Gelex

Cinneadh (CBES) 2026/2198 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2026 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

In forceVersion 2026-09-28
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/2198@2026-09-28/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 3 Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/354/CBES, lenar leanadh ar aghaidh le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) ón 1 Iúil 2013.

(2) An 30 Aibreán 2025, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh chomhordaithe ar Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) agus ar Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS), chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur le sainordú an dá mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2027.

(3) Sna conclúidí uaithi an 19 Márta 2026, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach, inter alia, tiomantas an Aontais Eorpaigh don dlí idirnáisiúnta agus do shíocháin chuimsitheach chóir mharthanach atá bunaithe ar réiteach an dá stát. D’athdhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé réidh le hobair a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh chun Deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus d’iarr sé go gcuirfeadh na páirtithe uile an sos comhraic agus gach foráil eile de Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme ina n-iomláine, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le prionsabail idirnáisiúnta pholaitiúla agus dhlíthiúla.

(4) An 29 Meitheamh 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/1466, lenar cuireadh síneadh 3 mhí le sainordú EUPOL COPPS go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.

(5) Agus faisnéis a sholáthair Iosrael agus Údarás na Palaistíne á cur san áireamh, ba cheart síneadh 9 mí a chur le EUPOL COPPS.

(6) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/354/CBES a leasú dá réir sin.

(7) Cuirfear EUPOL COPPS i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES mar a leanas: (1) in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: Is é EUR 13073635,90 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. ; (2) in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027..

Airteagal 1

(1) in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: Is é EUR 13073635,90 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. ;

(2) in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027..

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2026. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Heydon

Versions

  1. 2026-09-28