Gelex

Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta Lucsamburg C/2025/650

Version 2025-01-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Not the law itself: Notice

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/notice/C/2025/650/oj@2025-01-21/ga

Contents
  1. Preamble
  2. (17) Tábla 1: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean Lucsamburg
  3. (18) Tábla 2: Forbairtí maidir le fiachas agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean Lucsamburg
  4. ANNEX
  5. IARSCRÍBHINN I Uasrátaí fáis glanchaiteachais (rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
  6. Lucsamburg

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme, agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát, is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis.

(2) Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát sin aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3) Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

(5) An 15 Deireadh Fómhair 2024, chuir Lucsamburg a phlean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair Lucsamburg.

(6) Bhí Lucsamburg incháilithe chun faisnéis theicniúil a fháil i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1263 ach níor iarr sé í. An 21 Meitheamh 2024, sholáthair an Coimisiún do Lucsamburg na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáideadh sa chreat réamh-mheastacháin fiachais meántéarmach rialtais, dá dtagraítear in Aithris (25) de Rialachán (AE) 2024/1263, agus d’fhoilsigh sé iad an 15 Deireadh Fómhair 2024.

(7) I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh Lucsamburg agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar na toimhdí bunúsacha (go háirithe fás féideartha agus an díbhoilsceoir praghsanna OTI), chomh maith leis an soláthar atá beartaithe maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir digiteach agus glas, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus neartú na gcumas cosanta.

(8) I gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus 36(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a chuir Lucsamburg ar fáil ina phlean, chuaigh Lucsamburg i mbun próiseas comhairliúcháin go tráthrialta leis na comhpháirtithe sóisialta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. De réir na faisnéise a chuir Lucsamburg ar fáil ina phlean, i mí Iúil 2024, sa chruinniú is déanaí leis na comhpháirtithe sóisialta, rinneadh malartuithe faoi Thuarascáil Tíre 2024 do Lucsamburg, faoi mholtaí tírshonracha 2024 agus faoi na modhnuithe a bhaineann leis an gcreat nua rialachais eacnamaíoch.

(9) Cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta an 15 Deireadh Fómhair.

(10) An 15 Deireadh Fómhair, thíolaic Lucsamburg a Dhréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024.

(11) An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid Lucsamburg i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(12) I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

(13) Tháinig laghdú 1,1 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i Lucsamburg in 2023, arbh é ba chúis leis rannchuidiú diúltach le fás glan-onnmhairí agus crapadh san infheistíocht. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 1,2 % ar an ngeilleagar in 2024, de dhroim méadú ar an éileamh intíre agus rannchuidiú dearfach ó ghlan-onnmhairí. In 2025, tiocfaidh méadú 2,3 % ar fhíor-OTI, le tacaíocht ó sheasamh fioscach leathnaitheach, rátaí úis ag titim - rud atá mar bhonn taca leis an infheistíocht -, agus feabhas a chur ar an timpeallacht sheachtrach. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 2,2 % ar fhíor-OTI, ós rud é go meastar go dtiocfaidh laghdú ar an móiminteam de dheasca éileamh intíre níos ísle. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024–2026), meastar go mbainfidh fás OTI féideartha buaicphointe amach i Lucsamburg ag 2,0 % d’fhás bliantúil, mar gheall ar luasmhoilliú ar an daonra in aois oibre agus ar mheán-uaireanta oibre. Ba é 5,2 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 6,0 % a bheidh ann in 2024 agus 6,0 % in 2025 agus 5,8 % in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 3,4 % in 2023 go 3,9 % in 2024, agus go sroichfidh sé 3,0 % in 2025 agus 2,9 % in 2026.

(14) Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta Lucsamburg 0,7 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go laghdóidh sé go heasnamh 0,6 % de OTI in 2024 agus meastar go méadóidh sé go 0,8 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, meastar go laghdóidh sé go 0,6 % in 2026. Le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, cuimsítear dréachtbhuiséad Lucsamburg le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 25,5 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh-2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 27,5 % de OTI ag deireadh 2024. Táthar ag tuar go gcobhsóidh sé ar an mórgóir 27,6 % de OTI ag deireadh 2025 agus 27,5 % de OTI go dtí deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha go dtí go mbíonn gníomhaíochtaí beartais coincréiteacha, a fhógraítear go hinchreidte agus a shonraítear go leormhaith, mar bhonn taca fúthu.

