Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/445 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2024 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Aydın Memecik Zeytinyağı (ATFC))
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/regulation/2024/445@2024-01-29/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun mhír 2(a) d’Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Tuirc ar chlárú an ainm Aydın Memecik Zeytinyağı a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(2) Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, tá an t-ainm, Aydın Memecik Zeytinyağı foilsithe anois,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Tá an t-ainm Aydın Memecik Zeytinyağı (ATFC) cláraithe leis seo. Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.5. Geireacha (im, margairín, olaí, etc.) d’Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024. Thar ceann an Choimisiúin, Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún