Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2073 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2026 lena bhformheastar maoluithe ar Rialachán (AE) 2026/467 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le coinníollacha incháilitheachta táirgí cosanta le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/2073@2026-09-11/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2026/467 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2026/467, tarraingeoidh an Úcráin sceideal suas le haghaidh gach gníomhaíochta, caiteachais nó birt a bhaineann le táirgí cosanta nó le táirgí eile chun críoch cosanta a bhfuil sé beartaithe aici cúnamh a iarraidh ina leith, chun tacú lena hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta, de bhun Airteagal 8(2), pointe (a)(iii) de Rialachán (AE) 2026/467.
(2) Leagfar amach sa sceideal sin tuairisc ar an táirge cosanta nó ar tháirge eile chun críoch cosanta agus faisnéis maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2026/467.
(3) Le hAirteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2026/467 bunaítear maoluithe ar choinníollacha incháilitheachta táirgí cosanta le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin. Tá an Coimisiún leis na maoluithe sin a fhormheas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus comhairle, saineolas agus tacaíocht ó Ghrúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine á gcur san áireamh, má fhaightear tuairim dhearfach ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin.
(4) An 18 Lúnasa 2026, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2026/467, chuir an Úcráin sceideal táirgí faoi bhráid an Choimisiúin (an 19ú sceideal táirgí), sceideal a aicmítear ar leibhéal atá coibhéiseach le RESTREINT UE/EU RESTRICTED i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún, a bhaineann le dróin bheaga (na táirgí cosanta lena mbaineann).
(5) Maidir leis na táirgí cosanta lena mbaineann, d’iarr an Úcráin tairbhiú den mhaolú a leagtar síos in Airteagal 13(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2026/467, i leith chostas chomhpháirteanna na dtáirgí sin, nach de thionscnamh an Aontais, Stáit CSTE LEE ná na hÚcráine iad, a leagtar amach in Airteagal 13(4), pointe (g) den Rialachán sin.
(6) Chun tacú lena hiarraidh, chuir an Úcráin faisnéis ar fáil chun a léiriú go raibh géarghá aici leis na táirgí cosanta lena mbaineann chun freagairt do chogadh foghach na Rúise. D’áitigh an Úcráin go háirithe a thábhachtaí atá na táirgí sin i gcomhthéacs ionsaithe treisithe na Rúise ar spriocanna sibhialtacha agus ar bhonneagar criticiúil, uas-scálú acmhainneacht mhonaraíochta na Rúise, agus an tslógtha bhreise pearsanra mhíleata a mheastar a dhéanfaidh an Rúis. Tá an brú sin ann i dteannta an easnaimh maidir le cúnamh cosanta don Úcráin mar gheall ar an laghdú ar thacaíocht dhéthaobhach ó thíortha comhpháirtíochta in 2026. Dá bhrí sin, leis na táirgí cosanta lena mbaineann, chuirfí ar a cumas don Úcráin cur i gcoinne ionsaithe treisithe na Rúise ina cogadh foghach, cosaint fheabhsaithe an bhonneagair shibhialtaigh agus chriticiúil a áirithiú, agus táirgí a fháil atá fíor-riachtanach ar leibhéal oibríochtúil agus straitéiseach.
(7) Chuir an Úcráin faisnéis ar fáil freisin chun a léiriú nach bhfuil aon táirge coibhéiseach ann a fhreastalaíonn ar a géarghá, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(4), pointe (g), de Rialachán (AE) 2026/467 agus a bheadh ar fáil ar an scála is gá. Is ábhartha a bhreithniú go bhfuil an Úcráin ag soláthar, i nós imeachta comhthreomhar, roinnt córais chosanta choibhéiseacha agus táirgí cosanta coibhéiseacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(4), lena n-áirítear na ceanglais maidir le costas comhpháirteanna. Mhínigh an Úcráin, maidir leis an soláthar táirgí lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais oibríochtúla, i gcomhréir le hAirteagal 13(4), pointe (g) den Rialachán, le haghaidh an chineáil shonraigh drón beag, go bhfuil an soláthar sin ídithe agus nach mbeadh soláthróirí malartacha in ann táirgí a sheachadadh ar an scála is gá chun freastal ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine.
(8) Maidir le haga seachadta na dtáirgí cosanta lena mbaineann, mhaígh an Úcráin go mbeadh sé i gcomhréir le práinn na staide agus le riachtanais oibríochtúla láithreacha na hÚcráine. Beartaítear leis an sceideal táirgí agaí seachadta gearra, agus meastar go mbeidh na táirgí uile seachadta faoi dheireadh 2026.
(9) An 26 Lúnasa 2026, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine, arna bhunú ar bhonn Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2026/467, maidir leis an iarraidh ón Úcráin ar mhaolú, agus fuair sé comhairle uaidh an dáta céanna.
(10) I bhfianaise na n-imthosca thuasluaite, agus an chomhairle ó Ghrúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine á cur san áireamh, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an maolú a leagtar síos in Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2026/467. Dá bhrí sin, ba cheart an maolú a d’iarr an Úcráin an 18 Lúnasa 2026 a fhormheas.
(11) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2026/467.
(12) I bhfianaise a phráinní atá sé don Úcráin na táirgí lena mbaineann a sholáthar agus chun gur féidir an maolú a chur chun feidhme go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Formheasann an Coimisiún úsáid na maoluithe i gcomhréir le hAirteagal 13(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2026/467 mar a d’iarr an Úcráin sa 19ú sceideal táirgí a fuair an Coimisiún an 18 Lúnasa 2026.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2026. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen