaisíní cóireála dromchla (ISO 19085-8:2024); 583a. EN ISO 19085-9:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 9: Binsí sábha ciorclacha (le bord sleamhnáin agus gan é) (ISO 19085-9:2024); 585 – a. EN ISO 19085-11:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 11: Meaisíní comhcheangailte (ISO 19085-11:2024); 585b. EN ISO 19085-12:2024 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 12: Meaisíní tionúraithe/próifílithe (ISO 19085-12:2024); 586a. EN ISO 19085-13:2025 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 13: Meaisíní sracsháfa il-lann le lódáil agus/nó dílódáil de láimh (ISO 19085-13:2025); 588a. EN ISO 19085-15:2025 Meaisíní adhmadóireachta – Sábháilteacht – Cuid 15: Fáisceáin (ISO 19085-15:2025); 595a. EN ISO 19932-1:2025 Trealamh le haghaidh barra a chosaint – Spraeirí cnapsaic – Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil (ISO 19932-1:2025); 596a. EN ISO 19932-2:2025 Trealamh le haghaidh barra a chosaint – Spraeirí cnapsaic – Cuid 2: Modhanna tástála (ISO 19932-2:2025); 603a. EN ISO 23063:2025 Innealra teilgcheárta – Ceanglais sábháilteachta maidir le meaisíní teilgthe dísle ardbhrú (ISO 23063:2024); 604 – a. EN ISO 23779:2025 Innealra roisghlanta – Ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil (ISO 23779:2024); 605a. EN ISO 28139:2021 Trealamh le haghaidh barra a chosaint – Spraeirí cnapsaic aer-roiste faoi thiomáint innill dó – Ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil agus modhanna tástála (ISO 28139:2019) EN ISO 28139:2021/A1:2024; 621a. EN 50374:2025 Carranna seoltóra EN 50374:2025/A1:2025; 631a. EN ISO/ASTM 52938-1:2025 Monarú suimitheach miotal – Comhshaol, sláinte agus sábháilteacht – Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta maidir le meaisíní PBF-LB (ISO 52938-1:2025); 635a. EN IEC 60335-2-34:2023 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-34: Ceanglais ar leith maidir le comhbhrúiteoirí mótair (IEC 60335-2-34:2021) EN IEC 60335-2-34:2023/A11:2023 EN IEC 60335-2-34:2023/A12:2025; 637a. EN 60335-2-38:2003 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-38: Ceanglais ar leith maidir le gridillí leictreacha tráchtála agus gríoscáin ghridille EN 60335-2-38:2003/AC:2007 EN 60335-2-38:2003/A1:2008 EN 60335-2-38:2003/A2:2024 EN 60335-2-38:2003/A11:2024; 638a. EN IEC 60335-2-40:2024 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-40: Ceanglais ar leith maidir le caidéil teasa leictreacha, aerchóiritheoirí leictreacha agus díthaisirí leictreacha (IEC 60335-2-40:2022 + COR1:2024) EN IEC 60335-2-40:2024/A11:2024; 644a. EN IEC 60335-2-58:2025 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-58: Ceanglais ar leith maidir le meaisíní miasnite leictreacha tráchtála (IEC 60335-2-58:2017) EN IEC 60335-2-58:2025/A11:2025; 677a. EN IEC 62841-2-6:2020 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-6: Ceanglais shainiúla maidir le casúir láimhe (IEC 62841-2-6:2020) EN IEC 62841-2-6:2020/A11:2020 EN IEC 62841-2-6:2020/AC:2024-11 EN IEC 62841-2-6:2020/A1:2024 EN IEC 62841-2-6:2020/A12:2024; 677b. EN IEC 62841-2-7:2024 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-7: Ceanglais ar leith maidir le spraeghunnaí láimhe (IEC 62841-2-7:2024) EN IEC 62841-2-7:2024/A11:2024 EN IEC 62841-2-7:2024/AC:2025-07; 681b. EN 62841-2-11:2016 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-11: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha frithingeacha láimhe (IEC 62841-2-11:2015, modhnaithe) EN 62841-2-11:2016/A1:2020 EN 62841-2-11:2016/A11:2024; 681c. EN IEC 62841-2-12:2024 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-12: Ceanglais ar leith maidir le creathadóirí coincréite (IEC 62841-2-12:2024) EN IEC 62841-2-12:2024/A11:2024 EN IEC 62841-2-12:2024/AC:2025-11; 683a. EN IEC 62841-2-18:2026 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-18: Ceanglais ar leith maidir le huirlisí láimhe daingnithe (IEC 62841-2-18:2024 + COR1:2025) EN IEC 62841-2-18:2026/A11:2026; 683b. EN IEC 62841-2-19:2025 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-19: Ceanglais ar leith maidir le siúntálaithe (IEC 62841-2-19:2024) EN IEC 62841-2-19:2025/A11:2025; 683c. EN IEC 62841-2-20:2025 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-20: Ceanglais ar leith maidir le crios-sábha láimhe (IEC 62841-2-20:2024) EN IEC 62841-2-20:2025/A11:2025; 684a. EN IEC 62841-2-22:2025 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-22: Ceanglas ar leith maidir le meaisíní láimhe gearrtha (IEC 62841-2-22:2025) EN IEC 62841-2-22:2025/A11:2025; 684b. EN IEC 62841-2-23:2026 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 2-23: Ceanglais ar leith maidir le líomhadóirí láimhe dísle agus uirlisí rothlacha beaga (IEC 62841-2-23:2024) EN IEC 62841-2-23:2026/A11:2026; 694a. EN IEC 62841-3-16:2026 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 3-16: Ceanglais ar leith maidir le criosghreanóirí iniompartha, dioscghreanóirí iniompartha agus greanóirí iniompartha ina bhfuil crios agus diosca (IEC 62841-3-16:2025) EN IEC 62841-3-16:2026/A11:2026; 697a. EN IEC 62841-4-4:2026 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 4-4: Riachtanais shainiúla maidir le bearrthóirí faiche, bearrthóirí imeall faichí, bearrthóirí féir, gearrthóirí caschoille agus sábha caschoille (IEC 62841-4-4:2020) EN IEC 62841-4-4:2026/A1:2026 EN IEC 62841-4-4:2026/A11:2026; 698a. EN IEC 62841-4-6:2024 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 4-6: Riachtanais shainiúla maidir le séidirí gairdín, folúsghlantóirí gairdín agus séidirí/folúsghlantóirí gairdín (IEC 62841-4-6:2022) EN IEC 62841-4-6:2024/A11:2024 EN IEC 62841-4-6:2024/AC:2026-06; 699a. EN IEC 62841-4-8:2025 Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín – Sábháilteacht – Cuid 4-8: Ceanglais ar leith maidir le mionghearrthóirí/meaisíní sliste EN IEC 62841-4-8:2025/A11:2025;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 401a agus 457a: 401a. EN 13155:2020+A1:2025 Craenacha – Sábháilteacht – Feistis ardaithe ualaí nach bhfuil daingnithe EN 13155:2020+A1:2025/AC:2026; 457a. EN 14439:2025 Craenacha – Craenacha túir EN 14439:2025/AC:2026.

Versions

  1. 2026-09-04