Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2004 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2833 a mhéid a bhaineann le maoluithe ar fhaisnéis trádála laistigh den Aontas agus faisnéis clibeála áirithe a thuairisciú, agus le meáchan tuinníní gorma aonair a chinneadh
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/regulation/2025/2004@2025-10-06/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010, agus go háirithe Airteagal 14(1)(e) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is páirtí sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (ICCAT) é an tAontas, ós rud é go ndearna sé an t-aontachas do Choinbhinsiún ICCAT a fhormheas de bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle.
(2) Glacann ICCAT bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a chosaint. Tá bearta den sórt sin ina gceangal ar an Aontas.
(3) Ó glacadh Rialachán (AE) 2023/2833, tá moladh 24-16 i ndáil le cur i bhfeidhm an chláir leictreonaigh maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm glactha ag ICCAT ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2024. Áirítear i Moladh 24-16 ó ICCAT forálacha lena ndéantar maoluithe buana de mhaoluithe sonracha ar fhaisnéis trádála laistigh den Aontas agus faisnéis clibeála áirithe a thuairisciú, agus le meáchan tuinníní gorma aonair a chinneadh, i bhfianaise an ualaigh riaracháin iomarcaigh agus na ndifríochtaí ó thaobh cóireála de a eascraíonn as na ceanglais sin maidir le bailíochtú.
(4) Thairis sin, le Moladh 24-16 ó ICCAT, maidir leis an modh lena gcinntear laistigh den Aontas, garmheáchan iasc aonair laistigh den ghabháil a luaithe a dhíluchtaítear í, tugtar an modh sin i gcomhréir leis na cleachtais atá ann faoi láthair, ós rud é go ndéantar gach iasc a thugtar i dtír a mheá agus nach bhfuil gá le sampláil chun meánmheáchan tuinníní gorma aonair a thugtar i dtír a chinneadh.
(5) Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/2833 a leasú dá réir sin.
(6) Ós rud é go mbíonn tionchar díreach ag na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2833
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2833 mar a leanas: Para. 004. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme an mhaolaithe sin. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoin bhfíorú a dhéanfaidh na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 9, faisnéis faoi thorthaí an fhíoraithe sin agus sonraí faoi na himeachtaí trádála lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis staidrimh ábhartha, amhail an méid tuinníní gorma agus líon na dtrádálacha a chumhdaítear leis an maolú sin. (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4): ; Para. 005. De mhaolú ar mhír 4, pointe (b)(v), den Airteagal seo, i gcás an iascaigh sin atá faoi réir na maoluithe i ndáil le híosmhéid tagartha caomhnaithe faoi Rialachán (AE) 2023/2053, féadfaidh na Ballstáit, ina ionad sin, garmheáchan iasc aonair laistigh den ghabháil a sholáthar a luaithe a dhíluchtaítear í, agus cinnfear an meáchan sin trí mheánluach mheáchan iomlán na ngabhálacha a thugtar i dtír a ríomh i gcoibhneas leis an líon iasc aonair trí chéile. (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5): .
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4): ; Para. 004. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme an mhaolaithe sin. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoin bhfíorú a dhéanfaidh na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 9, faisnéis faoi thorthaí an fhíoraithe sin agus sonraí faoi na himeachtaí trádála lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis staidrimh ábhartha, amhail an méid tuinníní gorma agus líon na dtrádálacha a chumhdaítear leis an maolú sin.
1.
4. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme an mhaolaithe sin. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoin bhfíorú a dhéanfaidh na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 9, faisnéis faoi thorthaí an fhíoraithe sin agus sonraí faoi na himeachtaí trádála lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis staidrimh ábhartha, amhail an méid tuinníní gorma agus líon na dtrádálacha a chumhdaítear leis an maolú sin.
2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5): . Para. 005. De mhaolú ar mhír 4, pointe (b)(v), den Airteagal seo, i gcás an iascaigh sin atá faoi réir na maoluithe i ndáil le híosmhéid tagartha caomhnaithe faoi Rialachán (AE) 2023/2053, féadfaidh na Ballstáit, ina ionad sin, garmheáchan iasc aonair laistigh den ghabháil a sholáthar a luaithe a dhíluchtaítear í, agus cinnfear an meáchan sin trí mheánluach mheáchan iomlán na ngabhálacha a thugtar i dtír a ríomh i gcoibhneas leis an líon iasc aonair trí chéile.
2.
5. De mhaolú ar mhír 4, pointe (b)(v), den Airteagal seo, i gcás an iascaigh sin atá faoi réir na maoluithe i ndáil le híosmhéid tagartha caomhnaithe faoi Rialachán (AE) 2023/2053, féadfaidh na Ballstáit, ina ionad sin, garmheáchan iasc aonair laistigh den ghabháil a sholáthar a luaithe a dhíluchtaítear í, agus cinnfear an meáchan sin trí mheánluach mheáchan iomlán na ngabhálacha a thugtar i dtír a ríomh i gcoibhneas leis an líon iasc aonair trí chéile.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2025. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen