Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1863 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2024 lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht le haghaidh an Táisc Gheografaigh faoi Chosaint Lisboa
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/regulation/2024/1863@2024-06-28/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Scriosadh Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i measc nithe eile, Airteagail 96 go 99 agus Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143, leanfaidh Airteagail 96 go 99 agus Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 de bheith infheidhme maidir leis na hiarratais ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge tásc geografach a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 13 Bealtaine 2024.
(2) I gcomhréir le hAirteagal 97(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcomhar le hAirteagal 105 den Rialachán sin, mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus i gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint Lisboa, a chuir an Phortaingéil ar aghaidh.
(3) Tá an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
(4) Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
(5) I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, de réir mar is infheidhme de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/2117, tá feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cinntí a bhaineann le hiarratais ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge a fuair an Coimisiún roimh an 7 Nollaig 2021.
(6) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm Lisboa (TGFC), formheastar leis seo é.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2024. Thar ceann an Choimisiúin Thar ceann an Uachtaráin Janusz WOJCIECHOWSKI Comhalta den Choimisiún