(15) Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta Lucsamburg cumhdaítear an tréimhse 2025–2029 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.

(16) Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(17) Tábla 1: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean Lucsamburg

Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 1, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,9 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2029. Tuairiscítear go n-eascróidh comhardú príomha struchtúrach 0,4 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh méadú seasta ar fhás OTI féideartha ó 1,5 % in 2024 go 2,1 % in 2029. Ina theannta sin, tá coinne leis sa phlean go dtiocfaidh méadú ar ráta fáis an díbhoilsceora OTI ó 1,7 % in 2024 go 3,1 % in 2025 agus 2026, agus go n-ísleoidh sé ansin ag 1,9 % in 2027 sula bhfillfidh sé ar thart ar 2,5 % in 2028 agus 2029. Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach Lucsamburg agus ríomhanna ón gCoimisiún. 2024 2025 2026 2027 2028 2029 Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2029 An meán i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025–2028 Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %) 8,0 5,8 4,7 3,8 5,4 4,7 4,9 4,9 Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %) 8,0 14,2 19,6 24,1 30,8 36,9 n/b n/b Fás féideartha OTI (%) 1,5 1,7 1,8 1,9 2,0 2,1. 1,9 1,9 Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%) 1,7 3,1 3,1 1,9 2,6 2,5 2,6 2,7

(18) Tábla 2: Forbairtí maidir le fiachas agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean Lucsamburg

Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean mar aon leis na toimhdí bunúsacha i gcrích, thiocfadh laghdú de réir a chéile ar fhiachas rialtais ghinearálta, de réir an phlean, ó 27,5 % in 2024 go 26,0 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an gcóimheas fiachais de réir an phlean agus gur in 2032 is ísle a bheidh sé, ag 25,4 % de OTI, sula dtosóidh sé ag méadú de réir a chéile agus go mbainfidh sé buaicphointe 26 % de OTI amach faoi 2038. Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach Lucsamburg. 2023 2024 2025 2026 2027 2028 2029 2038 Fiachas rialtais (% de OTI) 25,5 27,5 27,5 27,2 26,7 26,0 25,6 26,0 Comhardú rialtais (% de OTI) -0,7 -0,6 -0,6 -0,5 -0,3 -0,4 -0,2 -2,1 Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá an chonair ghlanchaiteachais a luaitear sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

(19) Bunaithe ar chonair ghlanchaiteachais agus toimhdí an phlean, laghdódh easnamh rialtais ghinearálta ó 0,6 % in 2025 go 0,4 % de OTI in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le heasnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2).

