Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1710 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2642 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

In forceVersion 2026-07-13
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/regulation/2026/1710@2026-07-13/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/2642.

(2) Sna conclúidí uaithi an 18 agus an 19 Meitheamh 2026, cháin an Chomhairle Eorpach gach ionsaí hibrideach a rinneadh le déanaí ar an Aontas agus a Bhallstáit. I bhfianaise na bhfeachtas hibrideach leanúnach de chuid gníomhaithe naimhdeacha, go háirithe an Rúis agus an Bhealarúis, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí iarrachtaí breise a bhfuil práinn leo chun an athléimneacht a neartú, an ullmhacht a fheabhsú, bonneagar criticiúil a chosaint, agus ionsaithe hibrideacha a chosc, a dhíspreagadh agus a fhreagairt.

(3) Dearbhaíonn an tAontas an athuair go gcáineann sé gníomhaíochtaí mailíseacha na Rúise atá dírithe ar an Aontas, ar a Bhallstáit, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar thríú tíortha.

(4) I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart duine nádúrtha amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642.

(5) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/2642 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán K. Kallas

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2024/2642 faoin gceannteideal A. Daoine nádúrtha: Ainm Faisnéis aitheantais Ráiteas ar chúiseanna Dáta an liostaithe 80. Ivan Sergeevich KASYANENKO (Rúisis: Иван Сергеевич КАСЬЯНЕНКО) Feidhm: leas-cheannasaí ar agus oifigeach sinsearach de Sheirbhís Oibríochtaí Speisialta (SSD) GRU Grád: Leifteanant-Ghinearál Dáta breithe: 9.9.1975 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 773471856698 Is é Ivan Kasyanenko leas-cheannasaí ar Sheirbhíse Oibríochtaí Speisialta (SSD) GRU, a ghlac gnéithe áirithe d’Aonad 29155, agus is oifigeach sinsearach é a dhéanann maoirseacht ar oibríochtaí SSD. Tuigtear gur duine de phríomheagraí ghníomhaíochtaí Aonad 29155 a bhaineann leis an Afganastáin é, lena n-áirítear iarrachtaí líomhnaithe chun dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil d’ionsaithe atá dírithe ar na Stáit Aontaithe agus ar phearsanra na comhghuaillíochta idirnáisiúnta atá ag feidhmiú san Afganastáin, agus gur maoirseoir ar na gníomhaíochtaí sin freisin é. Chomhordaigh Ivan Kasyanenko na hoibríochtaí lenar tugadh an nimh Novichok do Sergei Skripal agus dá iníon, Yulia Skripal, in 2018 freisin. Ina theannta sin, tá baint aige le gníomhaíochtaí ceilte Rúiseacha a chomhordú san Eoraip, le líonraí an ghrúpa Wagner a bhainistiú agus a chomhtháthú san Afraic in 2023 agus le tionscnaimh um chomhar míleata teicniúil a bhfuil baint ag an Iaráin leo. Dá bhrí sin, tá Ivan Kasyanenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, tríd an mbonn a bhaint den ord poiblí agus den tsábháilteacht phoiblí, agus trí theacht i dtír ar choinbhleachtaí armtha, ar an éagobhsaíocht agus ar an neamhshlándáil. 13.7.2026

Versions

  1. 2026-07-13