Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1877 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Cochinillo de Segovia (TGFC))

In forceVersion 2024-07-01from 2024-07-28
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/regulation/2024/1877@2024-07-01/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 de bheith infheidhme maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhair freasúra roimh an 13 Bealtaine 2024.

(2) I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm Cochinillo de Segovia mar thásc geografach faoi chosaint a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(3) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm Cochinillo de Segovia a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo, tá an t-ainm Cochinillo de Segovia (TGFC) cláraithe.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2024. Thar ceann an Choimisiúin, Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2024-07-01