(20) Tá an plean bunaithe ar thacar toimhdí atá éagsúil letoimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh seacht n-athróg, eadhon an túsphointe (an comhardú príomha struchtúrach in 2024), fás féideartha OTI, fás díbhoilsceora OTI, coigeartú sreabhaidh i leith stoic, fíor-OTI, ráta úis intuigthe ainmniúil, agus dúnadh na bearna aschuir. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin idir toimhdí chun a áirithiú go mbeidh argóintí eacnamaíocha atá fónta agus sonraíbhunaithe mar bhonn taca leo, go háirithe ós rud é nach bhfuil an meánfhás glanchaiteachais a chumhdaítear sa phlean chomh dian céanna leis an gceann a d'eascair as toimhdí an Choimisiúin. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach diall a bhreithnítear ina aonar. Níl tionchar mór ag na difríochtaí atá fágtha ar mheánfhás an ghlanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é toradh na ndifríochtaí uile le chéile uasteorainn fáis theoiriciúil ghlanchaiteachais atá níos mó ná an méid ba ghá bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin ó earrach 2024. Ina phlean, geallann Lucsamburg conair ghlanchaiteachais atá níos ísle ná an uasteorainn theoiriciúil sin. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfaidh sé amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais. (1) Glactar leis sa phlean go mbeadh barrachas +1,1 % de OTI in 2024 ag an gcomhardú príomha struchtúrach i gcomparáid le barrachas +0,1 % de OTI in 2024 bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh 2024. Tá sonraí fioscacha níos déanaí mar bhonn taca leis an seasamh tosaigh a glacadh ar bhealach níos fearr in 2024, ina nglactar leis sa phlean go mbeadh easnamh -0,6 % de OTI in 2024 i gcomhardú rialtais ghinearálta i gcomparáid leis an toimhde go mbeadh easnamh -1,7 % de OTI in 2024 ann a tarchuireadh chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh. Tá sé sin i gcomhréir le réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. (2) Glactar leis sa phlean go mbeidh fás 2,7 % ar an díbhoilsceoir OTI ar an meán le linn na tréimhse coigeartúcháin i gcomparáid leis an toimhde go mbeidh meánfhás 2,5 % ann a tharchuirfear chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh. Is í oifig staidrimh náisiúnta Lucsamburg (STATEC) a chuir ar fáil na réamh-mheastacháin maidir le fás díbhoilsceora OTI a úsáidtear sa phlean agus tá siad bunaithe ar shonraí maicreacnamaíocha níos déanaí. Is cosúil go bhfuil na réamh-mheastacháin le haghaidh 2025 agus 2026 araon inchreidte. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Glactar leis sa phlean go mbeadh barrachas +1,1 % de OTI in 2024 ag an gcomhardú príomha struchtúrach i gcomparáid le barrachas +0,1 % de OTI in 2024 bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh 2024. Tá sonraí fioscacha níos déanaí mar bhonn taca leis an seasamh tosaigh a glacadh ar bhealach níos fearr in 2024, ina nglactar leis sa phlean go mbeadh easnamh -0,6 % de OTI in 2024 i gcomhardú rialtais ghinearálta i gcomparáid leis an toimhde go mbeadh easnamh -1,7 % de OTI in 2024 ann a tarchuireadh chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh. Tá sé sin i gcomhréir le réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh fás 2,7 % ar an díbhoilsceoir OTI ar an meán le linn na tréimhse coigeartúcháin i gcomparáid leis an toimhde go mbeidh meánfhás 2,5 % ann a tharchuirfear chuig Lucsamburg an 21 Meitheamh. Is í oifig staidrimh náisiúnta Lucsamburg (STATEC) a chuir ar fáil na réamh-mheastacháin maidir le fás díbhoilsceora OTI a úsáidtear sa phlean agus tá siad bunaithe ar shonraí maicreacnamaíocha níos déanaí. Is cosúil go bhfuil na réamh-mheastacháin le haghaidh 2025 agus 2026 araon inchreidte. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

(21) De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a chomhlíonadh go príomha trí fhás caiteachais a shrianadh agus trína áirithiú go bhfanfaidh fás ioncaim os cionn fhás an chaiteachais. Déanfar sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha a dheimhniú nó a choigeartú agus a chainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá rioscaí ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, a eascraíonn as an bhfaisnéis maidir leis na bearta sonracha atá mar bhonn taca leis an straitéis fhioscach nach bhfuil mionsonraithe go hiomlán sa phlean. Ina theannta sin, sonraítear sa Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 go meastar go dtiocfaidh moill ar fhás glanchaiteachais i ndáil leis an laghdú ar bhrú praghsanna, rud atá ina thosca tábhachtach chun fás caiteachais i Lucsamburg a chinneadh, i bhfianaise shásra an innéacsaithe uathoibríoch maidir le boilsciú a bhfuil feidhm aige maidir le sciar mór den chaiteachas poiblí.

(22) Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Áirítear sa phlean beagnach 90 athchóiriú agus infheistíocht, a bhfaigheann os cionn 10 gcinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a gcomhlánaítear cuid acu le cistí an bheartais chomhtháthaithe.

