Cinneadh (CBES) 2026/915 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 22 Aibreán 2026 maidir le Ceann Misin ar Mhisean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (EUPM Moldova/1/2026) a cheapadh
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/decision/2026/915@2026-04-22/ga
Contents
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an triú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/855 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova), agus go háirithe Airteagal 8(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 8(1) de Chinneadh (CBES) 2023/855, údaraíonn an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an triú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha maidir le rialú polaitiúil a fheidhmiú agus treoir straitéiseach Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) a dhéanamh, lena n-áirítear an cinneadh maidir le Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí).
(2) An 1 Aibreán 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/686, lena gcuirtear síneadh le sainordú Cosmin DINESCU mar Cheann Misin EUPM Moldova ón 25 Aibreán 2025 go dtí an 24 Aibreán 2026.
(3) An 23 Márta 2026, mhol an tArdionadaí go gceapfaí Kirsten JOPPE ina Ceann Misin EUPM Moldova ón 25 Aibreán 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027.
(4) Dá bhrí sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Kirsten JOPPE a cheapadh ina Ceann Misin EUPM Moldova ón 25 Aibreán 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, ceaptar Kirsten JOPPE ina Ceann Misin ar Mhisean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) ón 25 Aibreán 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 25 Aibreán 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Aibreán 2026. Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála An Cathaoirleach L. Mandel Vensild