(23) Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cothrom glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, áirítear sa phlean bearta éagsúla mar shampla infheistíocht a dhéanamh san fhuinneamh in-athnuaite (a mholtar in 2022, 2023 agus 2024), cur in úsáid painéal fótavoltach a chur chun cinn, agus tacaíocht an rialtais do phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh. Deimhnítear sa phlean tacaíocht na n-údarás don Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nuashonraithe. Ina theannta sin, agus é á aithint gurb é an t-iompar an rannchuiditheoir is mó atá ag Lucsamburg le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, leagtar béim sa phlean ar an iompar a dhícharbónú (a moladh in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024), trí leictriú, trí úsáid fuinnimh in-athnuaite, agus trí bhonneagar feabhsaithe iompair phoiblí, lena n-áirítear infheistíochtaí sna líonraí iarnróid, trambhealaigh agus bus. Tugann na tionscnaimh sin aghaidh go díreach ar an aistriú aeráide agus ar chuspóirí slándála fuinnimh. Is é is aidhm do na bearta infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glasa agus i mbonneagar fuinnimh inbhuanaithe a mhéadú, ar teicneolaíochtaí agus bonneagar iad atá ríthábhachtach do Lucsamburg chun a spriocanna náisiúnta agus a spriocanna atá sainithe ag an Aontas a bhaint amach.

(24) Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear sa phlean bearta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inacmhainneachta agus infhaighteachta tithíochta atá níos measa mar gheall ar fhás tapa an daonra arna spreagadh ag dinimic láidir sa mhargadh saothair. Áirítear ar ghníomhaíochtaí sonracha an soláthar tithíochta a mhéadú (a moladh in 2019, 2020, 2023 agus 2024) trí nósanna imeachta pleanála simplithe agus obair leanúnach ar athchóiriú cánacha maoine, imeacht ó chánachas maoine athfhillteach atá bunaithe ar idirbhearta agus cáin nua a thabhairt isteach ar thalamh intógála nár úsáideadh. Ina theannta sin, cuireann na bearta comhionannas chun cinn sa chóras oideachais agus béim á leagan ar oideachas ilteangach cuimsitheach lena n-áirithítear comhdheiseanna do gach mac léinn, agus aghaidh á tabhairt ar mholtaí in 2022, 2023 agus 2024 chun tionchar na n-éagothromaíochtaí ar fheidhmíocht na ndaltaí a laghdú. I measc na mbeart tá infheistíochtaí leanúnacha i dtaighde oideachais, timpeallachtaí foghlama nuálacha, agus córas tacaíochta treisithe don oideachas cuimsitheach. Mar shampla, tríd an Dlí nua do mhic léinn nuathagtha, a bhfuil sé mar aidhm aige aistriú rianúil a chur ar fáil do dhaltaí nua agus dá dteaghlaigh, agus trí chur chuige nua a thabhairt isteach maidir le hoideachas matamaitice i gcomhthéacs ilteangach. Áirítear sa phlean beart amháin chun ráta fostaíochta oibrithe scothaosta a mhéadú trí dheiseanna fostaíochta feabhsaithe (a moladh in 2019). D’fhéadfadh tionscnaimh mar shampla uas-sciliú agus athsciliú leanúnach an lucht saothair, agus síneadh a chur leis an tairiscint ghairmoiliúna (a moladh in 2019, 2023 agus 2024), rannchuidiú go dearfach.

(25) Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na slándála fuinnimh, áirítear sa phlean infheistíochtaí suntasacha i mbonneagar fuinnimh, lena n-áirítear cumais nua eangaí leictreachais a fhorbairt mar shampla líne idirnaisc nua 380 kV idir an Ghearmáin agus Lucsamburg agus bonneagar hidrigine a chur chun cinn. Mar shampla, tríd an ngrúpa Eorpach um leas eacnamaíoch Grande Région Hydrogen, le tionscadal a bhaineann le líonra píblíne hidrigine 100 km a thógáil bunaithe ar bhonneagar iompair gáis nádúrtha 70 km. Tá coinne leis go mbeidh an líonra dáileacháin sin ag feidhmiú faoi 2027. Tá na bearta sin ailínithe leis na moltaí in 2022, 2023 agus 2024 maidir le hathléimneacht an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, agus ag an am céanna rannchuidiú leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tá na hinfheistíochtaí ríthábhachtach chun tacú le hathruithe eacnamaíocha agus déimeagrafacha Lucsamburg agus le leictriú leathan earnálacha éagsúla.

(26) Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na gcumas cosanta, cuirtear i dtábhacht sa phlean claochlú Arm Lucsamburg chun freagairt níos fearr ar na dúshláin gheopholaitiúla atá ann faoi láthair, lena n-áirítear cumais mhíleata a fhorbairt i réimsí na heitlíochta, na cibearshlándála agus an spáis. Thairis sin, tugtar tús áite do chathlán dénáisiúnta idir an Bheilg agusLucsamburg a bhunú le haghaidh aitheantas comhraic agus do thionscadail atá dírithe ar athléimneacht shochaíoch.

(27) Ina theannta sin, áirítear sa phlean bearta beartais eile a théann níos faide ná tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, lena n-áirítear bearta chun tacú le hardbheartais taighde, forbartha agus nuálaíochta (a moladh in 2019, 2020 agus 2024) trí pháirc eolaíochta agus teicneolaíochta a bhunú, trí scéimeanna cabhrach a athnuachan le haghaidh T&F agus nuálaíochta, agus trí chomhoibriú poiblí-príobháideach a chothú. Is é is aidhm do na tionscnaimh sin iomaíochas agus táirgiúlacht Lucsamburg a fheabhsú trí dhíriú ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar thionscnaimh dhigitithe do FBManna, rud a rannchuideoidh le haistrithe córa glasa agus digiteacha araon.

(28) Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta (RRP) Lucsamburg. D’áirithigh an rialtas go dtacaíonn na tionscnaimh atá liostaithe le hiarrachtaí leanúnacha faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, go háirithe i réimsí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, chomh maith leis an gcomhtháthú sóisialta.

(29) Is é is aidhm don phlean rannchuidiú chun riachtanais infheistíochta poiblí Lucsamburg a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais a chomhlíonadh. Maidir leis an aistriú glas, sainaithnítear ann infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh in-athnuaite agus i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh. Maidir le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, leagtar béim ann ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach san oideachas, i mbearta comhtháthaithe shóisialta, agus i soláthar tithíochta méadaithe. Tá riachtanais slándála fuinnimh dírithe ar uasghrádú a dhéanamh ar an eangach fuinnimh agus ar bhonneagar hidrigine. Maidir le cumais chosanta, leagann sé béim ar an ngá atá le caiteachas míleata feabhsaithe agus déanann sé foráil maidir le méadú ar an mbuiséad cosanta i dtreo iarracht chosanta 2 % OIN a bhaint amach faoi 2030, i gcomhréir le gealltanais ECAT.

(30) Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean Lucsamburg ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(31) Is díol sásaimh don Chomhairle plean struchtúrach fioscach meántéarmach Lucsamburg agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(32) Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(33) Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, is díol sásaimh don Chomhairle freisin go raibh na páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta sular tíolacadh an plean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(34) Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh Lucsamburg réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(35) Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(36) Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(37) Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ó Lucsamburg ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(38) I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh do Lucsamburg.

AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh Lucsamburg mar a leanas: a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. Domański

ANNEX

Grp. lucsamburg. Blianta 2025 2026 2027 2028 2029 Rátaí fáis (%) Gach bliain 5,8 4,7 3,8 5,4 4,7 Carnacha 14,2 19,6 24,1 30,8 36,9

IARSCRÍBHINN I Uasrátaí fáis glanchaiteachais (rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

Lucsamburg

Blianta 2025 2026 2027 2028 2029 Rátaí fáis (%) Gach bliain 5,8 4,7 3,8 5,4 4,7 Carnacha 14,2 19,6 24,1 30,8 36,9

Versions

  1. 2025-01-21